CCanna - Ráthaíochtaí agus táirgí a thabhairt ar ais
Cathain a thosaíonn an ráthaíocht dhlíthiúil 2 bhliain?
Tosaíonn an tréimhse 2 bhliain ar an lá a fhaigheann tú an táirge, is cuma cé acu a thógann tú ón siopa é nó a sheachadtar chugat é. Coimeád d’admhálacha díolacháin agus aon dearbhú seachadta i gcónaí. Uaireanta imíonn an cló as admhálacha scipéid agus éiríonn siad doléite le himeacht ama, mar sin moltar fótachóip a dhéanamh díobh ar mhaithe le slándála breise.
Cheannaigh mé táirge ar líne agus chaill an cúiréir é. An féidir liom mo chuid airgid a fháil ar ais?
Murar eagraigh tú féin an seachadadh, tá an díoltóir freagrach as na hearraí go dtí go sroicheann siad do dhoras. Mura dtagann an táirge, ní mór don díoltóir é a athsholáthar nó aisíocaíocht a thabhairt duit.
Theip ar mo theilifís chliste ach deir an díoltóir nach gcuimsítear fadhbanna bogearraí leis an ráthaíocht dhlíthiúil. An bhfuil sé sin fíor?
Níl. Má dhíoltar bogearraí in éineacht leis an táirge, tagann na bogearraí faoin ráthaíocht. Má bhaineann an fhadhb le feidhmchlár a shuiteáil tú tar éis duit an teilifís a cheannach, is é soláthróir an fheidhmchláir atá freagrach as.
An bhfuilim i dteideal nuashonruithe bogearraí a fháil nuair a cheannaím táirge a bhfuil gné dhigiteach ag gabháil leis?
Tá. Ba cheart go gcoinneodh na nuashonruithe an táirge oiriúnach don fheidhm agus slán ó thaobh na cibearshlándála de. Féadfaidh tríú páirtithe iad a sholáthar, ach tá an díoltóir fós faoi dhliteanas má theipeann ar na nuashonruithe. Ní chuimsítear uasghrádú leis sin.
Ní oibríonn m’fhón cliste nua. An ndéanfaidh mé teagmháil leis an díoltóir nó leis an monaróir?
Tá feidhm leis an ráthaíocht dhlíthiúil 2 bhliain maidir leis an gconradh leis an díoltóir. Cuimsítear léi táirgí a ceannaíodh aon áit san Aontas. B’fhéidir go bhfuil ráthaíocht tráchtála bhreise agat, a dtabharfar míniú ar a mionsonraí i ráiteas na ráthaíochta. D’fhéadfadh an ráthaíocht tráchtála a bheith níos tairbhí ná an ráthaíocht dhlíthiúil, ach ní ghlacann sí ionad na ráthaíochta dlíthiúla.
Cheannaigh mé uaireadóir cliste, ach níor oibrigh sé. Sheol an díoltóir uaireadóir cliste athsholáthair chugam, ach bhí sé sin lochtach freisin. An bhfuil sé de cheart agam leagan athsholáthair eile a fháil?
Tá tú i dteideal go n-athsholáthróidh nó go ndeiseoidh an díoltóir an táirge má thagann an locht chun solais laistigh de 2 bhliain ó dháta seachadta an táirge bunaidh. Is féidir leis an díoltóir deisiú seachas athsholáthar a thairiscint dá mbeadh costas díréireach ag baint leis an táirge a athsholáthar i gcomparáid lena dheisiú agus mura ndéanann sé ciotaí mór duitse.
Cheannaigh mé fón cliste díreach breis agus bliain ó shin, agus tá sé stoptha de bheith ag obair. Diúltaíonn an trádálaí é a dheisiú saor in aisce. An bhfuil ráthaíocht dhlíthiúil 2 bhliain agam?
Tá an ráthaíocht dhlíthiúil bailí ar feadh tréimhse 2 bhliain ar fud an Aontais agus cuimsítear léi aon locht a bhí ann tráth an tseachadta agus a tháinig chun solais laistigh de thréimhse 2 bhliain.
Má thagann an locht chun solais laistigh de bhliain amháin tar éis an dáta seachadta, ní chaithfidh tú a chruthú go raibh sé ann tráth an tseachadta. Ní mór don díoltóir an táirge a dheisiú nó a athsholáthar, an praghas a laghdú nó do chuid airgid a thabhairt ar ais duit. Glactar leis go raibh an locht ann cheana féin mura féidir leis an trádálaí a mhalairt a chruthú. I roinnt tíortha den Aontas, d’fhéadfadh tréimhse 2 bhliain a bheith ann.
Tabhair faoi deara: má sholáthraítear an ghné dhigiteach go leanúnach ar feadh breis agus 2 bhliain, cuir i gcás bogearraí loingseoireachta i ngaireas GPS, cuirtear síneadh leis an tréimhse dhliteanais; críochnaíonn sí nuair nach soláthraítear na sonraí a thuilleadh de réir an chonartha. Ní dhéanann sé sin difear don dliteanas 2 bhliain maidir leis an táirge inláimhsithe féin.
Tá cónaí orm sa Phortaingéil agus cheannaigh mé ceamara sa Spáinn. Ní oibríonn sé. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
Má tá an admháil fós agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh go ndeiseofar nó go n-athsholáthrófar an ceamara. Mura féidir é sin a dhéanamh, tá sé de cheart agat aisíocaíocht a fháil. Mura bhfaigheann tú freagra sásúil ón díoltóir, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí is gaire duitse.
Tá an díoltóir sa Spáinn réidh le mo cheamara lochtach a dheisiú, ach cé a chaithfidh íoc as é a sheoladh ar ais chucu?
Laistigh de 2 bhliain ón dáta ceannaigh, ní mór táirgí lochtacha a dheisiú nó a athsholáthar gan aon chostas ar an tomhaltóir. Tá costais loingseoireachta san áireamh.
An ríomhaire a cheannaigh mé díreach breis agus bliain ó shin, ní thosóidh sé a thuilleadh. Aontaíonn an díoltóir go bhfuil sé lochtach, ach ní dheiseoidh sé saor in aisce é toisc nach raibh ráthaíocht an mhonaróra bailí ach ar feadh bliain amháin. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Tá an díoltóir ag tagairt do ráthaíocht tráchtála an mhonaróra. Ní bhaineann sin le do ráthaíocht dhlíthiúil, atá ina ceangal ar an díoltóir agus a mhaireann 2 bhliain. Má aontaíonn an díoltóir go bhfuil do ríomhaire lochtach, tá oibleagáid orthu ríomhaire athsholáthair a thabhairt duit nó é a dheisiú saor in aisce. Mura féidir an t-athsholáthar nó an deisiú a dhéanamh, is féidir leat aisíocaíocht a fháil. Mura bhfaigheann tú freagra sásúil ón díoltóir, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an údarás náisiúnta um chosaint tomhaltóirí sa tír ina bhfuil cónaí ort.
Cheannaigh mé vardrús agus ní dhúnfaidh ceann de na doirse mar is cuí. Ba mhaith liom go n-athsholáthródh an trádálaí an vardrús. Tá siad ag diúltú sin a dhéanamh, áfach, agus ina ionad sin tá siad ag tairiscint go ndeiseoidh siad an t-inse lochtach. Cén fáth nach ligeann siad dom vardrús athsholáthair a roghnú?
Is féidir leat a roghnú an táirge lochtach a fháil deisithe nó táirge athsholáthair a fháil, ach amháin má tá sé dodhéanta do rogha a chomhlíonadh nó má tá costas díréireach ann don díoltóir. Sa chás seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh costas díréireach ag baint leis an vardrús iomlán a athsholáthar i gcomparáid leis an inse a dheisiú. Ina theannta sin, más mionlocht atá ann, mar atá sa chás seo, d’fhéadfadh sé gurb é an rogha is tapúla an t-inse a dheisiú.
Tá an dath ag imeacht as mo tholg leathair nua cúpla mí tar éis dom é a cheannach. Maíonn an trádálaí gurb é mo chuid allais is cúis leis sin, ach ní aontaím leis. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Tá an trádálaí freagrach as aon locht sa táirge le linn na tréimhse ráthaíochta 2 bhliain. Tá sé de cheart agat do tholg a úsáid mar is gnách gan locht a theacht air.
Mar sin féin, is ábhar fíneálta é an leathar ar féidir le hallas nó le hearraí glantacháin míchearta damáiste a dhéanamh dó. I gcásanna mar sin, ní mór don díoltóir é a chur in iúl duit, tráth a cheannaíonn tú na hearraí, más gá aire faoi leith a thabhairt dóibh.
Cad é an ‘tréimhse aistarraingthe’?
An ‘ceart chun tarraingt siar’ a thugtar go hoifigiúil ar an tréimhse aistarraingthe. Ciallaíonn sé go bhfuil 14 lá agat de réir an dlí d’intinn a athrú tar éis duit rud éigin a ordú ar líne, ar an bhfón nó lasmuigh de shiopa ar shlí eile. Téann an tréimhse aistarraingthe in éag 14 lá tar éis an dáta a fuair tú d’earraí, nó 14 lá tar éis duit an conradh a chur i gcrích i gcás conarthaí seirbhíse. Má théann an tréimhse aistarraingthe in éag ar lá nach lá oibre é, cuirtear síneadh leis go dtí an chéad lá oibre eile.
An féidir liom táirge nó seirbhís a d’ordaigh mé ar líne a chur ar ceal mura dteastaíonn sé uaim a thuilleadh?
Is féidir. Is féidir leat do cheart chun tarraingt siar as an gconradh ar líne a fheidhmiú laistigh de 14 lá ó sheachadadh na n-earraí nó ó thabhairt i gcrích an chonartha seirbhíse. Mar sin féin, níl feidhm aige sin maidir le hearraí meatacha ná le hearraí séalaithe tar éis iad a oscailt, ticéid eitleáin agus traenach, ticéid cheolchoirme, áirithintí óstáin, áirithintí carranna ar cíos agus seirbhísí lónadóireachta ar dhátaí sonracha.
Aire! Má cheannaíonn tú ábhar digiteach - cuir i gcás ceol nó físeán ar líne - ní féidir leat tarraingt siar as an gconradh tar éis duit tús a chur leis an íoslódáil nó leis an sruthú sna cásanna seo a leanas: (1) má thoiligh tú an t-ábhar a thosú láithreach, roimh dháta éaga na tréimhse aistarraingthe 14 lá; (2) má d'admhaigh tú go gcaillfeá do cheart chun tarraingt siar mar thoradh ar an ábhar a thosú láithreach; agus (3) má thug an soláthróir deimhniú duit gur thoiligh tú agus gur admhaigh tú an méid sin.
An bhfuil na cearta céanna agam má cheannaím rud éigin ar líne ó shuíomh gréasáin neamh-AE agus atá agam nuair a cheannaím rud éigin ó ghnólacht atá bunaithe san Aontas?
Má cheannaíonn tú earraí ó shuíomh gréasáin neamh-AE, ní bhíonn feidhm ag cearta tomhaltóirí an Aontais go huathoibríoch. Má bhíonn aon fhadhb agat le táirge nó más mian leat é a sheoladh ar ais, d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra an fhadhb a réiteach. Féach na téarmaí agus coinníollacha ar shuíomh gréasáin an díoltóra.
Níl an tolg a cheannaigh mé ar líne ag teastáil uaim a thuilleadh agus ba mhaith liom tarraingt siar as an gconradh díolacháin. Cé a chaithfidh íoc as an tolg a sheoladh ar ais chuig an díoltóir?
Ní mór do na díoltóirí na ceannaitheoirí a chur ar an eolas má bhíonn siad ag súil leis go n-íocfaidh na ceannaitheoirí as na hearraí a sheoladh ar ais faoin gceart chun tarraingt siar 14 lá. Murar chuir siad an ceannaitheoir ar an eolas roimh ré, beidh sé de cheangal ar an díoltóir íoc as an gcostas. Nuair a cheannaíonn tú earraí téagartha, ní mór don trádálaí meastachán a thabhairt duit maidir leis an gcostas a bheadh ar na hearraí a sheoladh ar ais sula gcuireann tú an díol i gcrích.
Chun rochtain a fháil ar chuntas meán sóisialta, thoiligh mé go n-úsáidfí mo ghrianghraif chun críoch margaíochta. 9 mí níos déanaí, tháinig fabht sa bhogearraí meán sóisialta a d’fhág go raibh sé deacair logáil isteach. Cé na cearta atá agam sa chás seo?
I gcuid mhór cásanna, ní íocann tomhaltóirí as rochtain a fháil ar ábhar digiteach ná ar sheirbhísí digiteacha, ach cuireann siad a gcuid sonraí pearsanta ar fáil don trádálaí ina ionad sin. Tá an ceart chun leighis ag tomhaltóirí nuair atá ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach lochtach, is cuma cé acu a d'íoc siad as le hairgead nó a sholáthair siad a gcuid sonraí pearsanta ina leith.
I gcás ina dtagann locht chun solais san ábhar digiteach nó sa tseirbhís dhigiteach ar sholáthair tú sonraí ina leith, tá sé de cheart agat an conradh a fhoirceannadh fiú nuair is mionlocht atá ann. Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart don soláthróir deireadh a chur le do shonraí a úsáid tar éis fhoirceannadh an chonartha agus é a chur ar do chumas iad a aisghabháil.
D’íoc mé as comhairle a fháil ó dhlíodóir ach ní raibh ach cruinniú ar líne againn ar feadh tréimhse theoranta agus fágadh le roinnt mhaith ceisteanna mé. An féidir liom mo chuid airgid a fháil ar ais?
Ní féidir. Ní chuimsítear leis na rialacha maidir le hábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha seirbhísí ar líne a bhaineann leis na hearnálacha traidisiúnta, cuir i gcás comhairliúcháin dlí, seirbhísí airgeadais nó cúram sláinte (mar shampla, oidis ar líne).
Cé na cearta atá agam nuair a cheannaím earraí ó cheant ar líne?
Nuair a cheannaíonn tú rud éigin ag ceant ar líne ó thrádálaí gairmiúil, tá na cearta tomhaltóirí céanna agat agus atá agat maidir le ceannacháin ó ghnáthshuíomhanna gréasáin. Má cheannaíonn tú earraí ó dhuine príobháideach seachas ó chuideachta, mar a tharlaíonn go minic i gcás ceantanna ar líne, ní chuimsítear do cheannachán le rialacha an Aontais maidir le tomhaltóirí.