Ceisteanna Coitianta - Toghcháin Eorpacha

Beidh na chéad toghcháin Eorpacha eile ar siúl in 2029. Cinneann gach tír de chuid an Aontais an dáta nó na dátaí a mbeidh an vótáil ar siúl, laistigh de thréimhse áirithe.
Idir an 6 agus an 9 Meitheamh 2024 a bhí na toghcháin Eorpacha is déanaí ann. Is féidir leat féachaint ar na torthaí go léir ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa.
Is féidir le gach saoránach den Aontas vóta a chaitheamh i dtoghcháin an Aontais. Ní féidir leat vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha i níos mó ná tír amháin. Má tá d'ainm ar rolla na dtoghthóirí i do thír féin, e.g. an Ostair, ach más mian leat vótáil i dtír eile, e.g. an Ghearmáin, ní mór duit a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn agat é sin a dhéanamh agus a bheith ar rolla na dtoghthóirí sa Ghearmáin.
Tá an vótáil éigeantach i roinnt tíortha. Féach suíomh gréasáin na n-údarás náisiúnta.
Tá sé de chead ag gach tír de chuid an Aontais a haois vótála íosta náisiúnta féin a shocrú. Faoi láthair, tá sé socraithe ag 16 bliana san Ostair, sa Ghearmáin agus i Málta, 17 mbliana sa Ghréig, agus 18 mbliana i ngach tír eile. Sa Bheilg, is féidir le saoránaigh den Aontas Eorpach iarratas a dhéanamh ar vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha ó 16 bliana d’aois ar aghaidh.
Tugann beagnach gach tír den Aontas cead dá náisiúnaigh vótáil ó thír eile i dtoghcháin Eorpacha. I roinnt tíortha, ceanglaítear ar vótálaithe clárú lena n-údaráis toghcháin náisiúnta le bheith incháilithe le vótáil ó thír eile (tríd an bpost nó ag ambasáid nó consalacht) agus i dtíortha eile, féadtar vótaí poist a dhéanamh ag ambasáidí nó consalachtaí.
Téigh i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta sa tír ábhartha.
Ní féidir. Ní mór duit ceann a roghnú.
Gach 5 bliana.
Sna toghcháin Eorpacha is déanaí, bhí 705 Fheisire ann, a toghadh as 27 mBallstát an Aontais.
Cuirtear san áireamh i líon na suíochán in aghaidh na tíre an daonra i ngach tír de chuid an Aontais chomh maith leis an ngá atá le híosleibhéal ionadaíochta do shaoránaigh Eorpacha ó thíortha beaga. Is é 6 shuíochán an líon íosta suíochán in aghaidh na tíre agus is é 96 an líon uasta.
Is féidir leat vótáil d’iarrthóirí sa Bheilg, san Fhionlainn nó san Ísiltír – ach ní féidir ach vótáil d’iarrthóirí i gceann amháin acu sin. Má roghnaíonn tú vótáil do liosta na Fionlainne nó na hÍsiltíre, beidh ort féachaint ar na socruithe praiticiúla chun vótáil ó thír eile.
Cuireann dlí an Aontais cosc ar vótáil níos mó ná uair amháin i dtoghchán Eorpach. Gabhann an dlí sin ionad dlíthe náisiúnta maidir le vótáil éigeantach, i gcásanna dénáisiúntachta. Is é sin le rá, ní féidir le haon tír den Aontas iallach a chur ort vótáil ansin má tá cinneadh déanta agat vótáil sa tír eile ina bhfuil náisiúntacht agat.
Má tá cónaí ort lasmuigh den Aontas, is gnách gur féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghcháin an Aontais in ambasáid nó i gconsalacht do thíre baile, ach braitheann do cheart vótála ar na rialacha toghcháin i do thír dhúchais.
Ní féidir leat vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha i níos mó ná tír amháin. Má tá d'ainm ar rolla na dtoghthóirí i do thír féin, an Ostair, ach más mian leat vótáil sa Ghearmáin, ní mór duit a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn agat é sin a dhéanamh agus a bheith ar rolla na dtoghthóirí sa Ghearmáin.
Is féidir leat seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin an Aontais más náisiúnach de chuid an Aontais thú. Is féidir leat seasamh mar iarrthóir i do thír thionscnaimh nó, má tá cónaí ort i dtír eile san Aontas, is féidir leat seasamh mar iarrthóir sa tír sin. Beidh tú faoi réir na gcoinníollacha céanna is a bheadh náisiúnaigh na tíre sin.
Tá a nós imeachta féin ag gach tír de chuid an Aontais chun seasamh mar iarrthóir. Más mian leat seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Eorpacha agus cónaí ort i mBallstát nach náisiúnach dá chuid thú, ní mór duit na doiciméid tacaíochta chéanna a chur isteach agus a chuirtear ar fáil d’iarrthóirí ar náisiúnaigh iad.
Téigh chuid suíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le Europe Direct.
Cuireann An Eoraip Agatsa comhairle phearsanta ar fáil faoi na cearta atá agat san Aontas Eorpach, soiléiríonn sé dlí an Aontais Eorpaigh de réir mar a bhaineann sé le do chás féin agus treoraíonn sé thú chuig comhlacht ar féidir leis tuilleadh cúnaimh a thabhairt, más gá. De rogha air sin, is féidir le SOLVIT cabhrú leat nuair nach n-urramaíonn údarás poiblí i mBallstát eile do chearta AE. Féadfaidh siad teagmháil a dhéanamh leis an údarás chun oibriú leo le d'fhadhb a réiteach.

See main information on this topic

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 03/04/2025
Share this page