Ceisteanna Coitianta - Toghcháin Eorpacha
Cathain a bheidh na chéad toghcháin Eorpacha eile ann?
Beidh na chéad toghcháin Eorpacha eile ar siúl in 2029. Cinneann gach tír de chuid
an Aontais an dáta nó na dátaí a mbeidh an vótáil ar siúl, laistigh de thréimhse áirithe.
Cad iad torthaí na dtoghchán Eorpach is déanaí?
Idir an 6 agus an 9 Meitheamh 2024 a bhí na toghcháin Eorpacha is déanaí ann. Is féidir
leat féachaint ar na torthaí go léir ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa.
Cé ar féidir leis vótáil sna toghcháin Eorpacha?
Is féidir le gach saoránach den Aontas vóta a chaitheamh i dtoghcháin an Aontais.
Ní féidir leat vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha i níos mó ná tír amháin. Má
tá d'ainm ar rolla na dtoghthóirí i do thír féin, e.g. an Ostair, ach más mian leat
vótáil i dtír eile, e.g. an Ghearmáin, ní mór duit a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn
agat é sin a dhéanamh agus a bheith ar rolla na dtoghthóirí sa Ghearmáin.
An bhfuil vótáil sna toghcháin Eorpacha éigeantach?
Tá an vótáil éigeantach i roinnt tíortha. Féach suíomh gréasáin na n-údarás náisiúnta.
Cad í an aois vótála íosta náisiúnta do thoghcháin Eorpacha?
Tá sé de chead ag gach tír de chuid an Aontais a haois vótála íosta náisiúnta féin
a shocrú. Faoi láthair, tá sé socraithe ag 16 bliana san Ostair, sa Ghearmáin agus
i Málta, 17 mbliana sa Ghréig, agus 18 mbliana i ngach tír eile. Sa Bheilg, is féidir
le saoránaigh den Aontas Eorpach iarratas a dhéanamh ar vóta a chaitheamh i dtoghcháin
Eorpacha ó 16 bliana d’aois ar aghaidh.
An bhfuil nósanna imeachta speisialta ann do shaoránaigh den Aontas atá ina gcónaí i dtír eile agus ar mian leo vótáil ina dtír thionscnaimh?
Tugann beagnach gach tír den Aontas cead dá náisiúnaigh vótáil ó thír eile i dtoghcháin
Eorpacha. I roinnt tíortha, ceanglaítear ar vótálaithe clárú lena n-údaráis toghcháin
náisiúnta le bheith incháilithe le vótáil ó thír eile (tríd an bpost nó ag ambasáid
nó consalacht) agus i dtíortha eile, féadtar vótaí poist a dhéanamh ag ambasáidí nó
consalachtaí.
Is náisiúnach den Aontas mé atá i mo chónaí i dtír eile den Aontas. Cad é an spriocdháta agus an nós imeachta chun clárú le vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir?
Téigh i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta sa tír ábhartha.
An féidir liom vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha sa tír ina bhfuil cónaí orm agus i dtír mo náisiúntachta araon?
Ní féidir. Ní mór duit ceann a roghnú.
Cé chomh minic agus a bhíonn toghcháin Eorpacha ann?
Gach 5 bliana.
Cé mhéad Feisire atá i bParlaimint na hEorpa?
Sna toghcháin Eorpacha is déanaí, bhí 705 Fheisire ann, a toghadh as 27 mBallstát
an Aontais.
Cé mhéad suíochán a leithdháiltear ar gach Ballstát i bParlaimint na hEorpa?
Cuirtear san áireamh i líon na suíochán in aghaidh na tíre an daonra i ngach tír de
chuid an Aontais chomh maith leis an ngá atá le híosleibhéal ionadaíochta do shaoránaigh
Eorpacha ó thíortha beaga. Is é 6 shuíochán an líon íosta suíochán in aghaidh na tíre
agus is é 96 an líon uasta.
Is cónaitheoir buan mé sa Bheilg, ach tá dé-shaoránacht agam san Fhionlainn agus san Ísiltír. Cé na toghcháin inar féidir liom vótáil?
Is féidir leat vótáil d’iarrthóirí sa Bheilg, san Fhionlainn nó san Ísiltír – ach
ní féidir ach vótáil d’iarrthóirí i gceann amháin acu sin. Má roghnaíonn tú vótáil
do liosta na Fionlainne nó na hÍsiltíre, beidh ort féachaint ar na socruithe praiticiúla
chun vótáil ó thír eile.
Cad a tharlaíonn má tá vótáil éigeantach sa dá thír a bhfuil náisiúntacht agam ina leith?
Cuireann dlí an Aontais cosc ar vótáil níos mó ná uair amháin i dtoghchán Eorpach.
Gabhann an dlí sin ionad dlíthe náisiúnta maidir le vótáil éigeantach, i gcásanna
dénáisiúntachta. Is é sin le rá, ní féidir le haon tír den Aontas iallach a chur ort
vótáil ansin má tá cinneadh déanta agat vótáil sa tír eile ina bhfuil náisiúntacht
agat.
Conas is féidir liom vótáil má tá cónaí orm i dtír nach bhfuil san Aontas Eorpach?
Má tá cónaí ort lasmuigh den Aontas, is gnách gur féidir leat vóta a chaitheamh i
dtoghcháin an Aontais in ambasáid nó i gconsalacht do thíre baile, ach braitheann
do cheart vótála ar na rialacha toghcháin i do thír dhúchais.
Is Ostarach mé agus táim i mo chónaí sa Ghearmáin. An gcaithfidh mé mo vóta san Ostair nó sa Ghearmáin, nó an féidir liom vótáil sa dá thír?
Ní féidir leat vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha i níos mó ná tír amháin. Má
tá d'ainm ar rolla na dtoghthóirí i do thír féin, an Ostair, ach más mian leat vótáil
sa Ghearmáin, ní mór duit a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn agat é sin a dhéanamh
agus a bheith ar rolla na dtoghthóirí sa Ghearmáin.
Cé ar féidir leis seasamh mar iarrthóir sna toghcháin Eorpacha?
Is féidir leat seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin an Aontais más náisiúnach de chuid
an Aontais thú. Is féidir leat seasamh mar iarrthóir i do thír thionscnaimh nó, má
tá cónaí ort i dtír eile san Aontas, is féidir leat seasamh mar iarrthóir sa tír sin.
Beidh tú faoi réir na gcoinníollacha céanna is a bheadh náisiúnaigh na tíre sin.
Cad é an nós imeachta chun seasamh mar iarrthóir?
Tá a nós imeachta féin ag gach tír de chuid an Aontais chun seasamh mar iarrthóir.
Más mian leat seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Eorpacha agus cónaí ort i mBallstát
nach náisiúnach dá chuid thú, ní mór duit na doiciméid tacaíochta chéanna a chur isteach
agus a chuirtear ar fáil d’iarrthóirí ar náisiúnaigh iad.
Cén áit ar féidir liom eolas a fháil faoi vótáil?
Téigh chuid suíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh
freisin le Europe Direct.
Conas is féidir leis an Aontas cabhrú liom má bhíonn fadhb agam maidir le mo chearta toghchánacha?
Cuireann An Eoraip Agatsa comhairle phearsanta ar fáil faoi na cearta atá agat san
Aontas Eorpach, soiléiríonn sé dlí an Aontais Eorpaigh de réir mar a bhaineann sé
le do chás féin agus treoraíonn sé thú chuig comhlacht ar féidir leis tuilleadh cúnaimh
a thabhairt, más gá. De rogha air sin, is féidir le SOLVIT cabhrú leat nuair nach
n-urramaíonn údarás poiblí i mBallstát eile do chearta AE. Féadfaidh siad teagmháil
a dhéanamh leis an údarás chun oibriú leo le d'fhadhb a réiteach.
Last checked: 19/06/2024