Téarmaí fostaíochta

Agus baill foirne á bhfostú agat, ba cheart duit conradh i scríbhinn nó ráiteas coibhéiseach i scríbhinn a chur ar fáil dóibh ina ndeimhnítear a ndálaí oibre. Go hidéalach, ba chóir duit a dtéarmaí fostaíochta a thabhairt dóibh ar an lá a thosaíonn siad ag obair nó roimhe sin. Mar sin féin, bíonn na spriocdhátaí éagsúil ag brath ar an gcineál eolais, mar a léirítear thíos.

Eolas nach mór duit a chur ar fáil don oibrí idir an chéad lá oibre agus an seachtú lá oibre:

  • páirtithe sa chonradh fostaíochta (fostóir agus fostaí)
  • áit oibre – mura bhfuil aon áit sheasta oibre ann, ba cheart duit a léiriú go n-oibreoidh an fostaí in áiteanna éagsúla agus ba cheart an áit a bhfuil do ghnólacht cláraithe a chur in iúl
  • teideal, grád, catagóir oibre nó sainchuntas poist / sonraíocht achomair ar chúraimí
  • dáta tosaigh
  • an fad a mheastar a mhairfidh an post más conradh sealadach atá i gceist
  • buntuarastal tosaigh, minicíocht na híocaíochta, aon chomhpháirt eile den phá.

Más amhlaidh atá an sceideal oibre rialta nó intuartha:

  • fad an ghnáthlae oibre nó na gnáthsheachtaine oibre (uaireanta oibre)
  • ragobair agus a cúiteamh
  • socruithe le haghaidh athruithe seala oibre.

Más amhlaidh atá an sceideal oibre neamhrialta nó dothuartha:

  • líon na n-uaireanta íoctha ráthaithe agus an pá as uaireanta breise a dhéanamh
  • uaireanta tagartha agus laethanta oibre
  • fógra sula sanntar obair agus sprioc-am lena chur ar ceal.

Eolas nach mór duit a chur ar fáil don oibrí laistigh de mhí amháin ón gcéad lá oibre:

  • I gcás oibrithe gníomhaireachta sealadacha, céannacht na heagraíochta / an eintitis ina n-oibreoidh d’fhostaí
  • oiliúint arna cur ar fáil do d’oibrí, más ann di
  • an líon laethanta saoire bliantúla íoctha; más amhlaidh nach féidir é sin a chur in iúl ag tús an chonartha, na nósanna imeachta lena chinneadh
  • rialacha aon chomhaontú comhchoiteann lena rialaítear dálaí oibre an fhostaí
  • céannacht na n-institiúidí slándála sóisialta lena rialaítear na ranníocaíochtaí sóisialta (más ortsa atá an fhreagracht sin mar fhostóir).

I gcás laethanta saoire bliantúla, fad tréimhsí fógra, am oibre agus pá, is féidir leat d’fhostaithe a threorú chuig aon dlí náisiúnta / réigiúnach ábhartha agus aon fhoráil riaracháin ábhartha.

Ceanglais íosta maidir le dálaí oibre

Más gá do d’fhostaí tréimhse phromhaidh a dhéanamh, ní bheidh sí níos faide ná sé mhí. I gcás caidreamh fostaíochta ar théarma seasta, ní mór an tréimhse phromhaidh a bheith i gcomhréir leis an bhfad a mheastar a mhairfidh an conradh agus leis an gcineál oibre. I gcás ina ndéantar conradh a athnuachan don fheidhm chéanna agus do na cúraimí céanna, ní chuirfidh tú é faoi réir tréimhse phromhaidh nua. Go heisceachtúil, is féidir le tíortha den Aontas tréimhsí promhaidh níos faide a bhunú i rialáil náisiúnta má tá údar leis sin de bharr chineál na fostaíochta nó ar mhaithe leis an oibrí.

Mar fhostóir, ní féidir leat cosc a chur ar d’oibrithe oibriú le fostóirí eile, lasmuigh den am oibre bunaithe, agus ní féidir leat caitheamh le d’oibrithe ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna as déanamh amhlaidh. Is féidir le tíortha den Aontas dálaí a bhunú maidir le neamh-chomhoiriúnacht fostaíochta comhuainí, bunaithe ar chúiseanna oibiachtúla amhail sláinte agus sábháilteacht, rúndacht gnó, sláine seirbhíse poiblí nó coinbhleacht leasa a sheachaint.

Má thairgeann tú conradh a ngabhann sceideal oibre neamhrialta leis, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • uaireanta agus laethanta tagartha réamhshocraithe a thabhairt do d’oibrí
  • d’oibrí a chur ar an eolas faoi shannachán oibre laistigh de thréimhse fógra réasúnta arna bunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

Mura gcomhlíontar ceanglas amháin nó an dá cheanglas, tá sé de cheart ag d’oibrí sannachán oibre a dhiúltú gan iarmhairtí díobhálacha a bheith ann. Fiú nuair a cheadaítear faoin dlí náisiúnta duit sannachán oibre a chur ar ceal gan chúiteamh, tá d’oibrí i dteideal cúitimh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, má chuireann tú sannachán oibre a comhaontaíodh roimhe sin ar ceal tar éis sprioc-am réasúnach sonraithe.

Má cheadaítear le dlí náisiúnta na tíre den Aontas ina bhfuil tú conarthaí fostaíochta ar éileamh nó conarthaí fostaíochta comhchosúla a úsáid, agus más mian leat do bhaill foirne a fhostú leis na cineálacha sin conarthaí, ba cheart a fhios a bheith agat nach mór do dhlí náisiúnta na tíre den Aontas ina bhfuil tú bearta a bhunú chun a mhí-úsáid a chosc. Mar shampla, d’fhéadfadh an dlí náisiúnta teorainn a chur le húsáid agus fad conarthaí ar éileamh agus conarthaí comhchosúla, nó glacadh leis go bhfuil conradh fostaíochta ann lena ngabhann líon íosta uaireanta íoctha, rud a bheidh bunaithe ar mheánlíon na n-uaireanta oibre a dhéantar le linn tréimhse shonrach.

Tar éis sé mhí seirbhíse ar a laghad agus tréimhse phromhaidh a bheith curtha i gcrích go rathúil (más infheidhme), is féidir le hoibrí cineál fostaíochta a iarraidh lena mbaineann dálaí oibre níos intuartha agus níos sláine, más ann dóibh. Ní mór duit freagra réasúnaithe i scríbhinn a thabhairt don oibrí sin laistigh de mhí amháin tar éis an t-iarratas a fháil. Féadfaidh tíortha den Aontas minicíocht iarrataí den sórt sin a theorannú.

Más FBM thú, nó duine nádúrtha atá ag gníomhú mar fhostóir, i roinnt tíortha den Aontas d’fhéadfadh suas le trí mhí a bheith agat, agus is féidir leat freagra ó bhéal a thabhairt ar iarrataí comhchosúla ón oibrí céanna ina dhiaidh sin mura bhfuil aon athrú ar an réasúnú sin.

Má cheanglaítear ort le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta oiliúint a chur ar fáil do d’oibrithe le haghaidh a gcuid oibre, ní mór duit í a chur ar fáil saor in aisce. Thairis sin, ní mór an oiliúint a áireamh mar am oibre, agus, más féidir, ní mór í a dhéanamh le linn uaireanta oibre.

I roinnt tíortha den Aontas, d’fhéadfadh comhaontuithe comhchoiteanna a dhéantar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta bearta a bhunú atá éagsúil leis na bearta thuasluaite, agus cosaint fhoriomlán oibrithe á hurramú ag an am céanna. Cuireann roinnt tíortha den Aontas scéimeanna oibre simplithe i bhfeidhm do bhaill foirne atá fostaithe go ceann uastréimhse míosa nó níos lú ná 8 n-uaire in aghaidh na seachtaine.

Is féidir eolas náisiúnta a rochtain thíos:

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 27/06/2024
Share this page