Rialacha bóthair agus an tsábháilteacht ar bhóithre - an Liotuáin

Cén riail a bhfuil suim agat inti?

Tá sé ÉIGEANTACH criosanna sábhála agus srianta sábháilteachta páiste a úsáid (Treoir 91/671/CEE arna leasú).

Déantar eisceacht sna cásanna seo a leanas:

  • daoine a bhfuil díolúine acu ar chúiseanna leighis
  • tiománaithe atá ag cúlú nó ag tiomáint in ionad páirceála.

Saighead ghlas taobh le solas dearg: is ceadmhach casadh ar dheis, ach, sular ceadmhach an fheithicil a thiomáint isteach sa chrosbhealach, ní mór stopadh ag an líne "Stop" agus slí a ghéilleadh do choisithe agus do thrácht eile.

Gluaisrothair
Feithiclí faoi bhun 3.5 tona

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/u]

Bóithre i gceantar uirbeach
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
  • Bóithre ar a bhfuil asfalt agus dromchlaí coincréite – 90 km/u
    • I gcás tiománaithe a bhfuil níos lú ná 2 bhliain de thaithí tiomána acu – 80 km/u
  • Bóithre eile – 70 km/u
Mótarbhealaí/luasbhealaí
  • Mótarbhealach: 130 km/u ó mhí Aibreáin go dtí Deireadh Fómhair; 110 km/u ó mhí na Samhna go dtí mí an Mhárta
    • I gcás tiománaithe a bhfuil níos lú ná 2 bhliain de thaithí tiomána acu – 100 km/u
  • Mórbhealach: 120 km/u ó mhí Aibreáin go dtí Deireadh Fómhair; 110 km/u ó mhí na Samhna go dtí mí an Mhárta
    • I gcás tiománaithe a bhfuil níos lú ná 2 bhliain de thaithí tiomána acu – 90 km/u

Gluaisteáin phaisinéirí & veaineanna
Feithiclí faoi bhun 3.5 tona

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/u]

Bóithre i gceantar uirbeach
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
  • Bóithre ar a bhfuil asfalt agus dromchlaí coincréite – 90 km/u
    • I gcás tiománaithe a bhfuil níos lú ná 2 bhliain de thaithí tiomána acu – 80 km/u
  • Bóithre eile – 70 km/u
Mótarbhealaí/luasbhealaí
  • Mótarbhealach: 130 km/u ó mhí Aibreáin go dtí Deireadh Fómhair; 110 km/u ó mhí na Samhna go dtí mí an Mhárta
    • I gcás tiománaithe a bhfuil níos lú ná 2 bhliain de thaithí tiomána acu – 100 km/u
  • Mórbhealach: 120 km/u ó mhí Aibreáin go dtí Deireadh Fómhair; 110 km/u ó mhí na Samhna go dtí mí an Mhárta
    • I gcás tiománaithe a bhfuil níos lú ná 2 bhliain de thaithí tiomána acu – 90 km/u

Gluaisteáin phaisinéirí & veaineanna le leantóirí
Feithiclí faoi bhun 3.5 tona

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/u]

Bóithre i gceantar uirbeach
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
  • Bóithre ar a bhfuil asfalt agus dromchlaí coincréite – 90 km/u
    • I gcás tiománaithe a bhfuil níos lú ná 2 bhliain de thaithí tiomána acu – 80 km/u
  • Bóithre eile – 70 km/u
Mótarbhealaí/luasbhealaí

Feithiclí earraí troma
os cionn 3.5 tona

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/u]

Bóithre i gceantar uirbeach
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
  • Bóithre ar a bhfuil asfalt agus dromchlaí coincréite – 80 km/u
  • Bóithre eile – 70 km/u
Mótarbhealaí/luasbhealaí

Busanna

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/u]

Bóithre i gceantar uirbeach
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
  • Bóithre ar a bhfuil asfalt agus dromchlaí coincréite – 80 km/u
  • Bóithre eile – 70 km/u
Mótarbhealaí/luasbhealaí
  • Mótarbhealach – 100 km/u
  • Mórbhealach – 90 km/u

Ginearálta

20 km/u i limistéir chónaithe, i gclóis foirgneamh árasán agus i gcarrchlóis

30 km/u ar shráideanna rothar

0.4 mg/ml

Gnáth-thiománaithe

0.0 mg/ml

Tiománaithe nuacheadúnaithe (tiománaithe a bhfuil níos lú ná 2 bhliain de thaithí tiomána acu) agus tiománaithe móipéide, gluaisrothair, trírothaigh, agus gach cineáil cuadrothair

0.0 mg/ml

Tiománaithe gairmiúla (feithiclí os cionn 3.5 tona meáchain nó feithiclí a bhfuil níos mó ná 9 suíochán iontu, tiománaithe tacsaí, tiománaithe feithiclí a bhfuil earraí contúirteacha á n-iompar iontu)

I gcás daoine atá faoi thionchar alcóil, támhshuanach, síceatrópach nó substaintí sícighníomhacha eile, tá cosc ar mhótarfheithicil, tarracóir, meaisín féinghluaiste a thiomáint.

Drugaí toirmiscthe

THC (cannabas)

Meitiolamfataimín

MDMA (eacstais)

Is do na seirbhísí iompair phoiblí amháin atá na lánaí atá curtha in áirithe (lánaí ‘A’). Níl cead ag feithiclí eile na lánaí sin a úsáid.

Ní ceadmhach ach do sheirbhísí iompair phoiblí, rothair, móipéidí, cuadrothair éadroma agus feithiclí do dhaoine faoi mhíchumas (faoi choinníollacha áirithe) lánaí ‘A+’ a úsáid.

Má tá an focal ‘TAKSI’ marcáilte ar lána, is ceadmhach do thacsaithe é a úsáid.

Má tá ‘4+’ marcáilte ar lána, is ceadmhach do charranna a bhfuil ceithre dhuine nó níos mó iontu é a úsáid.

Má tá an tsiombail d'fheithiclí leictreacha marcáilte ar lána, is ceadmhach d'fheithiclí leictreacha é a úsáid.

Má tá an tsiombail do ghluaisrothar marcáilte ar lána, is ceadmhach do ghluaisrothair é a úsáid.

Rothair

(Éigeantach do rothaithe faoi bhun 18 mbliana d'aois, molta do rothaithe eile)

Feistí micrea-shoghluaisteachta

(Éigeantach do gach úsáideoir)

Móipéidí

(Ní bhaineann sé le móipéidí a raibh caighean cosanta agus crios slándála feistithe iontu ó thús)

Gluaisrothair le carr cliathánach nó gan é (Ní bhaineann sé le gluaisrothair a raibh caighean cosanta agus crios slándála feistithe iontu ó thús)
Trírothaigh éadroma agus throma

(Ní bhaineann sé le trírothaigh éadroma agus throma a raibh caighean cosanta agus crios slándála feistithe iontu ó thús)

I gcás gach cineáil cuadrothair

(Ní bhaineann sé le cuadrothair a raibh caighean cosanta agus crios slándála feistithe iontu ó thús)

Ní ceadmhach do thiománaithe fón póca a úsáid gan fearas lámhshaor
Is ceadmhach do thiománaithe fón póca a úsáid má tá fearas lámhshaor agus coimeádán le haghaidh fón póca ag gabháil leis
Tá sé éigeantach soilse na feithicle a bheith lasta i rith an lae
Trealamh sábháilteachta do ghluaisteáin Múchtóir tine
Triantán éigeandála
Boscaí garchabhrach
Veist fhrithchaiteach nó frithchaiteoir
Tá boinn gheimhridh (M+S) éigeantach Ón 10 Samhain go dtí an 31 Márta
Trealamh sábháilteachta do rothaithe Clogad
Ní mór do rothaithe agus do phaisinéirí faoi bhun 18 mbliana d'aois clogad le smigiris a chaitheamh. Moltar do rothaithe os cionn 18 mbliana d'aois clogad le smigiris a chaitheamh.
Sa dorchadas, nó má tá an léargas laghdaithe, ní mór do rothaithe solas bán a lasadh ar thosach an rothair agus solas dearg ar a dheireadh agus veist fhrithchaiteach a chaitheamh. I rith an lae, ní mór do rothaithe atá ar an mbóthar veist fhrithchaiteach dhearg, oráiste nó bhuí a chaitheamh nó an solas bán a lasadh ar thosach an rothair agus an solas dearg ar a dheireadh.
CoisitheIs féidir fíneáil €10-12 a ghearradh ar choisithe má bheirtear orthu ag úsáid gléasanna móibíleacha agus iad ag trasnú na sráide. Chomh maith leis sin, ag trasrianta coisithe ní hamháin nach mór do thiománaithe stopadh do choisithe a thosaigh ag dul trasna, ach ní mór dóibh stopadh do choisithe atá ag fanacht le dul trasna freisin.

Féach leat na rialacha i dtíortha eile

Séanadh

Is iad na húdaráis náisiúnta a chuireann an t-ábhar seo ar fáil maidir le rialacha sábháilteachta ar bhóithre agus tráchta de réir Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2015/413/AE. Ní ghlacann an Coimisiún Eorpach aon dliteanas as an ábhar seo ná as a chruinneas. Chun an t-eolas is cruinne agus is cothroime le dáta a fháil féach suíomhanna gréasáin náisiúnta, áit ar féidir leat eolas a fháil freisin faoi rialacha náisiúnta eile lena gcumhdaítear muirir ambhunaithe (greamáin), greamáin astaíochtaí agus dolaí bóthair.

See main information on this topic

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 24/04/2026
Share this page