CCanna - Cearta paisinéirí iarnróid
Bhí mo thraein 45 nóiméad mall. Dar liomsa go bhfuil sé sin iomarcach le haghaidh turas gearr níos lú ná 3 uair an chloig. An bhfuilim i dteideal aon airgead a fháil ar ais?
Níl. Chun bheith i dteideal cúitimh, ní mór 1 uair an chloig ar a laghad a bheith sa mhoill.
Cad iad na cearta atá agam má chuirtear bac ar an traein ar a bhfuil mé ag taisteal?
Má tá do thraein blocáilte ar na ráillí, ní mór don chuideachta iarnróid iompar (malartach) a shocrú ó do thraein go dtí an stáisiún iarnróid, go dtí pointe imeachta malartach nó go dtí an ceann scríbe deiridh nuair is féidir sin go fisiciúil.
An bhfuil cead agam mo rothar a thabhairt ar aon traein?
Tá. Tá sé de cheart agat do rothar a thabhairt ar an traein. Mar sin féin, d’fhéadfadh srianta a bheith i bhfeidhm ag cuideachtaí iarnróid ar chúiseanna oibríochtúla nó sábháilteachta. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag na srianta sin ar thraenacha áirithe le linn buaicuaireanta taistil mar gheall ar spás teoranta a bheith ar fáil le haghaidh rothar nó más rud é nach gceadaíonn rothstoc (i.e. traenacha/iompróirí) na cuideachta atá á húsáid agat rothair a iompar. D’fhéadfadh srianta a bheith i bhfeidhm freisin bunaithe ar mheáchan agus ar mhéid do rothair. Dá bhrí sin, is ceart duit súil a chaitheamh ar shuíomh gréasáin oifigiúil na cuideachta iarnróid lena bhfuil tú ag taisteal chun eolas a fháil faoi aon táillí nó srianta a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm.
Má tá pas taistil nó ticéad séasúir agam le haghaidh seirbhís iarnróid a mbíonn moill uirthi go minic nó a chuirtear ar ceal go minic. An bhfuilim i dteideal cúitimh?
Tá. Má bhíonn moill nó cealú i gceist arís agus arís eile le linn thréimhse bhailíochta do phas taistil nó do thicéid séasúir, tá tú i dteideal cúitimh i gcomhréir le socruithe cúitimh na cuideachta iarnróid. Ba cheart go sonrófaí sna rialacha sin na critéir chun an mhoill agus aon chúiteamh atá dlite a ríomh. I gcás ina mbeidh moill is lú ná 60 nóiméad ann arís is arís eile le linn thréimhse bhailíochta do phas taistil nó do thicéid séasúir, féadfar na moilleanna sin a áireamh go carnach agus déanfar thú a chúiteamh i gcomhréir le socruithe cúitimh na cuideachta iarnróid.
Rinne mé áirithint aonair le haghaidh turas iarnróid le roinnt seirbhísí iarnróid trí shuíomh gréasáin ar líne. An féidir liom aon chearta a éileamh ón díoltóir ticéad sin má chaillim nascthraein le linn an turais sin?
Is féidir. Ní mór don díoltóir ticéad an t-iomlán a d’íoc tú as an ticéad/na ticéid a aisíoc, agus ba cheart dó 75% den iomlán sin a íoc mar chúiteamh chomh maith. Mar sin féin, níl an díoltóir ticéad faoi dhliteanas má chuireann sé in iúl duit roimh do thuras gur conarthaí iompair ar leith atá sna ticéid le haghaidh gach seirbhís iarnróid.
Agus mé ag taisteal ar iarnród ó Pháras go dtí an Bhruiséil, cuireadh mo chathaoir rothaí leictreach ó mhaith ar fad nuair a thit sí de sheilf ar an traein. Foireann na cuideachta iarnróid a chuir ansin í. An bhfuilim i dteideal an costas a bhaineann le ceann nua a cheannach a éileamh ón gcuideachta iarnróid?
Tá. Tá tú i dteideal cúitimh ón gcuideachta iarnróid chun an costas a bhaineann le cathaoir rotha nua a cheannach a chlúdach. Féadfaidh tú an costas a bhaineann le ceann sealadach a fháil a éileamh freisin, más gá.