Cuntais bhainc san Aontas Eorpach

An ceart chun bunchuntais bainc

B’fhéidir gur mhaith leat nó gur ghá duit cuntas bainc a oscailt i do thír bhaile nó i dtír eile den Aontas.

Má tá cónaí ort go dleathach i dtír den Aontas, tá tú i dteideal ‘bunchuntas íocaíochta’ a oscailt. Ní féidir le banc diúltú do d’iarratas ar bhunchuntas íocaíochta díreach toisc nach bhfuil cónaí ort sa tír ina bhfuil an banc lonnaithe.

Warning

Níl feidhm ag an gceart sin maidir le cineálacha eile cuntais bainc, amhail cuntais choigiltis.

Cathain is féidir le bainc bunchuntas íocaíochta a dhiúltú duit

Is féidir cuntas a dhiúltú duit mura gcomhlíonann túrialacha an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta Open as an external link .

I roinnt tíortha den Aontas, d’fhéadfadh sé go ndiúltófaí bunchuntas bainc duit má tá cuntas den sórt sin agat cheana féin le banc eile sa tír chéanna.

Má tá tú ag cur isteach ar bhunchuntas íocaíochta lasmuigh den tír ina bhfuil cónaí ort, d’fhéadfadh bainc i roinnt tíortha san Aontas iarraidh ort do spéis dháiríre a chruthú chuige sin – mar shampla má tá cónaí ort i dtír amháin ach má tá tú ag obair i dtír eile.

Gnéithe de bhunchuntas

Is éard is ‘bunchuntas íocaíochta’ ann cuntas a chumhdaíonn gnáth-idirbhearta a úsáideann tú sa saol laethúil, amhail:

  • taiscí a dhéanamh
  • airgead tirim a thógáil amach
  • íocaíochtaí a fháil agus a dhéanamh (mar shampla, dochair dhíreacha agus ceannacháin le cárta)

Ba cheart cárta íocaíochta a bheith san áireamh freisin, rud is féidir leat a úsáid chun airgead tirim a thógáil amach agus ceannacháin a dhéanamh, ar líne agus i siopaí araon.

I gcás ina mbeidh sí ar fáil, ba cheart don bhanc rochtain ar sheirbhísí baincéireachta ar líne a chur san áireamh le do chuntas. Mar sin féin, ní gá rótharraingt ná saoráid chreidmheasa a chur ar fáil duit i gcónaí.

I roinnt tíortha san Aontas, d’fhéadfadh sé go ngearrfadh do bhanc táille bhliantúil ort as an mbunchuntas íocaíochta. Ba cheart an táille sin a bheith réasúnta i gcónaí.

Scéal samplach

Ní gá duit cónaí a bheith ort i dtír den Aontas chun cuntas a bheith agat sa tír sin

Thosaigh Sándor ag obair le cuideachta atá lonnaithe sa tSlóivéin agus lean sé de bheith ina chónaí san Ungáir. Chinn sé gur mhaith leis cuntas bainc sa tSlóivéin a bheith aige lena úsáid le haghaidh costais laethúla, in éineacht lena chuntas bainc Ungárach.

D’aimsigh sé banc Slóivéanach gar dá áit oibre agus d’iarr sé bunchuntas a oscailt. Cheadaigh an banc dó cuntas a oscailt cé nach bhfuil sé ina chónaí sa tSlóivéin.

Ní féidir leis na bainc bunchuntas a dhiúltú duit toisc nach bhfuil cónaí ort sa tír.

Eolas faoi tháillí

Sula n-osclóidh tú do chuntas, ba cheart don bhanc doiciméad a thabhairt duit ina dtaispeántar na seirbhísí is tábhachtaí a chuirtear ar fáil leis an gcuntas agus aon táillí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ort a íoc. Tugtar ‘doiciméad faisnéise maidir le táillí’ air sin. Is féidir leat é a úsáid chun costas cuntas i mbainc éagsúla a chur i gcomparáid le chéile.

Ní mór do do bhanc ráiteas a thabhairt duit uair sa bhliain ar a laghad ina mínítear na táillí a tabhaíodh ar do chuntas bainc. Ba cheart eolas a thabhairt sa ‘doiciméad faisnéise maidir le táillí’ freisin faoi na rátaí úis a chuirtear i bhfeidhm ar do chuntas.

Warning

Faoi rialacha an Aontais, ní féidir le bainc níos mó a ghearradh ort as airgead tirim a aistarraingt i dtír eile den Aontas ná mar a ghearrfaidís i do thír bhaile. Baineann an méid sin le soláthraithe neamhspleácha uathmheaisíní bainc freisin (atá le fáil go minic in áiteanna áisiúla amhail beáir, bialanna, siopaí, nó aerfoirt). Má fheiceann tú táillí níos airde, d’fhéadfadh sé gur táillí comhshó airgeadra is cúis leis, táillí nach gcumhdaítear le rialacha an Aontais. Ní mór do gach oibreoir uathmheaisín bainc, bíodh sé faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi oibriú bainc, tú a chur ar an eolas go soiléir faoi aon táillí a ghearrfar ort chomh maith le haon chostais comhshó airgeadra sula dtóga tú an t-airgead amach.

Athrú ó chuntas bainc amháin go cuntas bainc eile

Is féidir leat do chuntas bainc a athrú go cuntas bainc eile sa tír chéanna san Aontas. Ba cheart do do bhanc nua cuidiú leat leis sin.

Más mian leat aistriú chuig cuntas nua sa tír chéanna, inis do do bhanc nua gur mian leat athrú go cuntas eile agus d’íocaíochtaí athfhillteacha a aistriú chuig an gcuntas nua.

Cinnteoidh an banc nua ansin go n-aistreoidh do sheanbhanc na sonraí agus go gcuirfidh sé aon bhuanorduithe ar ceal. Ní mór don bhanc nua an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:

  • a chur in iúl do thríú páirtithe – amhail d’fhostóir, do sholáthraí slándála sóisialta agus do sholáthraithe fóntas – go bhfuil tú ag athrú do chuntais
  • do bhuanorduithe nua a shocrú
  • glacadh leis na dochair dhíreacha ábhartha ar an gcuntas nua

Féadfar táille a ghearradh ort fós má chinneann tú do sheanchuntas a dhúnadh.

Má thabhaíonn tú costais le linn an phróisis malartaithe toisc go gcailleann an banc sprioc-am (chun íocaíocht a chur ar ceal, mar shampla) nó toisc go ndéanann sé botúin, ní mór dóibh na costais sin a aisíoc. Má bhíonn aon deacracht agat, is féidir leat an tsaincheist a chur faoi bhráid na scéime um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt.

Scéal samplach

Ní i gcónaí a dhéantar cuntais bhainc a mhalartú gan stró

Nuair a bhog Suzanne ó Toulouse go Páras, chinn sí a cuntas bainc a aistriú chuig banc áitiúil i bPáras. D’iarr sí ar an mbanc nua i bPáras a cuid íocaíochtaí ar fad a aistriú chuig an gcuntas nua agus a seanchuntas in Toulouse a dhúnadh.

D’iarr an banc i bPáras ar an mbanc in Toulouse a buanorduithe a chur ar ceal agus cuntas Suzanne a dhúnadh. Ansin shocraigh sé na buanorduithe ina cuntas nua. Mar sin féin, rinne siad dearmad a soláthraí gutháin póca a chur ar an eolas, agus gearradh fíneáil ar Suzanne nuair nach ndeachaigh an buanordú dá conradh gutháin póca tríd in am.

Rinne Suzanne gearán leis an mbanc i bPáras. D’aontaigh an banc costas na fíneála a aisíoc léi agus an buanordú íocaíochta don chonradh gutháin póca a cheartú.

Cosaint do do chuid airgid san Aontas Eorpach

Cinntíonn rialacha an Aontais go gcosnaítear an t-airgead i do chuntas bainc (cuntas coigiltis agus/nó cuntas reatha) má theipeann ar an mbanc a bhfuil do chuntas ina sheilbh aige. Cosnaítear do chuid airgid suas le teorainn €100,000 nó a choibhéis sin san airgeadra áitiúil. Tá feidhm ag an teorainn sin in aghaidh an duine agus in aghaidh an bhainc, rud a chiallaíonn, má tá roinnt cuntas agat sa bhanc céanna, go bhfuil feidhm ag an teorainn €100,000 maidir le do chuntais chomhiomlánaithe.

roinnt eisceachtaí ann ón riail sin. Má tá comhchuntas agat le do pháirtí, mar shampla, is leat féin agus le do pháirtí a bhaineann an teorainn €100,000 faoi seach, rud a fhágann gur €200,000 ar a mhéad an teorainn atá ann do do chomhchuntas. Ina theannta sin, cosnófar do chuid airgid os cionn €100,000 i gcásanna áirithe eile go ceann tréimhse theoranta ama, amhail:

  • airgead a fhaigheann tú ó mhaoin chónaithe phríobháideach a dhíol
  • airgead a fhaigheann tú a bhaineann le hócáid ar leith i do shaol, mar shampla pósadh, colscaradh, scor, dífhostú, iomarcaíocht, easláine nó bás duine muinteartha
  • airgead a fhaigheann tú ó shochair árachais a íoc nó ó chúiteamh as díobhálacha coiriúla nó ciontú éagórach

Sna cásanna sin, cosnaítear méideanna os cionn €100,000 go ceann trí mhí ar a laghad agus tráth nach faide ná 12 mhí tar éis an t-airgead a chreidiúnú, nó ón uair a tháinig an t-airgead chun bheith inaistrithe go dlíthiúil, ag brath ar na coinníollacha agus na tairseacha arna leagan síos ag gach tír den Aontas.

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 09/09/2025
Share this page