Rialachas

Tagraíonn ‘rialachas’ do na rialacha agus do na freagrachtaí lena sainítear an dóigh a mbainistítear agus a dtreoraítear cuideachta. Ag brath ar mhéid, struchtúr nó gníomhaíochtaí do chuideachta, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort cloí le rialacha sonracha de chuid an Aontais sa réimse seo.

Chun tuilleadh comhionannais inscne a chinntiú san ionad oibre, ceanglaítear le rialacha an Aontais ar chuideachtaí móra liostaithe cothromaíocht inscne a fheabhsú sna seomraí boird.

Is féidir stiúrthóirí cuideachtaí san Aontas a chur faoi dhliteanas pearsanta i leith a gcuideachtaí. Cé go bhfuil a dlíthe cuideachtaí féin ag gach tír san Aontas, cinntítear le rialacha uile-Aontais go mbíonn íoschaighdeáin ann nach mór do ghnólachtaí cloí leo.

I gcás mórshuaitheadh sa slabhra soláthair, féadfaidh an tAontas bearta a ghníomhachtú faoin nGníomh um Éigeandálaí agus Athléimneacht sa Mhargadh Inmheánach (Gníomh ÉAMI). Leagtar amach sa chreat sin an dóigh a dtéann na húdaráis i mbun comhordúcháin le gnólachtaí agus an dóigh a gcuireann siad eolas ar fáil le linn géarchéime chun leanúnachas na slabhraí soláthair a chinntiú.

Last checked: 13/07/2026
Share this page