Rialacha bóthair agus an tsábháilteacht ar bhóithre - An Spáinn

Cén riail a bhfuil suim agat inti?

Criosanna sábhála

Tá sé ÉIGEANTACH criosanna sábhála agus srianta sábháilteachta páiste a úsáid (Treoir 91/671/CEE arna leasú).

Níl criosanna sábhála éigeantach sna cásanna seo a leanas:

  • Tiománaithe atá ag cúlú nó ag páirceáil
  • Daoine faoi mhíchumas (ní mór teastas leighis a bheith acu)
  • Daoine a bhfuil díolúine leighis acu (ní mór teastas leighis a bheith acu)
  • Tiománaithe tacsaí atá ag tiomáint i gceantar uirbeach (ní mheasfar go bhfuil siad faoi dhliteanas i gcás paisinéirí nach bhfuil crios sábhála orthu)
  • Paisinéirí tacsaí a bhfuil níos lú ná 135 cm airde iontu, iad ina suí ar an suíochán cúil agus ag taisteal ar bhóithre uirbeacha amháin
  • Pearsanra seachadta atá ag lódáil agus ag dílódáil feithiclí (bóithre uirbeacha amháin)
  • Tiománaithe agus paisinéirí feithiclí éigeandála atá ar dualgas (bóithre uirbeacha amháin)
  • Teagascóirí tiomána ar dualgas (bóithre uirbeacha amháin)

Soilse tráchta

Is é a chiallaíonn solas dearg NEAMH-splancarnach gur ceart stopadh. Ní ceadmhach d'fheithiclí dul thar na soilse tráchta ná an líne stop, más ann di, a thrasnú.

Is é a chiallaíonn solas buí NEAMH-splancarnach gur gá stopadh de réir na rialacha céanna agus a dhéantar i gcás solas dearg neamhsplancarnach, ach amháin má tá an fheithicil róghar do na soilse tráchta nó don líne stop cheana féin le stopadh go sábháilte.

Is é a chiallaíonn solas dearg i bhfoirm X nach ceadmhach an lána a úsáid.

Gluaisrothair
Feithiclí faoi bhun 3.5 tona

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/h]

Bóithre uirbeacha ar a bhfuil leagan amach aon-leibhéil bóthair agus pábhála
Bóithre uirbeacha ar a bhfuil lána amháin i ngach treo
Bóithre uirbeacha ar a bhfuil dhá lána nó níos mó i ngach treo
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
Mótarbhealaí/luasbhealaí

Gluaisteáin phaisinéirí & veaineanna

Gluaisteáin phaisinéirí & veaineanna a bhfuil leantóirí ag gabháil leo
Feithiclí faoi bhun 3.5 tona

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/h]

Bóithre uirbeacha ar a bhfuil leagan amach aon-leibhéil bóthair agus pábhála

Bóithre uirbeacha ar a bhfuil lána amháin i ngach treo
Bóithre uirbeacha ar a bhfuil dhá lána nó níos mó i ngach treo
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
Mótarbhealaí/luasbhealaí

Feithiclí earraí troma
Feithiclí os cionn 3.5 tona

Gnáth-theorainneacha luais (mura dtugtar a mhalairt le fios ar chomhartha bóthair) [km/h]

Bóithre uirbeacha ar a bhfuil leagan amach aon-leibhéil bóthair agus pábhála

Bóithre uirbeacha ar a bhfuil lána amháin i ngach treo
Bóithre uirbeacha ar a bhfuil dhá lána nó níos mó i ngach treo
Bóithre lasmuigh de cheantar uirbeach
Mótarbhealaí/luasbhealaí

Busanna

Uasteorainneacha alcóil

0,3 mg/ml

Tiománaithe nuacheadúnaithe (ar feadh 2 bhliain tar éis dóibh ceadúnas tiomána nó ceadúnas speisialta a fháil)

0,3 mg/ml

Tiománaithe gairmiúla (Tiománaithe gairmiúla, tiománaithe na seirbhísí éigeandála, tiománaithe a bhíonn ag iompar earraí contúirteacha nó tiománaithe seirbhísí speisialta)

0,5 mg/ml

Gnáth-thiománaithe

0,0 mg/ml

Tiománaithe faoi aois

Tiomáint faoi thionchar drugaí

Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar drugaí.

Níl substaintí a ordaíodh mar chógas i gceist sa toirmeasc sin, ach amháin má théann siad i bhfeidhm ar chumas duine tiomáint.

Clogad sábháilteachta

Rothair (Rothaithe faoi bhun 16 bliana d'aois: éigeantach – Rothaithe os cionn 16 bliana d’aois: moltar ceann a úsáid i gceantar uirbeach agus tá sé éigeantach ceann a úsáid lasmuigh de cheantar uirbeach)
Móipéidí (Díolúine ar chúiseanna leighis – is gá teastas dochtúra a thaispeáint)
Gluaisrothair le carr cliathánach nó gan é (Díolúine ar chúiseanna leighis – is gá teastas dochtúra a thaispeáint)
Trírothaigh éadroma agus throma (Díolúine ar chúiseanna leighis – is gá teastas dochtúra a thaispeáint)
Cuadrothair éadroma agus throma (Díolúine ar chúiseanna leighis – is gá teastas dochtúra a thaispeáint)

Lána toirmiscthe

Tá lánaí áirithe ann a choinnítear d’fheithiclí áirithe, e.g. busanna. tacsaithe, rothair etc. – féadfar fíneáil €200 a ghearradh as úsáid neamhúdaraithe

Ní ceadmhach do thiománaithe fón póca nó aon fhearas cumarsáide eile a úsáid agus iad ag tiomáint.
Is ceadmhach do thiománaithe fón póca nó fearas eile (bluetooth) a úsáid má tá fearas lámhshaor in úsáid acu. Ní ceadmhach cluasáin a úsáid.
Tá sé éigeantach soilse na feithicle a bheith lasta i rith an lae Níl sé éigeantach ach i gcás gluaisrothar
Níl sé éigeantach i gcás feithiclí eile, ach má tá an léargas laghdaithe
Trealamh sábháilteachta le haghaidh mótarfheithiclíRoth breise agus fearas feiste rotha
2 thriantán rabhaidh guaise nó solas rabhaidh éigeandála ómra
Veist fhrithchaiteach
Busanna agus feithiclí earraí os cionn 3.5 tona: gach ní thuasluaite móide múchtóir dóiteáin
Tá sé éigeantach slabhraí rotha a úsáid i sneachta trom.
Trealamh sábháilteachta rothaithe
Clogad (rothaithe faoi bhun 16 bliana d’aois: éigeantach; rothaithe os cionn 16 bliana d’aois: moltar ceann a úsáid i gceantar uirbeach agus tá sé éigeantach ceann a úsáid lasmuigh de cheantar uirbeach)
Éadaí frithchaiteacha / gabhálais fhrithchaiteacha shofheicthe má táthar ag rothaíocht ar bhóithre idir-uirbeacha má tá an léargas laghdaithe
Ceannsoilse agus cúlsoilse agus frithchaiteoir cúil má táthar ag rothaíocht agus an léargas laghdaithe

Féach leat na rialacha i dtíortha eile

Séanadh

Is iad na húdaráis náisiúnta a chuireann an t-ábhar seo ar fáil maidir le rialacha sábháilteachta ar bhóithre agus tráchta de réir Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2015/413/AE. Ní ghlacann an Coimisiún Eorpach aon dliteanas as an ábhar seo ná as a chruinneas. Chun an t-eolas is cruinne agus is cothroime le dáta a fháil féach suíomhanna gréasáin náisiúnta, áit ar féidir leat faisnéis a fháil freisin faoi rialacha náisiúnta eile lena gcumhdaítear muirir ambhunaithe (greamáin), greamáin astaíochtaí agus dolaí bóthair.

See main information on this topic

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 29/10/2024
Share this page