Cearta do thaistealaithe atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá do shoghluaisteacht laghdaithe, tá sé de cheart agat taisteal d’aer, de thraein, de bhus, de chóiste nó de bhád ar nós duine ar bith eile. Nuair a cheannaíonn tú do thicéad, ní mór don díoltóir eolas a thabhairt duit faoi do thuras i bhformáid inrochtana duit, chomh maith le heolas faoi na háiseanna sonracha a bheidh ar fáil duit ar bord an eitleáin, na traenach, an bhus, an chóiste nó na loinge.
I gcás gach modh iompair, tá sé de cheart agat cúnamh saor in aisce a fháil ag críochfoirt agus ar bord feithiclí. I gcás taisteal d’aeir, de bhus, de chóiste agus de bhád, ní féidir iompar a dhiúltú duit mar gheall ar do mhíchumas ná ar do shoghluaisteacht laghdaithe ach amháin ar chúiseanna a bhfuil údar leo ar mhaithe le sábháilteacht (atá sonraithe sa dlí náisiúnta, sa dlí idirnáisiúnta nó i ndlí an Aontais nó i gcinneadh an údaráis náisiúnta inniúil) ná mar gheall ar dhearadh na feithicle ná an bhonneagair. I gcás iompar d’iarnród, ní féidir iompar a dhiúltú duit mar gheall ar do mhíchumas ná do shoghluaisteacht laghdaithe ach amháin más gá sin chun rialacha sábháilteachta neamh-idirdhealaitheacha na cuideachta iarnróid nó an bhainisteora stáisiúin a chomhlíonadh.
Cad é do chás féin?
- Tá tú ag taisteal ar eitleán
- Tá tú ag taisteal ar thraein
- Tá tú ag taisteal ar bhus nó ar chóiste
- Tá tú ag taisteal ar long
Tá tú ag taisteal ar eitleán
Cúnamh
Nuair a bhíonn tú ag taisteal ar eitleán, tá sé de cheart agat cúnamh a fháil, saor in aisce. Cuimsítear ar an gcúnamh sin, i measc cineálacha eile tacaíochta, an cúnamh seo a leanas in aerfoirt roimh d’eitilt agus ina diaidh chomh maith le linn na heitilte:
- cúnamh maidir le do bhagáiste
- cúnamh maidir le dul ar bord an eitleáin agus tuirling den eitleán
- iompar saor in aisce de do mhadra cúnaimh aitheanta, de do threalamh leighis agus de 2 phíosa trealaimh soghluaisteachta
Ina theannta sin, má tá tú ag taisteal in éineacht le duine a thugann cúnamh duit, ba cheart don aerlíne, aon uair is féidir, an duine seo a shuí in aice leat ar an eitleán.
Chun an cúnamh is fearr a fháil, déan teagmháil leis an aerlíne, leis an díoltóir ticéad nó leis an tionscnóir turas 48 uair an chloig ar a laghad roimh do thuras agus mínigh cén cineál cúnaimh atá uait agus cé acu an mbeidh duine eile ag taisteal in éineacht leat. Ba chóir duit iad a chur ar an eolas freisin más amhlaidh a bheidh madra cúnta ag taisteal in éineacht leat. Cuirfidh siad comhairle ar fáil freisin maidir le do chathaoir rothaí nó do ghléas soghluaisteachta agus, i gcás inarb infheidhme, maidir lena gceallraí.
Murar cuireadh an aerlíne, an díoltóir ticéad ná an tionscnóir turas ar an eolas faoin ngá le cúnamh 48 uair an chloig ar a laghad roimh do thuras, ní mór dóibh gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun cabhrú leat ionas gur féidir leat taisteal mar a bhí beartaithe.
Ní gá d’aerlínte cuidiú a thabhairt maidir le bia a ithe ná cógais leighis a ghlacadh le linn na heitilte. Má theastaíonn cuidiú den chineál sin uait, mar shampla, le linn eitilt fhada, ní mór duit iarraidh ar dhuine eile a bheith in éineacht leat chun an cineál seo cúnaimh a thabhairt duit.
Warning
Ní féidir cead bordála a dhiúltú duit mar gheall ar do mhíchumas ná do shoghluaisteacht laghdaithe, ach amháin:
- má tá an t-aerárthach nó doras an aerárthaigh róbheag go fisiciúil, nó
- má chuireann rialacháin sábháilteachta náisiúnta, idirnáisiúnta nó an Aontais nó cinneadh na n-údarás inniúil atá freagrach as sábháilteacht eitlíochta cosc ar an aerlíne tú a iompar.
Is féidir le hiompróirí diúltú tú a iompar ar na cúiseanna thuasluaite. Mar mhalairt air sin, áfach, agus chun cead taistil a thabhairt duit, féadfaidh an t-iompróir a éileamh go mbeidh duine in éineacht leat a bheidh in ann an cúnamh a éilítear leis na rialacha sábháilteachta is infheidhme a thabhairt duit. Sa chás sin, ní gá don iompróir an duine sin a iompar saor in aisce.
An bhfuil tuilleadh cabhrach de dhíth ort?
Má bhíonn fadhbanna agat cúnamh a fháil agus tú ag taisteal ar eitleán, nó má dhéantar do threalamh soghluaisteachta a chailleadh nó a scriosadh, ba cheart duit é sin a chur in iúl do na húdaráis aerfoirt nó don aerlíne lena mbaineann. Mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht forfheidhmithe náisiúnta en sa tír inar tharla an teagmhas.
Cearta eile an Aontais d’aerphaisinéirí
Caith súil ar ár n-uirlis idirghníomhach maidir le cearta aerphaisinéirí an Aontais bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus faoi conas iad a éileamh má dhiúltaítear cead bordála duit, nó má chuirtear d’eitilt ar ceal, nó má chuirtear moill uirthi.
Tá tú ag taisteal ar thraein
Cúnamh
Agus tú ag taisteal ar thraein, tá sé de cheart agat cúnamh a fháil saor in aisce.
Clúdaíonn an cúnamh an méid seo a leanas:
- cuidiú le dul ar bord na traenach agus tuirling den traein / aistriú chuig seirbhís traenach nasctha (a bhfuil ticéad agat ina leith)
- cuidiú ar bord (rochtain ar sheirbhísí ar bord san áireamh) agus ag an stáisiún roimh do thuras agus ina dhiaidh.
Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an cúnamh is fearr, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an gcuideachta iarnróid, an bainisteoir stáisiúin, an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas 24 uair an chloig ar a laghad roimh do thuras agus míniú a thabhairt ar an gcúnamh atá uait. Chun an chabhair a iarradh a chur ar fáil, féadfaidh an chuideachta iarnróid nó an bainisteoir stáisiúin iarraidh ort dul chuig pointe ainmnithe sa stáisiún tráth nach déanaí ná 1 uair an chloig roimh an imeacht sceidealaithe nó roimh an am deiridh seiceáil isteach le haghaidh na traenach. Más amhlaidh nár insíodh duit cén uair le dul chuig an bpointe ainmnithe, ba cheart duit dul chuige 30 nóiméad ar a laghad roimh an am imeachta sceidealaithe nó roimh an am a iarrtar ar gach paisinéir seiceáil isteach.
Murar cuireadh an chuideachta iarnróid, an bainisteoir stáisiúin, an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas ar an eolas faoin ngá le cúnamh 24 uair an chloig ar a laghad roimh do thuras, ní mór dóibh gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun cabhrú leat ionas gur féidir leat taisteal mar a bhí beartaithe.
Ní féidir le hoibreoirí iarnróid a cheangal go dtaistealóidh tú in éineacht le duine eile ach amháin má tá fíorghá leis sin chun rialacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana atá i bhfeidhm cheana a chomhlíonadh (mar shampla, mar gheall ar an dóigh a bhfuil an traein nó bonneagar an stáisiúin deartha). Tá an duine atá do thionlacan i dteideal taisteal saor in aisce agus, nuair is féidir, suíochán a fháil in aice leat. Má tá madra cúnta agat, tá cead ag an madra dul in éineacht leat de réir aon rialacha áitiúla sa tír ina bhfuil tú ag taisteal.
Warning
Éilíonn roinnt tíortha den Aontas nach mór iarrataí ar chúnamh chuig cuideachtaí iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad nó tionscnóirí turas a dhéanamh 36 uair an chloig ar a laghad roimh ré, seachas 24 uair an chloig roimh ré. Féach leat liosta na dtíortha a bhfuil an tréimhse fógra níos faide sin i bhfeidhm acu. Ní féidir cead bordála a dhiúltú duit mar gheall ar do mhíchumas nó do shoghluaisteacht laghdaithe, mura gcuireann imní slándála, nó rialacha sábháilteachta cosc ar an gcuideachta iarnróid thú a iompar.
An bhfuil tuilleadh cabhrach de dhíth ort?
Má bhíonn fadhbanna agat cúnamh a fháil agus tú ag taisteal ar thraein, ba cheart duit é sin a chur in iúl do bhainisteoir an stáisiúin nó don chuideachta iarnróid lena mbaineann. Mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht forfheidhmithe náisiúnta en sa tír inar tharla an teagmhas.
Cearta eile an Aontais do phaisinéirí iarnróid
Féach leat ár n-uirlis idirghníomhach maidir le cearta paisinéirí iarnróid an Aontais bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta (cúiteamh as trealamh soghluaisteachta caillte/damáiste san áireamh) agus tú ag taisteal ar thraein agus conas iad a éileamh más gá.
Tá tú ag taisteal ar bhus nó ar chóiste
Cúnamh
Tá tú i dteideal cúnamh a fháil saor in aisce má tá turas fadraoin á phleanáil agat (sa chás gur 250 km nó níos mó atá i bhfad sceidealta na seirbhíse, murab ionann agus do thuras aonair féin). Tá sé de cheart agat cúnamh a fháil ag críochfoirt ainmnithe en , agus maidir le dul ar an mbus nó an cóiste agus tuirling díobh. Ina theannta sin, ní mór don chuideachta ligean don duine is rogha duit taisteal saor in aisce, dá réiteodh an méid sin aon imní sábháilteachta a chuirfeadh cosc ort taisteal.
Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an cúnamh atá uait, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gcuideachta bus/cóiste, an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas 36 uair an chloig ar a laghad roimh do thuras chun an chabhair atá de dhíth ort a chur in iúl dóibh. Féadfaidh an t-oibreoir nó an bainisteoir críochfoirt iarraidh ort teacht chuig pointe ainmnithe tráth nach déanaí ná uair an chloig roimh an imeacht sceidealaithe.
Warning
Ní féidir cosc a chur ort ticéad a cheannach, áirithint a dhéanamh nó dul ar bord mar gheall ar mhíchumas nó soghluaisteacht laghdaithe ach amháin má tá sé riachtanach chun ceanglais dhlíthiúla sábháilteachta a chomhlíonadh, nó i gcás nach féidir leis an mbonneagar iompar sábháilte a ráthú.
An bhfuil tuilleadh cabhrach de dhíth ort?
Má bhíonn fadhbanna agat cabhair a fháil agus tú ag taisteal ar bhus nó ar chóiste, ba cheart duit é sin a chur in iúl do na húdaráis críochfoirt nó don chomhlacht bus/cóiste lena mbaineann. Mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht forfheidhmithe náisiúnta en sa tír inar tharla an teagmhas.
Cearta eile an Aontais do phaisinéirí bus agus cóiste
Féach leat ár n-uirlis idirghníomhach maidir le cearta an Aontais do phaisinéirí bus agus cóiste bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus tú ag taisteal ar bhus nó ar chóiste agus conas iad a éileamh más gá.
Tá tú ag taisteal ar long
Cúnamh
Tá tú i dteideal cúnamh a fháil, saor in aisce, chun dul ar bord loinge nó chun tuirlingt di, chun long a athrú, nó ar bord agus ag an gcalafort. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an cúnamh is fearr, ní mór duit scéala a chur chuig an iompróir, an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas 48 uair an chloig ar a laghad roimh do thuras agus míniú a thabhairt ar an gcúnamh atá uait. Fiú mura bhfuil sé sin déanta agat, caithfidh an t-iompróir agus an t-oibreoir críochfoirt gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun cabhrú leat.
Má tá riachtanais speisialta agat maidir le cóiríocht, suíocháin, cúnamh, nó más gá duit trealamh leighis a thabhairt leat, cuir an méid sin in iúl don díoltóir ticéad agus an áirithint á déanamh agat.
Is féidir le hiompróirí diúltú tú a iompar ar chúiseanna sábháilteachta a shonraítear i rialacha náisiúnta, idirnáisiúnta nó an Aontais, nó mar gheall ar an gcaoi a bhfuil an long nó bonneagar an chalafoirt deartha. Mar mhalairt air sin, áfach, agus chun cead taistil a thabhairt duit, féadfaidh an t-iompróir a éileamh go mbeidh duine in éineacht leat a bheidh in ann an cúnamh a éilítear leis na rialacha sábháilteachta is infheidhme a thabhairt duit. Sa chás sin, ní mór don iompróir an duine sin a iompar saor in aisce.
An bhfuil tuilleadh cabhrach de dhíth ort?
Má bhíonn fadhbanna agat cabhair a fháil agus tú ag taisteal ar long, ba cheart duit é sin a chur in iúl do na húdaráis chalafoirt nó don iompróir lena mbaineann. Mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht forfheidhmithe náisiúnta en sa tír inar tharla an teagmhas.
Cearta eile an Aontais do phaisinéirí loinge
Féach leat ár n-uirlis idirghníomhach maidir le cearta an Aontais do phaisinéirí loinge bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus tú ag taisteal ar long, agus conas iad a éileamh más gá.