Roinnt samplaí:
Tá faoi shaoránach Briotanach taisteal lena fear céile,
nach saoránach AE é, ó thír amháin AE go ceann eile, mar a bhfuil teach teaghlaigh aici – ach is deacair di víosa a fháil dó.
A bhuí le An Eoraip Agatsa – Comhairle, tá a céile in ann taisteal gan foirmiúlachtaí míchuí.
Deirtear le hOstarach a bhfuil
dioplóma Briotanach aige mar theicneoir fiacla nach dtig leis a ghnó a bhunú san Ostair.
Insíonn An Eoraip Agatsa – Comhairle dó faoi na foirmiúlachtaí ábhartha is na cáipéisí is gá, agus cuireann ar aghaidh é chuig an údarás Ostarach atá in ann cabhrú leis.