Cáilíochtaí gairmiúla: doiciméid le haghaidh d’iarratais ar aitheantas

Má tá tú ag cur isteach ar Chárta Eorpach Gairmiúil bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chun seirbhísí sealadacha bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl svbuana bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv a chur ar fáil i mBallstát eile, beidh ort an doiciméadacht is gá a bheith agat.

Tugtar eolas breise ar an leathanach seo faoi na cineálacha doiciméad a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil le haghaidh iarratas ar CEG. Cuimhnigh nach bhfuil gach doiciméad éigeantach i ngach cás.

Cóip de do phas nó de do chárta aitheantais AGUS:

  • Má tá d’ainm athraithe agus má tá ainm difriúil le feiceáil ar na doiciméid éagsúla atá á n-uaslódáil agat: cóip de do theastas pósta nó d’aon doiciméad ábhartha eile.
  • Mura sonraítear d’áit bhreithe ar do phas nó ar do chárta aitheantais, teastas breithe nó doiciméad eile lena gcruthaítear d’áit bhreithe.
  • Mura náisiúnach de Bhallstát den Aontas thú: doiciméad lena gcruthaítear gur ball teaghlaigh de shaoránach den Aontas thú, nó go bhfuil stádas cónaithe fadtéarmach nó stádas dídeanaí agat i mBallstát den Aontas, nó go bhfuil Cárta Gorm de chuid an Aontais Eorpaigh agat, nó aon fhianaise ábhartha eile lena gcruthaítear go bhféadfadh tú tairbhe a bhaint as cearta an Aontais. Féach leis na húdaráis náisiúnta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv ábhartha.

Níl gá le haistriúcháin le haghaidh cártaí aitheantais agus pasanna; is féidir leis na húdaráis aistriúchán ar dhoiciméid eile a chuireann tú isteach a iarraidh ort.

Deimhniú ó údarás inniúil/teastas ó chomhlacht gairmiúil/cóip de cheadúnas gairmiúil/sliocht as clár gnó nó aon fhianaise dhoiciméadach eile lena ndeimhnítear go gcomhlíonann tú na coinníollacha uile chun do ghairm a chleachtadh i do thír dhúchais agus nach bhfuil cosc ort í a chleachtadh (tá tú ‘bunaithe go dleathach’ i do thír dhúchais).

Más comhlacht náisiúnta i do thír dhúchais a d’eisigh an doiciméad sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le haistriúchán ach amháin i gcás amhrais a bhfuil údar maith leis. Murar comhlacht i do thír dhúchais a d’eisigh é, is féidir leis na húdaráis aistriúchán a iarraidh.

Cóip de do dhioplóma nó d’aon cháilíocht ábhartha eile.

Aistriúcháin: is féidir leis na húdaráis aistriúchán ar an doiciméad sin a iarraidh ort.

Warning

I gcás altraí nó cógaiseoirí: má tá do dhioplóma liostaithe anseo bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv (Iarscríbhinn V) agus má thosaigh d’oiliúint tar éis an dáta tagartha atá luaite, is féidir leat tairbhe a bhaint as aitheantas uathoibríoch, agus ní theastaíonn aon aistriúchán uait má eisíodh do cháilíocht i do thír dhúchais reatha.

Mar altra nó cógaiseoir, is féidir leat tairbhe a bhaint as aitheantas uathoibríoch freisin má tá tú i dteideal ceann amháin díobh seo a leanas:

  • Deimhniú comhréireachta: deimhniú ina luaitear go gcomhlíonann do cháilíocht íoscheanglais chomhchuibhithe oiliúna an Aontais.
  • Deimhniú chun teideal cáilíochta foirmiúla a athrú: doiciméad lena bhfianaítear athrú ainmníochta má chomhlíonann do cháilíocht íoscheanglais chomhchuibhithe oiliúna an Aontais, ach níl teideal beacht an doiciméid sin ar an liosta.
  • Deimhniú ar chearta faighte: deimhniú lena bhfianaítear gur chleacht tú do ghairm ar feadh 3 bliana as a chéile ar a laghad le linn na 5 bliana deireanacha roimh dháta an deimnithe, fiú mura gcomhlíonann do cháilíocht fhoirmiúil íoscheanglais oiliúna an Aontais.

Más comhlacht náisiúnta i do thír dhúchais a d’eisigh na doiciméid sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le haistriúchán ach amháin i gcás amhrais a bhfuil údar maith leis. Murar comhlacht i do thír dhúchais a d’eisigh iad, is féidir leis na húdaráis aistriúchán a iarraidh.

Deimhniú lena bhfianaítear dea-charachtar nó dea-cháil agus/nó teastas lena bhfianaítear nár dearbhaíodh gur féimhigh thú a d’eisigh údarás inniúil i do thír bhaile.

Mura n-eisíonn údaráis do thíre baile na doiciméid sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort dearbhú faoi mhionn a dheimhneoidh údarás nó nótaire ábhartha a chur ar fáil.

Más comhlacht náisiúnta i do thír dhúchais a d’eisigh an doiciméad sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le haistriúchán ach amháin i gcás amhrais a bhfuil údar maith leis. Murar comhlacht i do thír dhúchais a d’eisigh é, is féidir leis na húdaráis aistriúchán a iarraidh.

Cruthúnas nach ann d’fhionraí sealadach nó cinntitheach ó do ghairm a chleachtadh, nó nach ann do chiontuithe coiriúla.

Más comhlacht náisiúnta i do thír dhúchais a d’eisigh an doiciméad sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le haistriúchán ach amháin i gcás amhrais a bhfuil údar maith leis. Murar comhlacht i do thír dhúchais a d’eisigh é, is féidir leis na húdaráis aistriúchán a iarraidh.

Deimhniú leighis a d’eisigh dochtúir lena bhfianaítear do shláinte choirp nó mheabhrach nó deimhniú sláinte coirp nó meabhrach a d’eisigh údarás inniúil i do thír dhúchais.

Aistriúcháin: is féidir leis na húdaráis aistriúchán ar an doiciméad sin a iarraidh ort.

Deimhniú ar sheasamh airgeadais a d’eisigh banc nó cruthúnas ábhartha eile (e.g. ráitis bhainc).

Aistriúcháin: is féidir leis na húdaráis aistriúchán ar an doiciméad sin a iarraidh ort.

Cóip de pholasaí árachais, de chonradh árachais, de chruthúnas eile ar chumhdach árachais, nó de chruthúnas eile ar chosaint chomhchoiteann maidir le do dhliteanas gairmiúil.

Aistriúcháin: is féidir leis na húdaráis aistriúchán ar an doiciméad sin a iarraidh ort.

Curaclam, tras-scríbhinn taifead, doiciméad lena bhforlíontar dioplóma nó foinse eile eolais faoi fhad iomlán do chuid staidéir, na hábhair a ndearna tú staidéar orthu, an cion ama a leithdháileadh ar gach ábhar san áireamh, agus i gcás inarb iomchuí, an deighilt idir na codanna teoiriciúla agus praiticiúla.

Warning

Ní gá an t-eolas sin a chur ar fáil más altra nó cógaiseoir thú agus má bhaineann tú tairbhe as uathaitheantas.

Aistriúcháin: is féidir leis na húdaráis aistriúchán ar an doiciméad sin a iarraidh ort.

Cruthúnas ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach, rannpháirtíocht i seimineáir, oiliúint eile agus foghlaim ar feadh an tsaoil.

Warning

Níl sé d’oibleagáid ort an t-eolas sin a chur isteach in éineacht le d’iarratas. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé cuidiú leis an mbaol a laghdú go n-iarrfaidh údaráis na tíre óstaí ort triail inniúlachta a dhéanamh nó dul faoi thréimhse oiriúnaithe sula n-aithneoidh siad do cháilíochtaí.

Aistriúcháin: is féidir leis na húdaráis aistriúchán ar an doiciméad sin a iarraidh ort.

  • Más as tír nach bhfuil do ghairm ná d’oiliúint rialáilte inti, doiciméad lena gcruthaítear gur fheidhmigh tú do ghairm ar bhonn lánaimseartha ar feadh bliain amháin (nó ar feadh tréimhse choibhéiseach fhoriomlán ar bhonn páirtaimseartha) le 10 mbliana anuas agus ina sainaithnítear go soiléir na gníomhaíochtaí gairmiúla lena mbaineann. Féadfar a áireamh mar chruthúnas den sórt sin deimhniú arna sheachadadh ag údarás inniúil, duillíní pá, fianuithe ó fhostóirí nó doiciméid ábhartha eile, ar choinníoll go sainaithníonn siad go soiléir na gníomhaíochtaí lena mbaineann.
    Aistriúcháin: is féidir leis na húdaráis aistriúchán ar an doiciméad sin a iarraidh ort.
  • Mura as Ballstát do cháilíocht, doiciméad lena ndeimhnítear go bhfuil taithí ghairmiúil 3 bliana ar a laghad agat agus lena sainaithnítear go soiléir do ghníomhaíocht ghairmiúil. Ba cheart don údarás inniúil ábhartha sa tír AE/LEE a d’aithin do cháilíocht tríú tír den chéad uair an doiciméad seo a eisiúint; mura bhfuil an t-údarás sin in ann do thaithí ghairmiúil a dheimhniú, tabhair cruthúnas eile ar thaithí ghairmiúil.
    Más comhlacht náisiúnta i do thír dhúchais a d’eisigh an doiciméad sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le haistriúchán ach amháin i gcás amhrais a bhfuil údar maith leis. Murar comhlacht i do thír dhúchais a d’eisigh é, is féidir leis na húdaráis aistriúchán a iarraidh.
  • I ngach cás eile, níl cruthúnas ar thaithí ghairmiúil éigeantach chun iarratas a chur isteach. Mar sin féin, ach deimhnithe, duillíní pá, fianuithe ó fhostóirí nó fianaise ábhartha eile a chur isteach, d’fhéadfadh sé cuidiú leis an mbaol a laghdú go n-iarrfaidh údaráis na tíre óstaí ort triail inniúlachta a dhéanamh nó dul faoi thréimhse oiriúnaithe sula n-aithneoidh siad do cháilíochtaí.
    Aistriúcháin: is féidir leis na húdaráis aistriúchán ar an doiciméad sin a iarraidh ort.

Doiciméad a d’eisigh údarás inniúil do thíre baile lena ndeimhnítear go bhfuil sé de cheart agat do ghairm a chleachtadh i do thír dhúchais faoin dlí náisiúnta, cé nach gcomhlíonann do cháilíocht na ceanglais náisiúnta is infheidhme a thuilleadh.

Aistriúcháin: is féidir leis na húdaráis aistriúchán ar an doiciméad sin a iarraidh ort.

Is féidir leat freisin cruthúnas ar d’eolas ar theangacha, CV, etc. a uaslódáil. Ní dhéanfar measúnú ar d’iarratas ar bhonn na ndoiciméad sin.

Ní theastaíonn aistriúcháin, ach is féidir iad a sholáthar ar bhonn deonach.

See also

EU legislation

Need more information on rules in a specific country?

Ask national administrations

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 27/08/2025
Share this page