CCanna - Ráthaíochtaí

Tosaíonn an tréimhse ráthaíochta dlíthiúla 2 bhliain ar an lá a fhaigheann tú an táirge, is cuma cé acu a thógann tú ó shiopa fisiciúil é nó a sheachadtar chugat é. Coimeád d’admhálacha díolacháin agus aon dearbhú seachadta i gcónaí. Smaoineamh maith é cóip a dhéanamh d’aon admhálacha ar fhaitíos go dtréigfidh siad agus go mbeidh siad doléite le himeacht ama.

Murar eagraigh tú féin an seachadadh, tá an díoltóir freagrach as na hearraí go dtí go sroicheann siad do dhoras. Mura dtagann an táirge, ní mór don díoltóir é a táirge ionaid nó aisíocaíocht a thabhairt duit.

Níl. Má dhíoltar bogearraí in éineacht leis an táirge, tagann na bogearraí faoin ráthaíocht. Má eascraíonn an fhadhb as bogearraí a shuiteáil tú tar éis duit an teilifís a cheannach, áfach, is é an té a dhíol na bogearraí leat a bheidh freagrach as sin.

Tá. Le nuashonruithe bogearraí, ba cheart a chinntiú go leanfaidh an táirge de bheith inúsáidte agus slán ó thaobh na cibearshlándála de. Féadfaidh tríú páirtithe nuashonruithe a sholáthar, ach tá an díoltóir fós freagrach má theipeann ar na nuashonruithe. Tabhair faoi deara nach gcumhdaítear uasghráduithe.

Baineann an ráthaíocht dhlíthiúil 2 bhliain le do chonradh leis an díoltóir, ní leis an monaróir (is cuma cén áit san Aontas Eorpach atá siad lonnaithe). Mar chuid den chonradh, seans go mbeadh ráthaíocht bhreise agat, ar a dtugtar ráthaíocht tráchtála, a d’fhéadfadh sochair bhreise a chur ar fáil a théann níos faide ná an ráthaíocht dhlíthiúil chaighdeánach 2 bhliain. Mar sin féin, ní thagann an ráthaíocht tráchtála in ionad na ráthaíochta dlíthiúla.

Tá. Tá tú i dteideal táirge ionaid a fháil nó go ndeiseoidh an díoltóir an táirge má thagann an locht chun solais laistigh de 2 bhliain ó dháta seachadta an táirge bunaidh. Is féidir leis an díoltóir deisiú seachas táirge ionaid a thairiscint má tá costas díréireach ag baint leis an táirge ionaid i gcomparáid lena dheisiú agus mura ndéanann sé ciotaí mór duitse.

Tá an ráthaíocht dhlíthiúil bailí ar feadh tréimhse 2 bhliain ar fud an Aontais agus cuimsítear léi aon locht a bhí ann tráth an tseachadta agus a tháinig chun solais laistigh de thréimhse 2 bhliain.

Má thagann an locht chun solais laistigh de bhliain amháin tar éis an dáta seachadta, ní chaithfidh tú a chruthú go raibh sé ann tráth an tseachadta. Ní mór don díoltóir an táirge a dheisiú nó táirge ionaid a thabhairt duit, an praghas a laghdú nó tairiscint a dhéanamh do chuid airgid a thabhairt ar ais duit. Glactar leis go raibh an locht ann cheana féin mura féidir leis an trádálaí a mhalairt a chruthú. I roinnt tíortha den Aontas, d’fhéadfadh tréimhse 2 bhliain a bheith ann.

Tabhair faoi deara: má sholáthraítear an ghné dhigiteach go leanúnach ar feadh breis agus 2 bhliain, cuir i gcás bogearraí loingseoireachta i ngaireas GPS, cuirtear síneadh leis an tréimhse dhliteanais, agus tagann deireadh leis nuair nach soláthraítear na sonraí i gcomhréir leis an gconradh. Ní dhéanann sé sin difear don dliteanas 2 bhliain maidir leis an táirge féin.

Má tá an admháil fós agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh go ndeiseofar an ceamara nó go dtabharfar ceamara ionaid duit. Mura féidir é sin a dhéanamh, tá sé de cheart agat aisíocaíocht a fháil. Mura bhfaigheann tú freagra sásúil ón díoltóir, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an údarás náisiúnta um chosaint tomhaltóirí sa tír ina bhfuil cónaí ort.

Tá an díoltóir ag tagairt do ráthaíocht tráchtála an mhonaróra. Ní bhaineann sin le do ráthaíocht dhlíthiúil, atá ina ceangal ar an díoltóir agus a mhaireann 2 bhliain. Má aontaíonn an díoltóir go bhfuil do ríomhaire lochtach, tá oibleagáid orthu ríomhaire ionaid a thabhairt duit nó é a dheisiú saor in aisce. Mura féidir táirge ionaid a thabhairt duit nó é a dheisiú, is féidir leat aisíocaíocht a fháil. Mura bhfaigheann tú freagra sásúil ón díoltóir, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an údarás náisiúnta um chosaint tomhaltóirí sa tír ina bhfuil cónaí ort.

Is féidir leat a roghnú an táirge lochtach a fháil deisithe nó táirge ionaid a fháil, ach amháin má tá sé dodhéanta do rogha a chomhlíonadh nó má tá costas díréireach ann don díoltóir. Sa chás seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh costas díréireach ag baint le vardrús ionaid iomlán nua a thabhairt duit i gcomparáid leis an inse a dheisiú. Ina theannta sin, más mionlocht atá ann, mar atá sa chás seo, d’fhéadfadh sé gurb é an rogha is tapúla an t-inse a dheisiú.

Tá an trádálaí freagrach as aon locht sa táirge le linn na tréimhse ráthaíochta 2 bhliain. Tá sé de cheart agat do tholg a úsáid mar is gnách gan locht a theacht air.

Mar sin féin, is ábhar fíneálta é an leathar ar féidir le hallas nó le hearraí glantacháin míchearta damáiste a dhéanamh dó. I gcásanna mar sin, ní mór don díoltóir é a chur in iúl duit, tráth a cheannaíonn tú na hearraí, más gá aire faoi leith a thabhairt dóibh.

Is féidir. Is féidir leat do cheart chun tarraingt siar as an gconradh ar líne a fheidhmiú laistigh de 14 lá ó sheachadadh na n-earraí nó ó thabhairt i gcrích an chonartha seirbhíse. Mar sin féin, níl feidhm aige sin maidir le hearraí meatacha ná le hearraí séalaithe tar éis iad a oscailt, ticéid eitleáin agus traenach, ticéid cheolchoirme, áirithintí óstáin, áirithintí carranna ar cíos agus seirbhísí lónadóireachta ar dhátaí sonracha.

Aire! Má cheannaíonn tú ábhar digiteach - cuir i gcás ceol nó físeán ar líne - ní féidir leat tarraingt siar as an gconradh tar éis duit tús a chur leis an íoslódáil nó leis an sruthú sna cásanna seo a leanas: (1) má thoiligh tú an t-ábhar a thosú láithreach, roimh dháta éaga na tréimhse aistarraingthe 14 lá; (2) má d'admhaigh tú go gcaillfeá do cheart chun tarraingt siar mar thoradh ar an ábhar a thosú láithreach; agus (3) má thug an soláthróir deimhniú duit gur thoiligh tú agus gur admhaigh tú an méid sin.

Má cheannaíonn tú earraí ó shuíomh gréasáin neamh-AE, ní bhíonn feidhm ag cearta tomhaltóirí an Aontais go huathoibríoch. Má bhíonn aon fhadhb agat le táirge nó más mian leat é a sheoladh ar ais, d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra an fhadhb a réiteach. Féach na téarmaí agus coinníollacha ar shuíomh gréasáin an díoltóra.

I gcuid mhór cásanna, ní íocann tomhaltóirí as rochtain a fháil ar ábhar digiteach ná ar sheirbhísí digiteacha, ach cuireann siad a gcuid sonraí pearsanta ar fáil don ‘díoltóir’ ina ionad sin. Tá an ceart chun leighis ag tomhaltóirí nuair atá ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach lochtach, is cuma cé acu a d'íoc siad as le hairgead nó a sholáthair siad a gcuid sonraí pearsanta ina leith.

Má thagann locht chun solais san ábhar digiteach nó sa tseirbhís dhigiteach ar sholáthair tú sonraí ina leith, tá sé de cheart agat an conradh a fhoirceannadh fiú nuair is mionlocht atá ann. Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart don soláthróir deireadh a chur le do shonraí a úsáid tar éis fhoirceannadh an chonartha agus é a chur ar do chumas iad a aisghabháil.

Ní féidir. Ní chuimsítear leis na rialacha maidir le hábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha seirbhísí ar líne a bhaineann leis na hearnálacha traidisiúnta, cuir i gcás comhairliúcháin dlí, seirbhísí airgeadais nó cúram sláinte (mar shampla, oidis ar líne).

Nuair a cheannaíonn tú rud éigin ag ceant ar líne ó thrádálaí gairmiúil, tá na cearta tomhaltóirí céanna agat agus atá agat maidir le ceannacháin ó ghnáthshuíomhanna gréasáin. Má cheannaíonn tú earraí ó dhuine príobháideach seachas ó chuideachta, mar a tharlaíonn go minic i gcás ceantanna ar líne, ní chuimsítear do cheannachán le rialacha an Aontais maidir le tomhaltóirí.

See main information on this topic

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 24/09/2025
Share this page