Ceisteanna coitianta - Cearta aerphaisinéirí

IS FÉIDIR - I gcás eitilt trasteorann, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí Open as an external link i do thír. I gcás eitilt intíre, déan teagmháil le lárionad náisiúnta tomhaltóirí i do thír féin.

Tá - agus ní mór costas gach míre (praghas an ticéid, na cánacha, na muirir, na formhuirir agus na táillí) a thaispeáint go soiléir.

TÁ - tá feidhm ag cearta paisinéirí an Aontais sa chás seo más iompróir atá ceadúnaithe i mBallstát den Aontas a oibríonn d’eitilt. Más iompróir nach iompróir de chuid an Aontais é a oibríonn d’eitilt, d’fhéadfadh sé go bhfuil cearta agat faoi dhlí ábhartha na tíre ina bhfuil an t-iompróir ceadúnaithe.

NÍL - toisc nár chomhlíon tú an ceanglas tú féin a sheiceáil isteach laistigh den tréimhse a leagadh síos.

Tá an méid sin de réir dlí náisiúnta i ngach tír Eorpach agus, dá bhrí sin, beidh sé éagsúil ar fud an Aontais. Téigh i dteagmháil leis an gcomhlacht forfheidhmithe náisiúnta sa tír lena mbaineann nó le hionad náisiúnta tomhaltóirí chun tuilleadh eolais a fháil.

TÁ - tá tú i dteideal cúiteamh airgeadais a fháil más mar chuid d’áirithint aonair na heitiltí agus má bhaineann tú do cheann scríbe deiridh amach agus moill 3 uair an chloig nó níos mó ort, mura cúinsí eisceachtúla is cúis leis an moill.

TÁ - tá cearta agat faoi rialacha an Aontais. Tá tú i dteideal aisíocaíocht ar chostas iomlán do thicéid don chuid sin de do thuras nár cuireadh ar fáil nó athródú a luaithe is féidir. Má tá tú ag an aerfort cheana féin agus má roghnaíonn tú athródú, tá tú i dteideal béilí agus sólaistí freisin, nithe a shocrófar de réir d’am feithimh, agus tá tú i dteideal dhá ghlaoch gutháin a dhéanamh nó dhá théacs nó dhá ríomhphost a sheoladh. Tá tú i dteideal lóistín thar oíche freisin má tá tú le hathródú an lá tar éis na heitilte a bhí beartaithe, agus d’fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal cúiteamh airgid a fháil, de réir na himthosca.

NÍ hEA - ní ‘cúinse eisceachtúil’ í fadhb theicniúil a thagann chun solais le linn gnáthchothabháil aerárthaigh nó arb é is cúis léi nach ndearnadh aerárthach a chothabháil i gceart.
TÁ - má bhain an locht teicniúil le teagmhas nárbh é gnáthghníomhaíocht aeriompróirí ba chúis leis agus nach raibh smacht acu air mar gheall ar a chineál nó a thionscnamh. Mar shampla fabht déantúsaíochta ceilte a d’aimsigh monaróir an aerárthaigh nó údarás inniúil, nó damáiste don aerárthach de dheasca gníomhartha sabaitéireachta nó sceimhlitheoireachta, cháileofaí na samplaí sin mar chúinsí eisceachtúla.

TÁ - má bhaineann tú do cheann scríbe deiridh amach agus moill 3 uair an chloig nó níos mó ort, d’fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal cúiteamh airgeadais a fháil, murar cúinsí eisceachtúla ba chúis leis an moill. Má chuirtear moill 2 uair an chloig nó níos mó ar d’eitilt tráth an imeachta, ní mór don aerlíne cúram a thairiscint duit (béilí agus sólaistí agus, más gá, lóistín). Má fhágann an mhoill sin go mbainfidh tú do cheann scríbe deiridh amach agus moill níos mó ná 3 uair an chloig ort, d’fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal cúiteamh airgeadais a fháil freisin.

TÁ - ba cheart go mbeadh aisíocaíocht ar chostas do thicéid faighte agat laistigh de 7 lá ón gcealú. Is de réir na cúise lenar cuireadh an eitilt ar ceal a íoctar an cúiteamh ach ní leagtar síos sprioc-am i dtaobh cúiteamh a íoc i rialacha an Aontais.

An dá rud. I gcás eitiltí a cuireadh ar ceal nó a raibh moill orthu, ní bhfaighidh tú cúiteamh más cúinsí eisceachtúla ba chúis leis an gcealú nó leis an moill, mar shampla drochaimsir. I gcás inar tharla an cealú nó an mhoill mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an ceart chun cúitimh agat, ach ní mór don iompróir cúnamh (aisíocaíocht nó athródú) agus cúram (béilí agus/nó cóiríocht) a thairiscint duit fós agus tú ag fanacht ar iompar malartach.

Beag beann ar na cúinsí, má chuirtear d’eitilt ar ceal, tá sé de cheart agat i gcónaí ceann de na roghanna seo a leanas a fháil: aisíocaíocht ar do thicéad, athródú nó eitilt fillte bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chomh maith leis an gceart chun cúnaimh bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv .

D’fhéadfadh sé go mbeadh ceart chun cúitimh bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv agat freisin (má cuireadh ar an eolas thú níos lú ná 14 lá roimh an dáta imeachta sceidealaithe). Mar sin féin, níl cúiteamh le híoc más féidir leis an iompróir a chruthú gur cúinsí eisceachtúla bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv ba chúis leis an gcealú.

Ní ‘cúinse eisceachtúil’ é stailc atá eagraithe ag ceardchumann aeriompróra arb é atá beartaithe leis tacú le héilimh na n-oibrithe. Dá bhrí sin, i gcás gníomh inmheánach stailce, ní shaoraítear an aerlíne ón oibleagáid cúiteamh a íoc nuair a chuirtear eitiltí ar ceal ná nuair a bhíonn moill mhór ar eitiltí. Mar sin féin, d’fhéadfadh stailceanna seachtracha, cuir i gcás gníomh stailce a dhéanann rialtóirí aerthráchta nó foireann aerfoirt, a bheith ina gcúinse eisceachtúil.

Mura dtugann an aerlíne míniú sásúil duit, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’údarás náisiúnta PDF en chun tuilleadh cúnaimh a fháil.

B’fhéidir nach í an aerlíne oibriúcháin an aerlíne a eitlíonn thú chuig do cheann scríbe. Mar sin féin, is iadsan atá freagrach má théann rudaí amú, mar sin ba cheart duit do ghearán a sheoladh chuig an aerlíne oibriúcháin i gcónaí.
I gcás eitiltí códroinnte - eitiltí a dhíolann aerlínte éagsúla ach a oibríonn aerlíne amháin, tá aerlíne Y freagrach.
I gcás léasanna fliucha - socruithe léasaithe ina léasaíonn aerlíne oibriúcháin X eitleán agus an criú iomlán ó aerlíne Y, tá aerlíne X freagrach.

Meastar gur eitilt a cuireadh ar ceal í eitilt a tugadh ar aghaidh níos mó ná 1 uair an chloig. Tá na cearta céanna agat agus atá agat i gcás ina gcuirtear eitilt ar ceal.

De réir rialacha an Aontais, ní mór déileáil le heitilt a atreoraítear chuig aerfort eile, nach bhfreastalaíonn ar an mbaile, ar an gcathair ná ar an réigiún céanna leis an aerfort a ndearnadh an áirithint ina leith, mar eitilt a cuireadh ar ceal. Trí thuirlingt in Bologna seachas sa Veinéis, chuir an aerlíne d’eitilt go dtí an Veinéis ar ceal, ós rud é nach bhfreastalaíonn aerfort Bologna ar an mbaile, ar an gcathair ná ar an réigiún céanna le haerfort na Veinéise. Tá na cearta céanna agat agus atá agat i gcás ina gcuirtear eitilt ar ceal; ina theannta sin, is féidir leat na costais a thabhaigh tú as dul go dtí an Veinéis a éileamh.
Dá gcuirfeadh an aerlíne iompar ar aghaidh go dtí an Veinéis ar fáil, e.g. ar bhus nó i dtacsaí, mheasfaí go raibh moill ar an eitilt.

I gcás ina gcinneann iompróir go n-imeoidh eitilt ó aerfort eile seachas an t-aerfort a bhí sceidealaithe ar dtús, ba cheart déileáil leis sin ar an mbealach céanna le hatreorú eitilte chuig aerfort eile. Meastar go bhfuil an eitilt curtha ar ceal ach amháin má chuireann an aerlíne iompar ar fáil chun paisinéirí a aistriú ón aerfort a bhí sceidealaithe ar dtús chuig an aerfort imeachta nua.

See main information on this topic

EU legislation

Need more information on rules in a specific country?

Ask national administrations

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 14/09/2026
Share this page