Your Europe – Comhairle

Mura bhfreagraíonn an t-eolas atá ar Your Europe do chuid ceisteanna uile nó mura réitíonn sé d’fhadhb, is féidir leat comhairle phearsantaithe saor in aisce a fháil ó shaineolaí faoi do chearta mar shaoránach den Aontas i bhfíorchás (nach cás teoiriciúil é) ach teagmháil a dhéanamh le Your Europe – Comhairle.

Cé go ndéanann foireann gréasáin Your Europe a ndícheall gach a míniú faoi bheith ag maireachtáil, ag obair, ag staidéar, ag siopadóireacht, ag taisteal agus i mbun gnó san Aontas, d’fhéadfadh cuidiú speisialaithe a bheith uait.

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Má chuardaigh tú an suíomh gréasáin agus mura bhfuil freagra do cheiste aimsithe agat fós, cuardaigh an cnaipe ag bun gach leathanaigh ar a bhfuil an lipéad ‘Cuidiú agus comhairle’. Nó is féidir cliceáil ar ‘Teagmháil leis na seirbhísí cúnaimh’ sa roghchlár ag barr gach leathanaigh.

Treorófar thú chuig an tseirbhís is oiriúnaí duit agus tá Your Europe – Comhairle ar cheann acu sin. Glacann Your Europe – Comhairle le do cheist in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais agus cuireann sí ar aghaidh chuig saineolaí í. Ba cheart duit freagra a fháil laistigh de sheachtain.

Tá an tseirbhís saor in aisce seo á soláthar ag saineolaithe dlí ó Sheirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach (ECAS), a oibríonn faoi chonradh leis an gCoimisiún Eorpach. Tá os cionn 55 dhlíodóir neamhspleácha ar an bhfoireann a bhfuil cur amach acu ar dhlí an Aontais agus ar dhlíthe náisiúnta i ngach Ballstát. Roghnaíodh na saineolaithe dlí sin de réir na gcritéar a leag an Coimisiún Eorpach síos sa ghlao ar thairiscintí. Déanann an Coimisiún Eorpach agus ECAS rialú comhpháirteach ar cháilíocht na bhfreagraí trí shamplaí a sheiceáil de réir critéir réamhshainithe. Féadfaidh na saineolaithe idirchaidreamh a dhéanamh le seirbhís eile de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ar a dtugtar SOLVIT, chun cuidiú leat féin nó le do chuideachta má chuireann údarás náisiúnta dlí an Aontais i bhfeidhm go mícheart.

Cé atá in ann Your Europe – Comhairle a úsáid?

Tá an tseirbhís ar oscailt do

  • náisiúnaigh de chuid an Aontais
  • náisiúnaigh thíortha LEE (an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin)
  • baill teaghlaigh náisiúnach AE/LEE
  • náisiúnaigh tríú tír má tá cearta an Aontais acu
  • gnólachtaí (a bhfuil a gceanncheathrú lonnaithe i mBallstát)
  • seirbhísí faisnéise agus comhairle Eorpacha agus náisiúnta thar ceann daoine aonair (seachas gnólachtaí dlí, comhairleoirí cánach, sainchomhairleoirí agus eintitis chomhchosúla).

Tabhair do d’aire nach féidir leis an bhfoireann Your Europe – Comhairle an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cuidiú leat i dtaca le saincheisteanna a bhaineann go heisiach leis an dlí náisiúnta
  • comhairle dlí dhomhain a thabhairt
  • cruinnithe duine le duine a thairiscint
  • cás dlí a thógáil ar do shon
  • ceisteanna a fhreagairt faoi chláir mhaoiniúcháin.

Séanadh

Déanann foireann Your Europe – Comhairle gach iarracht a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis agus an chomhairle a chuireann siad ar fáil cruinn. Mar sin féin, ní ghlacann siad féin ná an Coimisiún Eorpach le haon fhreagracht ná dliteanas as earráidí, míchruinnis nó easnaimh. Tá an fhaisnéis agus an chomhairle neamhcheangailteach, agus ní gá gurb ionann iad agus tuairim ranna éagsúla an Choimisiúin Eorpaigh.

Ráiteas príobháideachais

Agus fiosrú á chur isteach agat, iarrfar faisnéis phearsanta ort. Pléitear leis an bhfaisnéis sin de réir an bheartais a bhfuil cur síos air inár ráiteas rúndachta PDF . Mura bhfuil saineolaithe Your Europe – Comhairle cinnte faoi chás, féadfaidh siad teagmháil a dhéanamh lena bhfoireann bainistíochta (ECAS) nó leis an gCoimisiún, ach ní fhéadfaidh siad teagmháil a dhéanamh le haon údarás náisiúnta riamh. Ní nochtann siad sonraí pearsanta riamh.

Faigh cuidiú agus comhairle

Last checked: 08/04/2025
Share this page