Mura n-aimsíonn tú post

Cad a tharlaíonn mura n-aimsíonn tú post thar lear? D’fhéadfá cinneadh a dhéanamh filleadh abhaile níos luaithe ná mar a bhí beartaithe agat, fanacht agus post a chuardach ar feadh tréimhse níos faide ná mar a bhí beartaithe agat, nó fanacht agus sochair dhífhostaíochta a éileamh. Léigh thíos faoin méid atá le déanamh agat sna cásanna sin.

Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh a fhios agat cé na foirmeacha a bheidh uait.

Ag filleadh abhaile níos luaithe ná mar a luadh ar d’fhoirm U2

Má fhilleann tú ar an tír a íocann do shochair roimh dheireadh na tréimhse atá sonraithe ar d’fhoirm U2, leanfaidh tú de na sochair dhífhostaíochta a deonaíodh duit a fháil. Ní athrófar fad ná méid iomlán na sochar dífhostaíochta atá tú i dteideal a fháil.

Scéal samplach

Tá tú i dteideal sochair dhífhostaíochta ar feadh 8 mí sa tír inar chaill tú do phost. Fuair tú sochair ar feadh 2 mhí ansin, agus sochair 2 mhí eile thar lear. Tá tú go fóill i dteideal sochar ar feadh 4 mhí nuair a fhillfidh tú.

I gcás nár aimsigh tú post sa chéad tír a ndeachaigh tú chuici, is féidir leat dul ag cuardach i dtír eile. Más mian leat leanúint de do shochair dhífhostaíochta a fháil agus tú thar lear, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • iarratas a dhéanamh ar fhoirm U2 (foirm E 303 roimhe seo) - údarú chun do shochair dhífhostaíochta a easpórtáil - ó do sheirbhísí náisiúnta fostaíochta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.

Warning

Fiafraigh de d’ionad poist an mbeidh ort filleadh abhaile chun iarratas a dhéanamh ar an údarú nua seo nó an féidir leat é a dhéanamh go cianda.

  • glac le haon seiceálacha a dhéantar ar éilitheoirí sochar dífhostaíochta sa dara tír, amhail is dá mbeifeá ag fáil sochair dhífhostaíochta sa tír sin.

Níor chóir go mairfeadh fad iomlán do chuairte thar lear (i.e. i ngach tír) níos faide ná 3 mhí (le síneadh féideartha suas le 6 mhí má aontaíonn an t-údarás a íocann do shochair leis agus sa chás sin amháin).

Ag fanacht thar leat ar feadh tréimhse níos faide ná mar a luadh ar d’fhoirm U2

Má fhanann tú níos faide ná 3 mhí sa tír eile gan post ná síneadh a fháil, caillfidh tú do cheart ar gach sochar dífhostaíochta tar éis dheireadh na tréimhse atá luaite ar d’fhoirm U2 agus beidh ort cáiliú an athuair. Ciallaíonn sé sin go mb'fhéidir go mbeidh ort dul i mbun oibre arís ar feadh píosa sula mbeidh tú i dteideal sochair dhífhostaíochta a fháil arís.

Má bhraitheann tú nach féidir leat filleadh laistigh de 3 mhí, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí fostaíochta sa tír inar chaill tú do phost sula mbeidh na 3 mhí istigh, agus síneadh a iarraidh orthu.

Warning

Déan iarratas ar an síneadh a luaithe is féidir. Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an síneadh roimh dheireadh na tréimhse tosaigh 3 mhí.

Scéal samplach

Déan cinnte iarratas a dhéanamh ar do shíneadh in am

Is as an Spáinn do Ramón agus chuaigh sé go dtí an Ungáir. Bhreac sé foirm U2 (foirm E 303 roimhe seo) leis chun go mbeadh sé in ann leanúint de shochar dífhostaíochta a fháil ar feadh 3 mhí agus é thar lear. Ach d’fhan sé beagán níos faide mar gheall ar agallamh poist tábhachtach. Nuair a d'fhill Ramón ar an Spáinn, chaill sé a theidlíocht ar shochar dífhostaíochta.

Chun é sin a sheachaint, déan iarratas i gcónaí ar shíneadh ama ó d’ionad náisiúnta fostaíocht roimh dheireadh na tréimhse 3 mhí. Féadfaidh siad a chomhaontú go leanfaidh siad de do shochair a íoc go ceann 3 mhí eile agus post á lorg agat thar lear. Mura bhfuil freagra faighte agat nó mura bhfuil tú cinnte go bhfaighidh tú an síneadh ama, is fearr duit filleadh roimh dheireadh na tréimhse 3 mhí.

Má fhilleann tú ar do thír féin nó má dhéanann tú iarratas ar shíneadh tar éis na 3 mhí tosaigh a bheith críochnaithe, tá an baol ann go gcuirfear deireadh le do shochar, mar a tharla i gcás Ramón.

Fiú mura bhfuil sochar dífhostaíochta á fháil agat, ní féidir iallach a chur ort do thír nua a fhágáil chomh fada agus is féidir leat a chruthú go bhfuil post á lorg agat go fóill agus go bhfuil seans maith agat ceann a fháil.

Warning

Coinnigh cóipeanna de d’iarratais ar phoist, de chuirí chun agallaimh agus d’aon fhreagraí eile ar d’iarratais ar phoist.

Sochair dhífhostaíochta a éileamh tar éis duit a bheith ag obair thar lear

Má chailleann tú do phost, go ginearálta, ba cheart duit sochair dhífhostaíochta a éileamh sa tír dheireanach inar oibrigh tú.

I gcás ina raibh tú i d’oibrí trasteorann bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv le linn na tréimhse deireanaí fostaíochta nó féinfhostaíochta (i gcás ina raibh tú i do chónaí i mBallstát eile den Aontas seachas an tír ina raibh tú ag obair agus i gcás inar fhill tú ar an tír sin uair sa tseachtain ar a laghad), ba cheart duit sochair dhífhostaíochta a éileamh sa tír ina bhfuil cónaí ort, bunaithe ar do thréimhsí oibre thar lear. Beidh ort foirm U1 a iarraidh (foirm E 301 roimhe seo) sa tír dheireanach inar oibrigh tú.

I gcás ina raibh cónaí ort i mBallstát eile den Aontas le linn na tréimhse deireanaí fostaíochta nó féinfhostaíochta agus i gcás nár fhill tú ar an tír sin uair sa tseachtain ar a laghad, is féidir leat sochair dhífhostaíochta a éileamh i do thír chónaithe nó sa tír dheiridh inar oibrigh tú. Má fhilleann tú ar do thír chónaithe, beidh ort foirm U1 a iarraidh (foirm E 301 roimhe seo) sa tír dheireanach inar oibrigh tú.

Fiú gan an fhoirm, is féidir leis an údarás atá ag plé le d’éileamh an t-eolas a fháil go díreach ó thíortha eile. Ach má chuireann tú foirm U1 comhlánaithe dóibh, is é is dóichí go mbeidh siad in ann d’éileamh a phróiseáil níos gasta.

Chun eolas a fháil faoi do theidlíocht ar shochair dhífhostaíochta, moltar duit teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí náisiúnta fostaíochta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv sa tír inar mian leat iarratas a dhéanamh ar shochair.

Na foirmeacha a theastóidh uait

  • Foirm U1 (foirm U1 roimhe seo): ráiteas ar thréimhsí a bheidh le cur san áireamh chun sochair dhífhostaíochta a dheonú.

Is féidir leat an fhoirm sin a fháil ó sheirbhís náisiúnta fostaíochta na tíre (nó na dtíortha) deiridh inar oibrigh tú. Ba cheart duit í a chur isteach chuig an tseirbhís náisiúnta fostaíochta sa tír ina ndéanann tú iarratas ar shochair.

  • Foirm U2 (foirm E 303 roimhe seo): údarú chun do shochair dhífhostaíochta a easpórtáil chuig tír eile.

Is féidir leat í sin a fháil ó sheirbhís náisiúnta fostaíochta na tíre inar chaill tú do phost. Beidh ort í a chur isteach chuig seirbhísí náisiúnta fostaíochta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv na tíre ina bhfuil post á lorg agat chun clárú mar chuardaitheoir poist ann.

FAQs

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 04/09/2024
Share this page