Doiciméadacht theicniúil a ullmhú

Mar mhonaróir, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • doiciméadacht theicniúil a ullmhú sulagcuire tú táirge ar an margadh
  • a chinntiú go gcuirfear an doiciméadacht theicniúil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh arna hiarraidh sin dóibh
  • an doiciméadacht theicniúil a choinneáil go ceann 10 mbliana ón dáta a chuirtear an táirge ar anmargadh (mura sonraítear a mhalairt go sainráite sa reachtaíocht ábhartha)

Cuirtear eolas mionsonraithe ar fáil sa doiciméadacht theicniúil maidir le dearadh,monarúagus oibriú táirge. Ní mór di a léiriú go gcomhlíonann an táirge ceanglais uile an Aontais.

Tá gá le doiciméadacht theicniúil chun a chruthú go gcomhlíonann an táirge ceanglais riachtanacha faoi rialacha comhchuibhithe an Aontais agus chun údar agus tacaíocht a thabhairt do dhearbhú comhréireachta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv an Aontais. Tá an doiciméadacht sin de dhíth ort freisin chun marcáil bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv CE bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv a chur ar do tháirge nuair is gá.Marcáil CE

An méid atá le cur san áireamh sa doiciméadacht theicniúil

Ní mór anailís agus measúnú leordhóthanach ar an riosca/na rioscaí a bheith sa doiciméadacht theicniúil agus ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith san áireamh inti:

  • ainm agus seoladh an mhonaróra, nó ainm agus seoladh aon ionadaí údaraithe
  • cur síos gairid ar an táirge
  • aitheantas táirge, e.g. sraithuimhir
  • ainm/ainmneacha agus seoladh/seoltaí na saoráidí a raibh baint acu le dearadh agus monarú an táirge
  • ainm agus seoladh aon chomhlachta faoina dtugtar fógra bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv a raibh baint aige le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an táirge (más infheidhme)
  • an nós imeachta um measúnú bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv comhréireachta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv a leanadh
  • rialacha infheidhme an Aontais a shainaithint agus anailís a dhéanamh orthu, ina measc sin cur síos ar cé acu de na ceanglais riachtanacha atá ábhartha
  • sainaithint na gcaighdeán teicniúil a úsáidtear chun comhlíonadh a léiriú (e.g. EN, ISO, IEC)
  • measúnú riosca agus míniú ar an gcaoi a dtugtar aghaidh ar rioscaí aitheanta (e.g. trí dhearadh nó trí chaighdeáin)
  • liosta de chomhpháirteanna criticiúla agus d’ábhair chriticiúla a dhéanann difear d’fhianaise maidir le comhlíonadh na gcaighdeán is infheidhme (e.g. tuarascálacha tástála)
  • lipéad táirge agus treoracha úsáideora

Comhlíontacht caighdeán le haghaidh táirgí casta

Má thagann do tháirge faoi dhlíthe éagsúla de chuid an Aontais, ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh i do dhoiciméadacht theicniúil:

  • a léiriú go soiléir cé na codanna nó na feidhmeanna den táirge atá faoi réir rialacha an Aontais, agus cé na rialacha sin
  • a shainaithint cé na caighdeáin theicniúla (e.g. EN comhchuibhithe, ISO, IEC, caighdeáin náisiúnta) a úsáideadh le haghaidh gach gné den chomhlíontacht
  • i gcás ina n-úsáidtear caighdeáin neamh-chomhchuibhithe nó modhanna inmheánacha, údar a thabhairt leis sin agus míniú conas a léiríonn siad comhréireacht
  • a chinntiú go léiríonn an struchtúr doiciméadachta an mhapáil sin go soiléir, ionas gur féidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh measúnú a dhéanamh uirthi

Warning

Ceann de na rialacha is tábhachtaí sa reachtaíocht maidir le táirgí is ea gur ar bhonn deonach a úsáidtear caighdeáin chomhchuibhithe, ach go nglactar leo go bhfuil comhréir ann leis an dlí.

Tuilleadh eolais maidir le caighdeáin bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv .

Measúnú riosca

Ceanglaítear ar mhonaróirí na rioscaí uile a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena dtáirge a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Ina measc sin:

  • guaiseacha a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an táirge d’úsáideoirí, do mhaoin nó don chomhshaol
  • a chinneadh cé na ceanglais riachtanacha a bhfuil feidhm acu (i.e. na buncheanglais sábháilteachta, sláinte, chomhshaoil agus buncheanglais eile lena gcosnaítear leas áirithe an phobail a leagtar amach i rialacha ábhartha an Aontais)
  • tuairisc a thabhairt ar na bearta a rinneadh chun na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú (e.g. trí chaighdeáin chomhchuibhithe bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv a chur i bhfeidhm)

Is gá an anailís sin a dhoiciméadú agus a chur san áireamh sa doiciméadacht theicniúil.

Teanga agus formáid

Féadfaidh tú an doiciméadacht theicniúil a ullmhú in aon cheann is rogha leat de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh en a cheangal go ndéanfar na codanna ábhartha den doiciméadacht a aistriú go teanga a thuigeann siad.

Féadfar an doiciméadacht a stóráil i bhformáid leictreonach, ar choinníoll go mbeidh sí inrochtana, dea-eagraithe agus ar fáil arna iarraidh sin.

I do cháil mar mhonaróir, ba cheart duit a bheith in ann a léiriú freisin cén áit agus conas a dhéantar an doiciméadacht a stóráil agus a chothabháil tar éis na tréimhse coinneála is gá de réir dlí (10 mbliana de ghnáth).

See also

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 16/12/2025
Share this page