Ceisteanna Coitianta - Cásanna Éigeandála

Chun aon uimhir amháin a thabhairt duit is féidir leat a úsáid i gcás éigeandála cibé áit a bhfuil tú san Aontas agus ar an gcaoi sin, ní gá duit cuimhneamh ar uimhir dhifriúil do gach tír.

Níl ach aon uimhir amháin ann a oibríonn ar fud an Aontais, is í sin 112, rud a fhágann nach gá dúinn ach cuimhneamh ar an uimhir sin agus muid faoi bhrú i gcás éigeandála.

NÍ THAGANN – oibríonn 112 i ngach tír den Aontas in éineacht leis na huimhreacha éigeandála náisiúnta atá ann cheana. Má tá na huimhreacha sin ar eolas agat, is féidir leat iad a úsáid freisin – gheobhaidh tú an tseirbhís chéanna.

I roinnt tíortha den Aontas, is í 112 an phríomhuimhir éigeandála.

I gcásanna éigeandála amháin. Ní seirbhís fiosrúcháin í 112.

Nuair a ghlaonn tú ar 112, nascfar thú le hoibreoir a chuirfidh ar aghaidh thú chuig an tseirbhís éigeandála a theastaíonn uait.

Teanga/teangacha na tíre ina bhfuil tú.

  • Béarla – i roinnt tíortha
  • Teangacha Eorpacha eile – ach braitheann sé sin go hiomlán ar an tír agus ar na hoibreoirí atá ag obair ag an am.
  • Ní chuirtear aon raon caighdeánach ná raon íosta teangacha ar fáil.

Mura bhfuil tú in ann labhairt i gceart, nó mura bhfuil a fhios agat go díreach cá bhfuil tú, cuirfidh an t-oibreoir an oiread eolais agus is féidir faoin áit a bhfuil tú chuig na seirbhísí éigeandála – seoladh an líne talún nó suíomh d'fhóin phóca.

Is raon de 6 uimhir líne chabhrach Eorpacha, saor in aisce iad do leanaí agus do dhaoine fásta atá i ngátar. Is féidir iad a úsáid i bhformhór thíortha an Aontais (cé nach bhfuil clúdach ar fud an Aontais go fóill).

Tugann siad rochtain ar sheirbhísí cabhrach áitiúla ar leith.

  • 116 000 – beolíne do leanaí atá ar iarraidh
  • 116 111 – líne chabhrach do leanaí
  • 116 123 – líne chabhrach le haghaidh tacaíocht mhothúchánach
  • 116 006 – líne chabhrach d’íospartaigh na coireachta
  • 116 117 – cúnamh leighis neamhéigeandála
  • 116 016 – líne chabhrach do mhná ar íospartaigh an fhoréigin iad

See main information on this topic

EU legislation

Last checked: 18/03/2025
Share this page