Menu

Ráthaíochtaí agus táirgí a thabhairt ar ais

Faoi rialacha an Aontais, má tharlaíonn sé go bhfuil rud éigin a cheannaigh tú lochtach nó má tá sé difriúil leis an earra a fógraíodh nó mura bhfeidhmíonn sé faoi mar a fógraíodh é, ní mór don díoltóir é a dheisiú, é a athsholáthar nó aisíocaíocht iomlán nó pháirteach a thabhairt duit ina leith. Tá sé de cheart agat i gcónaí ráthaíocht 2 bhliain ar a laghad a fháil gan aon chostas. D’fhéadfadh rialacha náisiúnta i do thír féin cosaint bhreise a thabhairt duit, áfach.

Is féidir leat aon táirge a cheannaigh tú a thabhairt ar ais laistigh de 14 lá gan chúis (féach an tréimhse aistarraingthe 14 lá). Tar éis 14 lá, is gnách nach féidir leat aisíocaíocht iomlán nó pháirteach a iarraidh ach amháin sa chás nach féidir na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar. Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé nach mbeidh tú i dteideal aisíocaíocht a fháil más mionfhadhb atá ann (scríobadh ar chás dlúthdhiosca, mar shampla).

Cosaint bhreise

D’fhéadfadh siopaí nó monaróirí ráthaíocht tráchtála bhreise a thairiscint duit (ar a dtugtar ‘baránta’ freisin) Is féidir leis an ráthaíocht tráchtála bhreise cosaint níos fearr a thabhairt duit ach ní féidir léi teacht in ionad na ráthaíochta 2 bhliain ar a laghad nó í a laghdú riamh. Ba cheart na coinníollacha a bheith leagtha síos go soiléir sa ráthaíocht tráchtála, agus mura bhfuil siad chomh tairbheach leis na coinníollacha a d’fhógair an díoltóir, tá feidhm ag na cinn is tairbhí.

Má cheannaíonn tú táirge nó seirbhís ar líne, tá sé de cheart agat é a chur ar ais laistigh de 14 lá tar éis an dáta seachadta gan aon chúis a lua. Maidir le conarthaí seirbhíse, téann an tréimhse aistarraingthe in éag 14 lá tar éis an lae a comhaontaíodh an conradh. Má théann an tréimhse aistarraingthe in éag ar lá nach lá oibre é, cuirtear síneadh le do chonradh go dtí an chéad lá oibre eile. An ceart chun tarraingt siar a thugtar air sin.

Eisceachtaí

Tabhair do d’aire: níl feidhm ag an tréimhse aistarraingthe 14 lá maidir leis an méid seo a leanas:

  • ticéid eitleáin agus traenach, chomh maith le ticéid cheolchoirme, áirithintí óstáin, áirithintí carranna ar cíos agus seirbhísí lónadóireachta ar dhátaí sonracha
  • earraí agus deochanna a sheachadtar chugat go rialta – seachadadh bainne, mar shampla
  • earraí a dhéantar ar ordú nó ar léir gur cuireadh in oiriúint iad – cuir i gcás culaith tháilliúra
  • bogearraí fuaime, físe nó ríomhaireachta, ar nós DVDanna, ar bhain tú an séala díobh
  • ábhar digiteach ar líne, más rud é gur thosaigh tú á íoslódáil nó á shruthú agus gur thoiligh tú go gcaillfeá do cheart chun tarraingt siar tríd an ábhar a chur ar siúl
  • earraí a ceannaíodh ó dhuine príobháideach seachas ó chuideachta/trádálaí
  • conarthaí maidir le deisiúcháin phráinneacha agus obair chothabhála – má chuireann tú glaoch ar phluiméir chun cithfholcadán atá ag sileadh a dheisiú, ní féidir leat an obair a chur ar ceal tar éis duit aontú faoi phraghas na seirbhíse

Conas earraí a fháil deisithe nó earra athsholáthair nó aisíocaíocht a fháil

Tosaíonn an ráthaíocht 2 bhliain a luaithe agus a fhaigheann tú d’earraí. Má thagann locht chun solais laistigh de bhliain amháin tar éis an dáta seachadta, ní chaithfidh tú cruthúnas a thabhairt go raibh sé ann tráth an tseachadta. Glactar leis go raibh sé ann mura féidir leis an díoltóir a mhalairt a chruthú. Is féidir leat iarraidh ar an díoltóir an táirge a dheisiú nó a athsholáthar, laghdú ar an bpraghas a thabhairt duit, nó do chuid airgid a thabhairt ar ais duit mura féidir an táirge a dheisiú nó a athsholáthar.

I roinnt tíortha den Aontas, d’fhéadfadh tréimhse 2 bhliain a bheith ann.

Scéal samplach

Cheannaigh Carla triomadóir gruaige a raibh ráthaíocht tráchtála 6 mhí ag gabháil leis. Nuair a bhris sé tar éis 8 mí, thug sí ar ais go dtí an siopa é. Dúirt an cúntóir siopa go ndeachaigh an ráthaíocht in éag agus nach raibh sí i dteideal aisíocaíocht a fháil. Chuir Carla in iúl go raibh ráthaíocht iomlán 2 bhliain saor in aisce aici faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, agus nár chuir ráthaíocht 6 mhí an díoltóra ach seirbhísí breise ar fáil. Thoiligh an siopa an triomadóir gruaige a athsholáthar.

Scéal samplach

Cheannaigh Sabine, a bhfuil cónaí uirthi sa Bheilg, fón cliste ó shiopa ar líne sa Ghearmáin. D’íoslódáil sí aip comhairthe céimeanna ach níor oibrigh an aip go maith, mar sin d’iarr sí ar dhíoltóir an fhóin chliste é a dheisiú. Ní raibh an siopa faoi dhliteanas toisc nach raibh feidhm ag an gconradh díolacháin ach leis an bhfón cliste amháin. Mhol an díoltóir di dul i dteagmháil le díoltóir na haipe.

Scéal samplach

Cheannaigh Johan teilifís chliste ach 2 mhí níos déanaí ní osclódh na feidhmchláir réamhshuiteáilte a thuilleadh. Chuaigh sé i dteagmháil leis an díoltóir, a raibh sé de cheangal air an nuashonrú bogearraí ba ghá a sholáthar dó.

Earraí athláimhe

Cuimsítear earraí athláimhe a cheannaíonn tú ó dhíoltóir leis an ráthaíocht 2 bhliain freisin. I roinnt tíortha den Aontas, is féidir leat comhaontú a dhéanamh leis an díoltóir maidir le ráthaíocht níos giorra ná 2 bhliain. Níor cheart go mbeadh an ráthaíocht níos giorra ná bliain amháin, áfach. Ba cheart é sin a shoiléiriú nuair a cheannaítear an t-earra. Ní chuimsítear earraí a ceannaíodh ó dhaoine príobháideacha.

Táirgí a bhfuil gá le bogearraí lena bhfeidhmiú

Bíonn rialacha speisialta i bhfeidhm nuair a cheannaíonn tú ábhar digiteach ar nós físeán, ceoil, agus feidhmchláir bogearraí, cuir i gcás an méid seo a leanas

  • físchluiche a íoslódálann tú uair amháin
  • naisc sheachtainiúla chuig suíomh nuachta a n-íocann tú táille shíntiúis ina leith
  • soláthar leanúnach néalstórála

Bíonn na rialacha sin i bhfeidhm freisin nuair a chuireann tú do chuid sonraí pearsanta ar fáil mar mhalairt ar an ábhar nó ar an tseirbhís. Cuimsítear leis sin grianghraif agus postálacha ar na meáin shóisialta a próiseáladh le do thoiliú.

Tá sé de cheart agat i gcónaí ráthaíocht 2 bhliain ar a laghad a fháil má thagann sé chun solais go bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach lochtach, nuair atá sé difriúil leis an méid a fógraíodh nó nuair nach bhfuil sé ag feidhmiú mar a rabhthas ag súil leis. Mura féidir leis an soláthróir an t-ábhar nó an tseirbhís a dheisiú laistigh de thréimhse réasúnta, saor in aisce agus gan aon chiotaí a dhéanamh duit, is féidir leat laghdú praghais a iarraidh. I gcásanna áirithe, is féidir leat an conradh a fhoirceannadh.

Soláthar leanúnach

I gcás an tsoláthair leanúnaigh, ar nós seirbhísí néalstórála, bíonn an soláthróir freagrach as aon locht a thagann chun solais le linn na tréimhse inar cheart an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith ar fáil (mar a leagtar síos sa chonradh).

Ba cheart don soláthróir treoracha soiléire maidir le conas an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a shuiteáil a chur ar fáil duit chomh maith leis na riachtanais theicniúla is gá chun go bhfeidhmeoidh siad. Ba cheart dó aon nuashonrú atá ag teastáil chun é a choimeád slán ó thaobh na cibearshlándála de a chur ar fáil duit. Maidir le soláthairtí leanúnacha, ba cheart an tréimhse iomlán, mar a leagtar síos sa chonradh, a bheith clúdaithe ag na nuashonruithe.

Do chuid sonraí mar mhalairt ar ábhar nó ar sheirbhís

Má thug tú do shonraí pearsanta don díoltóir mar mhalairt ar ábhar digiteach nó ar sheirbhís ach nach bhfuil sé ag feidhmiú faoi mar a fógraíodh é, tá an ceart agat an conradh a fhoirceannadh, fiú más mionlocht atá ann. Ba cheart don soláthróir deireadh a chur le húsáid a bhaint as do chuid sonraí a luaithe a fhoirceanntar an conradh, agus an rogha a thabhairt duit aon ábhar a chruthaigh tú a thógáil ar ais (mar shampla, má cheadaíonn ardán meán sóisialta ar nós Facebook duit cuntas a bheith agat mar mhalairt ar do shonraí agus do ghrianghraif phearsanta, físeáin agus postálacha, ba cheart dó deireadh a chur lena n-úsáid a luaithe agus a fhoirceannann tú an conradh).

Scéal samplach

D’íoc Adam as scannán a íoslódáil ar a theilifís chliste. Bhí an fhuaim ar dhroch-chaighdeán, áfach, cé gur chinntigh sé gur chomhlíon an teilifís na ceanglais theicniúla. Chuaigh sé i dteagmháil leis an soláthróir a dúirt leis nárbh fhéidir an fhadhb cháilíochta sin a réiteach. Ós rud é gur íoslódáladh an scannán cheana féin, ní raibh Adam i dteideal aisíocaíocht a fháil.

Scéal samplach

D’íoslódáil Alex feidhmchlár sruthaithe ceoil ar a ríomhaire táibléid. Sé mhí ina dhiaidh sin, fuair sé ríomhphost inar luadh go mbeadh uasghrádú ag teastáil chun freastal ar an líon úsáideoirí a bhí ag dul i méid. Bhí na custaiméirí a bhí ann cheana in ann an t-uasghrádú a fháil saor in aisce faoi choinníollacha an chonartha, cé nach raibh aon oibleagáid ar dhaoine é a dhéanamh.
I ndiaidh an uasghrádaithe, áfach, tháinig moill shuntasach ar an luas sruthaithe. Shocraigh Alex an conradh a fhoirceannadh agus a chuid airgid a fháil ar ais. Is féidir sin a dhéanamh suas le 30 lá i ndiaidh an nuashonraithe.

Deisiú agus aisíocaíochtaí maidir le hábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha

Má thagann locht ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach laistigh de 2 bhliain ó dháta an cheannacháin, ní mór don soláthróir réiteach a sholáthar. Maidir le haon locht ar cheannachán aonuaire a thagann chun solais laistigh de bhliain amháin, glactar leis go raibh sé ann tráth an díola, mura féidir leis an soláthróir a mhalairt a chruthú. Mar sin féin, tá dhá bhliain ar a laghad agat chun éileamh a chomhdú.

Maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthraítear ar bhonn leanúnach, glactar leis go raibh an locht ann le linn na tréimhse sin.

Conas cabhair a fháil

Is féidir leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí i do thír cabhrú leat má bhíonn fadhb agat le hearraí lochtacha, le hábhar digiteach lochtach nó le seirbhís dhigiteach lochtach a cheannaigh tú in aon Bhallstát den Aontas Eorpach. Chun eolas níos mionsonraithe a fháil faoi do chearta faoin dlí náisiúnta, seiceáil na rialacha sonracha maidir le ráthaíochtaí dlíthiúla agus barántaí tráchtála sa tír inar cheannaigh tú an táirge nó seirbhís.

Mura bhfuil tú cinnte cén cás a bhaineann leatsa, is féidir leat triail a bhaint as ár n-uirlis um chearta tomhaltóirí chun cuidiú leat do chearta a thuiscint nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht san Aontas Eorpach.

Roghnaigh tír Open Dún

FAQs

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 20/03/2024
Share this page