Caighdeáin san Eoraip

Cad is caighdeáin ann?

Is treoirlínte deonacha iad caighdeáin ina leagtar amach an chaoi ar cheart do tháirgí, do sheirbhísí agus do phróisis ghnó oibriú. Soláthraítear leo na sonraíochtaí teicniúla a chuidíonn chun rudaí a dhéanamh sábháilte, iontaofa agus éasca a úsáid. Clúdaíonn na caighdeáin beagnach gach rud ó chlogaid sábháilteachta agus luchtairí gutháin go riachtanais rochtana ó thaobh iompar poiblí de.

Cé gur ar bhonn deonach a úsáidtear caighdeáin, d’fhéadfadh tairbhí tábhachtacha a bheith ag baint lena nglacadh, cuir i gcás sábháilteacht agus cáilíocht fheabhsaithe, muinín mhéadaithe tomhaltóirí, agus rochtain ar dheiseanna nua margaidh.

Warning

I gcásanna áirithe, déantar tagairt do chaighdeáin sa reachtaíocht mar rogha bealach nó fiú mar cheanglas éigeantach chun dlíthe sonracha a chomhlíonadh (i.e. reachtaíocht sábháilteachta nó ceanglais idir-inoibritheachta).

Cad is caighdeáin chomhchuibhithe ann?

Is catagóir shonrach de chaighdeáin Eorpacha iad caighdeáin chomhchuibhithe Open as an external link arna bhforbairt ag eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún Eorpach.

Bíonn na ceanglais theicniúla a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais éigeantach i gcónaí. Mar sin féin, is gnách gur ar bhonn deonach a úsáidtear caighdeáin chomhchuibhithe. Trína gcur i bhfeidhm, is féidir le monaróirí agus soláthraithe seirbhíse a léiriú go gcomhlíonann a dtáirgí nó a seirbhísí dlí an Aontais. De rogha air sin, féadfar réitigh theicniúla eile a úsáid freisin, ar choinníoll go mbaineann siad amach an leibhéal céanna comhlíontachta.

Conas a dhéantar caighdeáin?

Is eagraíochtaí príobháideacha um chaighdeánú a fhorbraíonn caighdeáin. Tugann na heagraíochtaí sin gnólachtaí, saineolaithe, tomhaltóirí agus páirtithe leasmhara eile le chéile a mheasann go bhfuil gá le rialacha comhchoiteanna a fhágann go n-oibríonn táirgí, seirbhísí agus próisis níos fearr le chéile.

Ar an leibhéal Eorpach, is iad trí eagraíocht Eorpacha um chaighdeánú(ESOnna) a chruthaíonn caighdeáin:

Ar an leibhéal náisiúnta, is iad comhlachtaínáisiúnta um chaighdeánú (NSBanna) a bhainistíonn caighdeánú, ar comhlachtaí iad a dhéanann an méid seo a leanas:

  • caighdeáin náisiúnta a ghlacadh agus a fhoilsiú
  • na caighdeáin Eorpacha uile a ghlacadh mar chaighdeáin náisiúnta chomhionanna
  • agus aon chaighdeáin náisiúnta atá ag teacht salach ar a chéile a tharraingt siar.

Ceanglaítear ar ESOnna agus NSBanna araon a gcláir oibre a fhoilsiú agus fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach agus do pháirtithe leasmhara. Cuireann na cláir sin eolas luath ar fáil i dtaca leis na caighdeáin atá á bhforbairt nó á n-athbhreithniú, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca athruithe a réamh-mheas agus comhlíonadh a phleanáil.

Is féidir páirt a ghlacadh i gcaighdeánú trí dhul isteach i gcoistí teicniúla nó i meithleacha arna n-eagrú ag do chomhlacht náisiúnta um chaighdeánú. Cuireann sé sin ar do chumas saineolas a chur ar fáil agus tionchar a imirt ar fhorbairt caighdeán atá ábhartha do d’earnáil.

Conas is féidir caighdeán a aimsiú?

Chun caighdeán Eorpach a chuardach, is féidir leat ceann de na huirlisí cuardaigh a úsáid ar thairseacha na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú:

Tá a uirlis chuardaigh féin ag gach ceann de na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú (NSBanna). Is féidir leat liosta de NSBanna a fháil agus rochtain a fháil orthu trína gcláir oibre anseo.

Féach freisin:

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 30/10/2025
Share this page