Ceanglais inrochtaineachta le haghaidh seirbhísí agus táirgí
Más soláthraí seirbhíse thú, nó más monaróir, iompórtálaí nó dáileoir táirgí thú, ba cheart duit eolas a chur ar rialacha an Aontais maidir le hinrochtaineacht. Is é is aidhm do na rialacha sin go mbeidh daoine faoi mhíchumas agus daoine eile a bhfuil srianta fisiceacha orthu (ina measc sin daoine scothaosta, mná torracha, agus daoine a bhfuil bagáiste á iompar acu) in ann do tháirge nó do sheirbhís a úsáid.
Samplaí de tháirgí agus seirbhísí atá faoi réir na rialacha inrochtaineachta
- Ríomhairí agus córais oibriúcháin
- Gléasanna cumarsáide amhail fóin chliste, táibléid, agus ríomhleabhair
- Trealamh digiteach teilifíse
- Uathmheaisíní bainc, teirminéil íocaíochta cárta, agus meaisíní seiceáil isteach
- Siopaí ar líne, ardáin ticéadaithe, agus seirbhísí baincéireachta.
Féach an reachtaíocht ábhartha chun liosta iomlán na dtáirgí agus na seirbhísí atá faoi réir na rialacha inrochtaineachta a fheiceáil, chomh maith leis na ceanglais shonracha a bhfuil feidhm acu.
Warning
Roghnaigh roinnt tíortha de chuid an Aontais cloí le rialacha an Aontais maidir le hinrochtaineacht foirgneamh agus maidir leis an timpeallacht thógtha. Más é sin a roghnaigh do thír féin, beidh ort a chur san áireamh a éasca atá sé rochtain a fháil ar limistéir amuigh faoin aer, ar bhealaí isteach, ar leithris, etc.Rialacha ginearálta inrochtaineachta
Na rialacha sonracha inrochtaineachta a bhfuil feidhm acu i do chás féin, is ag brath ar do tháirge nó ar do sheirbhís a bheidh siad. Mar sin féin, ba cheart táirgí agus seirbhísí (agus aon uirlisí tacaíochta custaiméara nó lámhleabhair treorach a ghabhann leo)
- a bheith oiriúnach lena n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas cognaíoch
- a bheith idir-inoibritheach le teicneolaíochtaí cúnta, amhail rialú gutha agus léitheoirí scáileáin
- roghanna éagsúla ionchuir agus aschuir a chur ar fáil (méarchlár, guth, tadhall, etc.)
- a bheith so-úsáidte, leagan amach comhsheasmhach a bheith orthu, agus nascleanúint loighciúil ag baint leo
- go leor ama a thabhairt chun tascanna a chur i gcrích
- íomhánna a spreagann taomanna (e.g. ábhar gealánach) a sheachaint
Eisceachtaí
Tá feidhm ag na ceanglais sin maidir le táirgí agus seirbhísí a chuirtear ar an margadh tar éis an 28 Meitheamh 2025. Mar sin féin, déantar eisceachtaí maidir leis na cásanna seo a leanas:
- táirgí agus seirbhísí a tháinig isteach sa mhargadh le linn na hidirthréimhse go dtí na rialacha nua
- teirminéil féinseirbhíse a bhí in úsáid roimh an 28 Meitheamh 2025 (tá an eisceacht seo bailí go ceann 20 bliain ar a mhéad tar éis di teacht in úsáid den chéad uair)
- gnó seirbhísbhunaithe ag a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí agus láimhdeachas faoi bhun €2 mhilliún.
Mar sin féin, tá gach gnólacht i dteideal a mhaíomh gur ualach díréireach atá sna hoibleagáidí. Chun an maíomh sin a dhéanamh, ní mór duit fianaise a chur ar fáil, rud a ndéanfar athbhreithniú air gach 5 bliana, go bhfuil an costas nó an iarracht chun comhlíonta iomarcach.
Measúnú comhréireachta
Ní mór duit dearbhú a chur ar fáil do na húdaráis lena ndeimhnítear go gcomhlíonann do tháirgí ceanglais an Aontais maidir le hinrochtaineacht. Beidh ort cur síos a dhéanamh freisin ar do tháirge nó do sheirbhís, ina míníonn tú an chaoi a gcomhlíonann sé/sí na ceanglais, chomh maith leis na nósanna imeachta teicniúla agus deartha a úsáidtear ag céim na monaraíochta/an táirgthe.
Scéal samplach
Ticéad ceolchoirme a chur in áirithe
Is leatsa mórshuíomh gréasáin ticéadaithe. Téann Simon, a bhfuil disléicse air, chuig do shuíomh chun ticéid a chur in áirithe le haghaidh ceolchoirme. Rinne do dhearthóirí grafaicí deimhin de an t-ardán a dhearadh ionas go mbeidh eilimintí an leathanaigh an-soiléir. Tá íomhá ar an suíomh freisin a thaispeánann leagan amach na n-ionad éagsúil, agus déantar na suíocháin a dhathchódú de réir a n-infhaighteachta. Cliceálann Simon ar na suíocháin atá sé a iarraidh. Tugann sé faoi deara freisin go gcuireann do shuíomh rogha fuaime ar fáil, ach tá an téacs inrochtana go leor nach gá dó í a úsáid.
Féach freisin
Tionscnamh W3C maidir le hInrochtaineacht Gréasáin en