Pointí eolais le haghaidh cúram sláinte trasteorann
Pointí Teagmhála Náisiúnta
Tá Pointe Teagmhála Náisiúnta amháin ar a laghad ag gach Ballstát ar féidir leis cabhrú leat le ceisteanna faoi chóir leighis i mBallstát eile den Aontas. Tá pointí teagmhála réigiúnacha nó áitiúla ag roinnt tíortha freisin.
Féach liosta de Phointí Teagmhála Náisiúnta in aghaidh na tíre.
An méid is féidir leo a dhéanamh (i do thír dhúchais):
Is féidir le do Phointe Teagmhála Náisiúnta eolas a thabhairt duit faoin gceart atá agat cúram sláinte a fháil i dtíortha eile den Aontas, an méid seo a leanas san áireamh
- do chearta chun cóireáil riachtanach a fháil leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte
- do cheart go n-aisíocfaí do chostais ar fad nó cuid díobh
- roghanna éagsúla chun na costais a bhaineann leis an gcóir leighis atá beartaithe agat i mBallstát eile a chumhdach
- cé na cineálacha cóireála a aisíoctar agus cé mhéad is féidir leat a bheith ag súil leis mar aisíocaíocht
- má tá réamhúdarú uait agus conas iarratas a dhéanamh air
- nósanna imeachta riaracháin maidir le haisíocaíocht costas
- conas achomharc a dhéanamh mura n-urramaítear do chearta
An méid is féidir leo a dhéanamh (sa tír inar mian leat go gcaithfí leat):
Is féidir leis an bPointe Teagmhála Náisiúnta eolas a thabhairt duit faoin méid seo a leanas
- na soláthraithe cúraim sláinte a chumhdaítear leis an Scéim Eorpach um Árachas Sláinte
- córas cúraim sláinte na tíre sin agus an chaoi a gcinntíonn siad cáilíocht, sábháilteacht agus comhlíonadh na gcaighdeán náisiúnta
- cé acu atá nó nach bhfuil soláthraí áirithe cláraithe agus údaraithe chun cóireálacha leighis sonracha a sholáthar, agus cén córas cáilíochta agus sábháilteachta a chumhdaíonn an soláthraí sin
- inrochtaineacht ar ospidéil do dhaoine faoi mhíchumas
- cearta othar sa tír sin, eolas faoi do roghanna má théann rud éigin amú nó mura bhfuil tú sásta leis an gcóireáil leighis a fhaigheann tú san áireamh
Institiúidí árachais sláinte
Is féidir le do sholáthraí árachais sláinte eolas a thabhairt duit freisin faoin gceart atá agat cóir leighis riachtanach nó cóir leighis atá beartaithe a fháil i mBallstát eile. Go háirithe, is féidir leo tuilleadh eolais a thabhairt duit maidir le conas Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC) a fháil, aisíocaíochtaí, réamhúdarú agus aon fhoirmiúlachtaí riaracháin agus cóir leighis á lorg agat i dtír eile.
Soláthraithe cúraim sláinte
Ní mór do sholáthraithe cúraim sláinte, cuir i gcás ospidéal, clinic nó bunaíocht leighis eile, insint duit faoi na nithe seo a leanas:
- roghanna cóireála éagsúla, cáilíocht agus sábháilteacht, stádas údaraithe/clárúcháin an tsoláthraí cúraim sláinte etc., chun go mbeidh tú in ann rogha eolasach a dhéanamh faoi do chóir leighis
- praghsanna cóireála sula gcuirtear ort í, agus sonrasc soiléir a chur ar fáil duit ina dhiaidh sin chun aisíocaíocht a éascú
- a n-árachas dliteanais nó a choibhéis
Ba cheart do sholáthraithe cúraim sláinte cóip de do thaifead leighis scríofa nó leictreonach a thabhairt duit, má lorgaíonn tú cúram sláinte i dtír eile nó má cuireadh cóir ort i dtír eile.
SOLVIT
Má cheapann tú nár chloígh na húdaráis náisiúnta le do chearta san Aontas maidir le cúram sláinte trasteorann, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le SOLVIT en chun cúnamh a fháil.
Is seirbhís í SOLVIT arna cur ar fáil ag an údarás riaracháin náisiúnta i ngach tír san Aontas agus san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin. Tá SOLVIT saor in aisce agus tá sé d’aidhm aige réitigh a fháil laistigh de 10 seachtaine – ag tosú ar an lá a nglacann ionad SOLVIT sa tír inar tharla an fhadhb le do chás.