Teach a cheannach
An ceart maoin a cheannach
Mar shaoránach den Aontas, tá sé de cheart agat cónaí in aon tír eile san Aontas agus tá na cearta céanna agat agus atá ag saoránaigh na tíre sin maidir le maoin a cheannach nó a dhíol. Baineann na cearta sin le tithe a úsáidtear mar phríomháit chónaithe, áiteanna cónaithe tánaisteacha (nó saoire), agus maoin oifige.
Cosaint
Má théann rud éigin amú, agus má bhraitheann tú nár urramaíodh do chearta mar thomhaltóir, tá modhanna éagsúla sásaimh ann. Léigh faoi do chearta mar thomhaltóir agus na bealaí éagsúla chun cabhair a fháil bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.
Cáin
Más mian leat morgáiste a fháil chun do cheannach maoine a mhaoiniú, b'fhéidir go mbeidh ort uimhir chánach arna heisiúint ag an tír sin a bheith agat chun comhaontú iasachta a dhéanamh le banc. Tuilleadh eolais faoi mhorgáistí san Aontas Eorpach bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach suíomh gréasáin náisiúnta na tíre inar mian leat teach a cheannach.