Ráthaíochtaí agus ceannacháin a thabhairt ar ais
Ráthaíocht dhlíthiúil
Faoi rialacha an Aontais, má bhíonn na hearraí a cheannaíonn tú lochtach nó mura bhféachann siad nó mura n-oibríonn siad mar a fógraíodh iad, ní mór don díoltóir iad a dheisiú nó earraí eile a chur ina n-áit gan aon chostas. Murar féidir é sin a dhéanamh nó murar féidir leis an díoltóir é a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta agus gan míchaoithiúlacht shuntasach duit, tá tú i dteideal aisíocaíocht iomlán nó pháirteach a fháil. Tá an ceart agat i gcónaí ráthaíocht 2 bhliain ar a laghad a fháil ón nóiméad a fuair tú na hearraí. D’fhéadfadh rialacha náisiúnta i do thír féin cosaint bhreise a thabhairt duit, áfach.
Tosaíonn an ráthaíocht 2 bhliain a luaithe agus a fhaigheann tú d’earraí.
Má thagann locht chun solais laistigh de bhliain amháin tar éis an dáta seachadta, ní chaithfidh tú cruthúnas a thabhairt go raibh sé ann tráth an tseachadta. Glactar leis go raibh sé ann mura féidir leis an díoltóir a mhalairt a chruthú. I roinnt tíortha den Aontas, 2 bhliain atá sa tréimhse ar a dtugtar ‘dualgas cruthúnais aisiompaithe’.
Ní chuimsítear earraí a ceannaíodh ó dhaoine príobháideacha leis na rialacha sin.
Ráthaíochtaí tráchtála
D’fhéadfadh siopaí nó monaróirí ráthaíocht tráchtála bhreise a thairiscint duit (ar a dtugtar ‘baránta’ freisin) Is féidir leis an ráthaíocht tráchtála bhreise cosaint níos fearr a thabhairt duit ach ní féidir léi do chearta a fhágáil ar lár ná iad a laghdú faoin ráthaíocht íosta 2 bhliain. Ba cheart na coinníollacha a leagan síos go soiléir sa ráiteas ráthaíochta tráchtála. Má bhaineann níos lú buntáiste leo ná aon choinníollacha a fógraíodh, tá feidhm ag na cinn is mó buntáiste.
Scéal samplach
Cheannaigh Carla triomadóir gruaige a raibh ráthaíocht tráchtála 6 mhí ag gabháil leis. Nuair a bhris sé tar éis 8 mí, thug sí ar ais go dtí an siopa é. Dúirt an cúntóir siopa go ndeachaigh an ráthaíocht in éag agus nach raibh sí i dteideal aisíocaíocht a fháil. Chuir Carla in iúl go raibh ráthaíocht iomlán 2 bhliain saor in aisce aici faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, agus nár chuir ráthaíocht 6 mhí an díoltóra ach seirbhísí breise ar fáil. Thoiligh an siopa an triomadóir gruaige a athsholáthar.
Scéal samplach
Cheannaigh Sabine, a bhfuil cónaí uirthi sa Bheilg, fón cliste ó shiopa ar líne sa Ghearmáin. D’íoslódáil sí aip comhairthe céimeanna ach níor oibrigh an aip go maith, mar sin d’iarr sí ar an siopa é a dheisiú. Ní raibh an siopa faoi dhliteanas toisc nach raibh feidhm ag an gconradh díolacháin ach leis an bhfón cliste amháin. Mhol an siopa di dul i dteagmháil le díoltóir na haipe.
Scéal samplach
Cheannaigh Johan teilifís chliste ach 2 mhí níos déanaí ní osclódh na feidhmchláir réamhshuiteáilte a thuilleadh. Chuaigh sé i dteagmháil leis an díoltóir, a raibh sé de cheangal air an nuashonrú bogearraí ba ghá a sholáthar dó.
Earraí athláimhe
Cuimsítear earraí athláimhe a cheannaíonn tú ó dhíoltóir gairmiúil leis an ráthaíocht 2 bhliain freisin. I roinnt tíortha den Aontas, is féidir leat comhaontú a dhéanamh leis an díoltóir maidir le ráthaíocht níos giorra ná 2 bhliain. Níor cheart go mbeadh an ráthaíocht níos giorra ná bliain amháin, áfach. Ba cheart é sin a shoiléiriú nuair a cheannaítear an t-earra.
Ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha
Tá ráthaíocht dhlíthiúil agat freisin agus ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha amhail físeáin, ceol, aipeanna móibíleacha, físchluichí nó síntiúis le nuacht ar líne nó néalstóráil á gceannach agat.
Tá feidhm ag na rialacha fiú nuair nach n-íocann tú airgead as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach ach go dtoilíonn tú do shonraí pearsanta a sholáthar a úsáideann an soláthraí chun ioncam a ghiniúint, e.g. trí fhógraíocht spriocdhírithe ar líne a chur os do chomhair.
Tá sé de cheart agat i gcónaí ráthaíocht 2 bhliain ar a laghad a fháil má thagann sé chun solais go bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach lochtach, nuair atá sé difriúil leis an méid a fógraíodh nó nuair nach bhfuil sé ag feidhmiú mar a rabhthas ag súil leis. Mura féidir leis an soláthróir an t-ábhar nó an tseirbhís a dheisiú laistigh de thréimhse réasúnta, saor in aisce agus gan aon chiotaí suntasach a dhéanamh duit, is féidir leat laghdú praghais a iarraidh nó deireadh a chur leis an gconradh.
Maidir le haon locht ar cheannachán aonuaire a thagann chun solais laistigh de bhliain amháin, glactar leis go raibh sé ann tráth an díola, mura féidir leis an soláthróir a mhalairt a chruthú. Mar sin féin, tá dhá bhliain ar a laghad agat chun éileamh a chomhdú.
Soláthar leanúnach
I gcás an tsoláthair leanúnaigh, ar nós seirbhísí néalstórála, bíonn an soláthróir freagrach as aon locht a thagann chun solais le linn na tréimhse inar cheart an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith ar fáil (mar a leagtar síos sa chonradh). Maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthraítear ar bhonn leanúnach, glactar leis go raibh an locht ann le linn na tréimhse sin.
Ba cheart don soláthróir treoracha soiléire maidir le conas an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a shuiteáil a chur ar fáil duit chomh maith leis na riachtanais theicniúla is gá chun go bhfeidhmeoidh siad.
Ba cheart do sholáthraithe a chinntiú freisin go bhfaighidh tú na nuashonruithe riachtanacha. Maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthraítear ar bhonn leanúnach, ba cheart nuashonruithe a sholáthar le linn na tréimhse iomláine mar a leagtar síos sa chonradh.
Do chuid sonraí mar mhalairt ar ábhar nó ar sheirbhís
Má thug tú do shonraí pearsanta don soláthróir mar mhalairt ar ábhar digiteach nó ar sheirbhís ach nach bhfuil sé ag feidhmiú faoi mar a fógraíodh é, tá an ceart agat an conradh a fhoirceannadh, fiú más mionlocht atá ann. Ba cheart don soláthróir deireadh a chur le húsáid a bhaint as do chuid sonraí a luaithe a fhoirceanntar an conradh, agus an rogha a thabhairt duit aon ábhar a chruthaigh tú a thógáil ar ais (mar shampla, má cheadaíonn ardán meán sóisialta ar nós Facebook duit cuntas a bheith agat mar mhalairt ar do shonraí agus do ghrianghraif phearsanta, físeáin agus postálacha, ba cheart dó deireadh a chur lena n-úsáid a luaithe agus a fhoirceannann tú an conradh).
Scéal samplach
D’íoc Adam as scannán a íoslódáil ar a theilifís chliste. Bhí an fhuaim ar dhroch-chaighdeán, áfach, cé gur chinntigh sé gur chomhlíon an teilifís na ceanglais theicniúla. Chuaigh sé i dteagmháil leis an soláthróir a dúirt leis nárbh fhéidir an fhadhb cháilíochta sin a réiteach. Thug an soláthraí an rogha do Adam an scannán a choinneáil agus lascaine a fháil, nó gan an scannán a choinneáil agus aisíocaíocht iomlán a fháil. Chinn Adam é a choinneáil agus roinnt airgid a fháil ar ais.
Scéal samplach
D’íoslódáil Alex feidhmchlár sruthaithe ceoil ar a ríomhaire táibléid. Sé mhí ina
dhiaidh sin, fuair sé ríomhphost inar luadh go mbeadh uasghrádú ag teastáil chun freastal
ar an líon úsáideoirí a bhí ag dul i méid. Bhí na custaiméirí a bhí ann cheana in
ann an t-uasghrádú a fháil saor in aisce faoi choinníollacha an chonartha, cé nach
raibh aon oibleagáid ar dhaoine é a dhéanamh.
I ndiaidh an uasghrádaithe, áfach, tháinig moill shuntasach ar an luas sruthaithe.
Shocraigh Alex an conradh a fhoirceannadh agus a chuid airgid a fháil ar ais. Is féidir
sin a dhéanamh suas le 30 lá i ndiaidh an nuashonraithe.
Ceart chun tarraingt siar: tréimhse aistarraingthe 14 lá
Má cheannaíonn tú táirge nó seirbhís ar líne, ar an bhfón nó ó dhíoltóir ar leac an
dorais agat (i dtéarmaí dlíthiúla ‘cianchonradh’ nó ‘conradh seacháitribh’) tá sé
de cheart agat tarraingt siar. Ciallaíonn sé sin gur féidir leat an conradh a chealú
laistigh de 14 lá gan aon údar a thabhairt (an ‘tréimhse mharana’). I gcás earraí, ciallaíonn sé sin 14 lá ó dháta
an tseachadta, i gcás seirbhísí 14 lá tar éis an lá a comhaontaíodh an conradh. Má
théann an tréimhse aistarraingthe in éag ar lá nach lá oibre é, cuirtear síneadh le
do chonradh go dtí an chéad lá oibre eile.
Tugann roinnt tíortha den Aontas 30 lá duit conradh a chur ar ceal a cuireadh i gcrích
le linn díolacháin gan iarraidh ar leac an dorais agat nó turais tráchtála.tíortha
áirithe den Aontas
Eisceachtaí
Tabhair do d’aire: níl feidhm ag an tréimhse mharana 14 lá maidir leis an méid seo a leanas:
- ticéid eitleáin agus traenach, chomh maith le ticéid cheolchoirme, áirithintí óstáin, áirithintí carranna ar cíos agus seirbhísí lónadóireachta ar dhátaí sonracha
- earraí meatacha a théann in éag go tapa, amhail bia nó deochanna le ‘dáta éagtha’ gearr
- earraí a dhéantar ar ordú nó ar léir gur cuireadh in oiriúint iad – cuir i gcás culaith tháilliúra
- earraí nó seirbhísí lena mbaineann praghsanna luaineacha de réir margaí domhanda, amhail breosla téimh teaghlaigh
- seirbhísí a seachadadh go hiomlán, mar shampla lochtán a ghlanadh, i gcás inar aontaigh tú go sainráite tosú láithreach ag admháil go gcaillfeá an ceart tarraingt siar
- bogearraí fuaime, físe nó ríomhaireachta, ar nós DVDanna, ar bhain tú an séala díobh
- ábhar digiteach ar líne, amhail amhrán nó scannán, a thosaigh tú a íoslódáil nó a shruthú tar éis duit aontú go sainráite do cheart tarraingt siar a chailleadh tríd an taibhiú a thosú
- conarthaí deisiúcháin agus cothabhála práinneacha, cuir i gcás pluiméir a fhostú chun cithfholcadh atá ag sceitheadh a dheisiú
Warning
I roinnt tíortha den Aontas, coimeádann tú an ceart chun tarraingt siar i gcás roinnt de na hearraí agus seirbhísí sin má cheannaítear iad le linn díolachán gan iarraidh ar leac an dorais agat nó turais tráchtála.Ní chuimsítear earraí a ceannaíodh ó dhuine príobháideach leis an gceart chun tarraingt siar. Mar sin, bíodh aird ar leith agat ar stádas an díoltóra (gairmiúil nó príobháideach) agus siopadóireacht á déanamh agat ar mhargaí ar líne.
Conas cabhair a fháil
Chun eolas níos mionsonraithe a fháil faoi do chearta faoin dlí náisiúnta, seiceáil na rialacha sonracha maidir le ráthaíochtaí dlíthiúla agus barántaí tráchtála sa tír inar cheannaigh tú an táirge nó seirbhís.
Roghnaigh tír
Má bhíonn fadhb agat le conradh a chealú nó deisiúchán nó aisíocaíocht a fháil i dtír eile den Aontas, is féidir leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí i do thír féin cabhrú leat.
Mura bhfuil tú cinnte cén cás a bhaineann leatsa, is féidir leat triail a bhaint as ár n-uirlis um chearta tomhaltóirí bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chun cuidiú leat do chearta a thuiscint nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht san Aontas Eorpach.