Rialacha bóthair agus an tsábháilteacht ar bhóithre - An Ghearmáin

Cén riail a bhfuil suim agat inti?

Tá sé ÉIGEANTACH criosanna sábhála agus srianta sábháilteachta páiste a úsáid (Treoir 91/671/CEE arna leasú).

Níl criosanna sábhála éigeantach sna cásanna seo a leanas:

  • tiománaithe tacsaí agus tiománaithe fruilchairr paisinéirí, agus iad ar dualgas
  • feithiclí seachadta a bhíonn ag stopadh go rialta
  • tiomáint ar luas coisithe
  • seirbhísí iompair inar ceadmhach paisinéirí a bheith ina seasamh
  • foireann oibre ar chóistí agus ar bhusanna
  • paisinéirí ar bhusanna agus ar chóistí a fhágann a suíocháin go ceann tamaill ghairid

Níl suíocháin sábhála páiste éigeantach sna cásanna seo a leanas:

  • seirbhísí iompair inar ceadmhach paisinéirí a bheith ina seasamh
  • feithiclí nach bhfuil leordhóthain spáis iontu don tríú suíochán sábhála páiste agus go bhfuil an páiste (os cionn 3 bliana d'aois) ina shuí i gcúl an chairr agus crios sábhála air
  • is féidir crios speisialta a chur ar pháiste faoi mhíchumas.

Solas dearg (nó solas ómra splancarnach) ag crosairí comhréidh (crosbhealaigh iarnróid/bóthair): is gá stopadh agus fanacht ag an gcomhartha crosaire.

Saighead dhearg splancarnach ag crosairí comhréidh: ní gá stopadh agus fanacht ach amháin má theastaíonn uait casadh sa treo céanna leis an tsaighead.

Gluaisteáin phaisinéirí & veaineanna le leantóirí
Feithiclí faoi bhun 3.5 tona

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/h]

Bóithre i gceantar uirbeach
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
Mótarbhealaí/luasbhealaí
  • I gcás cónasc feithiclí suas le 3.5 tona a bhfuil trealamh teicniúil speisialta orthu: 100 km/h

Gluaisteáin phaisinéirí & veaineanna
Feithiclí faoi bhun 3.5 tona

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/h]

Bóithre i gceantar uirbeach
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
Mótarbhealaí/luasbhealaí
  • inmholta

Gluaisrothair
Feithiclí faoi bhun 3.5 tona

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/h]

Bóithre i gceantar uirbeach
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
Mótarbhealaí/luasbhealaí
  • inmholta

Busanna

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/h]

Bóithre i gceantar uirbeach
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
  • Busanna inar féidir paisinéirí a bheith ina seasamh
Mótarbhealaí/luasbhealaí
Mótarbhealaí/luasbhealaí
  • Busanna inar féidir paisinéirí a bheith ina seasamh
Mótarbhealaí/luasbhealaí
  • Busanna a bhfuil trealamh teicniúil speisialta orthu

Feithiclí earraí troma
os cionn 3.5 tona

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/h]

Bóithre i gceantar uirbeach
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
  • Feithiclí os cionn 7.5 tona
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
  • Feithicil suas le 7.5 tona le leantóir
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
  • Feithiclí suas le 7.5 tona
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach Feithicil os cionn 7.5 tona le leantóir
Mótarbhealaí/luasbhealaí
  • Feithicil le leantóir
Mótarbhealaí/luasbhealaí
  • Feithicil tarraingthe agus dhá leantóir léi

Toirmeasc iomlán ar alcól do thiománaithe nuacheadúnaithe agus do thiománaithe óga

Tiománaithe nuacheadúnaithe (ina dtréimhse phromhaidh) agus tiománaithe óga (faoi bhun 21 bhliain d’aois)

Curtha faoi smachtbhannaí le fíneáil agus 1 phointe sa Chlár náisiúnta um Oiriúnacht Tiomána (córas pointí pionóis)

Tá feidhm ag smachtbhannaí má léiríonn sampla fola leibhéal alcóil 0.5 mg/ml nó níos mó leibhéal alcóil 0.1 mg/l anála

0.5 mg/ml (fuil) nó 0.25 mg/l (anáil)

Gach tiománaí mótarfheithiclí

Curtha faoi smachtbhannaí le fíneáil, cosc ar thiomáint agus 2 phointe sa Chlár náisiúnta um Oiriúnacht Tiomána (córas pointí pionóis)

Meastar gur coir é sampla a léiríonn leibhéal alcóil 0.3 mg/ml nó níos mó san fhuil in éineacht le tiomáint lagaithe agus gearrtar fíneáil nó príosúnacht ar an tiománaí. Tá feidhm ag na smachtbhannaí céanna má bhraitear leibhéal alcóil 1.1 mg/ml san fhuil. D’fhéadfadh tarraingt siar an cheadúnais tiomána mar aon le tréimhse toirmisc chun é a athnuachan/a atheisiúint a bheith mar thoradh ar an dá chás sin freisin.

0,0 mg/ml

Tiománaithe gairmiúla (is féidir ciontóirí a bhriseadh as a bpost) agus tiománaithe earraí contúirteacha (faoi smachtbhannaí le fíneáil)

Teorainneacha THC (cannabas)

Cosc iomlán ar thiomáint

Tiománaithe nuacheadúnaithe (ina dtréimhse phromhaidh) agus tiománaithe óga (faoi bhun 21 bhliain d’aois).

Curtha faoi smachtbhannaí le fíneáil agus 1 phointe sa Chlár náisiúnta um Oiriúnacht Tiomána (córas pointí pionóis).

Tá feidhm ag smachtbhannaí má léiríonn sampla fola leibhéal 1.0 ng/ml THC nó níos mó.

3.5 ng/ml nó níos mó (fuil)

Gach tiománaí mótarfheithiclí

Curtha faoi smachtbhannaí le fíneáil, cosc ar thiomáint agus 2 phointe sa Chlár náisiúnta um Oiriúnacht Tiomána (córas pointí pionóis)

Má bhraitear THC i sampla fola (fiú faoi bhun 3.5 ng/ml) in éineacht le tiomáint lagaithe, caitear leis mar choir agus gearrtar fíneáil nó príosúnacht ar an tiománaí. D’fhéadfadh tarraingt siar an cheadúnais tiomána mar aon le tréimhse toirmisc chun é a athnuachan/a atheisiúint a bheith mar thoradh air.

0.0 ng/ml

Tiománaithe gairmiúla (is féidir ciontóirí a bhriseadh as a bpost)

Drugaí toirmiscthe

Meitiléindé-ocsa-amfataimín (MDA)

Meitiléindé-ocsa-eitilamfataimín (MDE)

Meitiléindé-ocsaimeitiolamfataimín (MDMA (eacstais))

Moirfín (hearóin)

Moirfín

Cócaon

Beansóileicgeainín

Amfataimín

Meitiolamfataimín

Curtha faoi smachtbhannaí le fíneáil, cosc ar thiomáint agus 2 phointe sa Chlár náisiúnta um Oiriúnacht Tiomána (córas pointí pionóis).

Déileáiltear le drugaí toirmiscthe a bhrath i sampla fola mar aon le tiomáint lagaithe, mar choir agus gearrtar pionós ar an tiománaí dá réir sin. D’fhéadfadh tarraingt siar an cheadúnais tiomána mar aon le tréimhse toirmisc chun é a athnuachan/a atheisiúint a bheith mar thoradh air.

Lánaí do choisithe, do rothaithe, do mharcaigh agus d'fheithiclí feirme

Ní ceadmhach an lána éigeandála a úsáid ach amháin má thugtar a mhalairt le fios go sainráite (m.sh. ar chomhartha bóthair 223.1).

Is é a chiallaíonn solas dearg i bhfoirm croise nach ceadmhach an lána a úsáid (ná stopadh sa lána sin)

Déantar lánaí speisialta atá in áirithe do sheirbhísí rialta bus agus cóiste a mharcáil le comhartha bóthair 245.

Úsáidtear comharthaí bóthair le lánaí toirmiscthe a thabhairt le fios – e.g. comharthaí 600, 605, 610, 615 agus 616.

Rothair
Móipéidí (Níl éigeantach i gcás feithiclí arb é 20 km/h a n-uasteorainn luais)
Gluaisrothair le carr cliathánach nó gan é
Trírothaigh éadroma agus throma (Níl éigeantach i gcás feithiclí arb é 20 km/h a n-uasteorainn luais)
Cuadrothair éadroma agus throma (Níl éigeantach i gcás feithiclí arb é 20 km/h a n-uasteorainn luais)
Ní ceadmhach do thiománaithe fón póca a úsáid gan fearas lámhshaor
Is ceadmhach do thiománaithe fón póca a úsáid má tá fearas lámhshaor in úsáid acu
Trealamh sábháilteachta i ngluaisteáinFearas garchabhrach
Triantán rabhaidh
Veist fhrithchaiteach
Tá boinn gheimhridh éigeantach
Trealamh sábháilteachta do rothaitheCoscáin
Cloigín rabhaidh
Gairis soilsiúcháin

Féach leat na rialacha i dtíortha eile

Séanadh

Is iad na húdaráis náisiúnta a chuireann an t-ábhar seo ar fáil maidir le rialacha sábháilteachta ar bhóithre agus tráchta de réir Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2015/413/AE. Ní ghlacann an Coimisiún Eorpach aon dliteanas as an ábhar seo ná as a chruinneas. Chun an t-eolas is cruinne agus is cothroime le dáta a fháil féach suíomhanna gréasáin náisiúnta, áit ar féidir leat eolas a fháil freisin faoi rialacha náisiúnta eile lena gcumhdaítear muirir ambhunaithe (greamáin), greamáin astaíochtaí agus dolaí bóthair.

See main information on this topic

Last checked: 01/07/2025
Share this page