Ceanglais inrochtaineachta le haghaidh seirbhísí agus táirgí
Más soláthraí seirbhíse thú, nó más monaróir, iompórtálaí nó dáileoir táirgí thú, ba cheart duit eolas a chur ar rialacha an Aontais maidir le hinrochtaineacht. Is é is aidhm do na rialacha sin go mbeidh daoine faoi mhíchumas agus daoine eile a bhfuil srianta fisiceacha orthu (ina measc sin daoine scothaosta, mná torracha, agus daoine a bhfuil bagáiste á iompar acu) in ann do tháirge nó do sheirbhís a úsáid.
Samplaí de tháirgí agus seirbhísí atá faoi réir na rialacha inrochtaineachta
- Ríomhairí agus córais oibriúcháin
- Gléasanna cumarsáide amhail fóin chliste, táibléid, agus ríomhleabhair
- Trealamh digiteach teilifíse
- Uathmheaisíní bainc, teirminéil íocaíochta cárta, agus meaisíní seiceáil isteach
- Siopaí ar líne, ardáin ticéadaithe, agus seirbhísí baincéireachta.
Warning
Roghnaigh roinnt tíortha de chuid an Aontais cloí le caighdeáin an Aontais maidir le hinrochtaineacht foirgneamh agus maidir leis an timpeallacht thógtha. Más é sin a roghnaigh do thír féin, beidh ort a chur san áireamh a éasca atá sé rochtain a fháil ar limistéir amuigh faoin aer, ar bhealaí isteach, ar leithris, etc.Rialacha ginearálta inrochtaineachta
Ba cheart táirgí agus seirbhísí (agus aon uirlisí tacaíochta custaiméara nó lámhleabhair treorach a ghabhann leo) na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- a bheith oiriúnach lena n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas cognaíoch
- a bheith idir-inoibritheach le teicneolaíochtaí cúnta, amhail rialú gutha agus léitheoirí scáileáin
- roghanna éagsúla ionchuir agus aschuir a chur ar fáil (méarchlár, guth, tadhall, etc.)
- a bheith so-úsáidte, leagan amach comhsheasmhach a bheith orthu, agus nascleanúint loighciúil ag baint leo
- go leor ama a thabhairt chun tascanna a chur i gcrích
- íomhánna a spreagann taomanna (e.g. ábhar gealánach) a sheachaint
I gcásanna áirithe, tá rialacha sonracha breise maidir le hinrochtaineacht ann a bheidh ag brath ar do tháirge nó ar do sheirbhís.
Eisceachtaí
Tá feidhm ag na ceanglais sin maidir le táirgí agus seirbhísí a chuirtear ar an margadh tar éis an 28 Meitheamh 2025. Mar sin féin, déantar eisceachtaí maidir leis na cásanna seo a leanas:
- táirgí agus seirbhísí a tháinig isteach sa mhargadh le linn na hidirthréimhse go dtí na rialacha nua
- teirminéil féinseirbhíse a bhí in úsáid roimh an 28 Meitheamh 2025 (tá an eisceacht seo bailí go ceann 20 bliain ar a mhéad tar éis di teacht in úsáid den chéad uair)
- gnó seirbhísbhunaithe ag a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí agus láimhdeachas faoi bhun €2 mhilliún.
Tá gach gnólacht i dteideal a mhaíomh gur ualach díréireach atá sna hoibleagáidí. Chun an maíomh sin a dhéanamh, ní mór duit fianaise a chur ar fáil, rud a ndéanfar athbhreithniú air gach 5 bliana, go bhfuil an costas nó an iarracht chun comhlíonta iomarcach.
Measúnú comhréireachta
Ní mór duit dearbhú a chur ar fáil do na húdaráis lena ndeimhnítear go gcomhlíonann do tháirgí ceanglais an Aontais maidir le hinrochtaineacht. Beidh ort cur síos a dhéanamh freisin ar do tháirge nó do sheirbhís, ina míníonn tú an chaoi a gcomhlíonann sé/sí na ceanglais, chomh maith leis na nósanna imeachta teicniúla agus deartha a úsáidtear ag céim na monaraíochta/an táirgthe.
Scéal samplach
Ticéad ceolchoirme a chur in áirithe
Is leatsa mórshuíomh gréasáin ticéadaithe. Téann Simon, a bhfuil disléicse air, chuig do shuíomh chun ticéid a chur in áirithe le haghaidh ceolchoirme. Rinne do dhearthóirí grafaicí deimhin de an t-ardán a dhearadh ionas go mbeidh eilimintí an leathanaigh an-soiléir. Tá íomhá ar an suíomh freisin a thaispeánann leagan amach na n-ionad éagsúil, agus déantar na suíocháin a dhathchódú de réir a n-infhaighteachta. Cliceálann Simon ar na suíocháin atá sé a iarraidh. Tugann sé faoi deara freisin go gcuireann do shuíomh rogha fuaime ar fáil, ach tá an téacs inrochtana go leor nach gá dó í a úsáid.
Féach freisin