Menu

CCanna - Obair dheonach - cén áit le tosú

An dteastaíonn aon scileanna sonracha uaim le bheith i m’oibrí deonach leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach? Oscail Dún

NÍ THEASTAÍONN - tá an clár oscailte do gach duine. Cuirfear oiliúint shonrach ort sula n-imeoidh tú.

Is mian liom obair dheonach a dhéanamh i dtír eile. Cén áit ar féidir liom eolas agus tacaíocht a fháil? Oscail Dún

Is féidir leat tosú trí fhéachaint ar shuíomh gréasáin an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv le haghaidh tuilleadh eolais agus deiseanna chun obair dheonach a dhéanamh i dtír eile.

Is mian liom obair dheonach a dhéanamh sa Spáinn. An gá dom a bheith in ann Spáinnis a labhairt? Oscail Dún

NÍ GÁ, ach amháin má tá eolas bunúsach ar an teanga riachtanach go sonrach don obair a bheidh ar siúl agat. Cuirfear tacaíocht teanga ar fáil duit le linn do thionscadail, mar sin is cinnte go bhfoghlaimeoidh tú roinnt Spáinnise agus tú ann.

An bhfuil árachas de dhíth orm? Oscail Dún

- ach má dhéanann tú obair dheonach leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach tá tú i dteideal árachas speisialta saor in aisce a fháil má théann tú go tír eile. Cuir ceist ar an eagraíocht a sheolfaidh ann thú sonraí a thabhairt duit.

Mura bhfuil mé ag baint taitneamh as mo thionscadal oibre deonaí, an féidir liom é a fhágáil? Oscail Dún

Má bhíonn tú i staid an-deacair agus mura féidir do chuid fadhbanna a réiteach, tá bealaí ann chun deireadh a chur le do chomhaontú oibre deonaí mar rogha dheireanach.

An mbeidh orm aon rud a íoc chun páirt a ghlacadh i dtionscadal oibre deonaí? Oscail Dún

NÍ BHEIDH - ní bheidh ort aon rud a íoc chun páirt a ghlacadh i dtionscadal oibre deonaí leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

An féidir le tíortha den Aontas rochtain ar a scéim oibre deonaí náisiúnta a shrianadh do náisiúnaigh? Oscail Dún

IS FÉIDIR - ní gá go mbeadh scéimeanna náisiúnta oibre deonaí oscailte do dhaoine nach saoránaigh iad. Téigh i dteagmháil leis an údarás atá i gceannas chun tuilleadh eolais a fháil.

Is mian liom dul áit éigin san Áise. An mbeidh víosa de dhíth orm? Oscail Dún

SEANS GO mBEIDH - má ghlacann tú páirt i dtionscadal oibre deonaí, ní dhíolmhaítear thú ó rialacháin náisiúnta víosaí a chomhlíonadh. Déan cinnte go ndéanann tú do chuid oibre baile i gceart!

Thosaigh mé ar obair dheonach a dhéanamh le déanaí i dtír eile den Aontas. Cé na húdaráis a bheidh freagrach as mo chearta slándála sóisialta, agus cén stádas dlíthiúil atá agam i dtír eile? Oscail Dún

Ní rialaítear stádas oibrithe deonacha faoi dhlí an Aontais. Tugann an eagraíocht seolta agus a n-eagraíocht óstach aire dóibh siúd atá ag obair i dtír eile. Mar oibrí deonach, tá sé de cheart agat cónaí in aon tír den Aontas, ar choinníoll go bhfuil go leor acmhainní agat chun tacú leat féin agus chun árachas sláinte cuimsitheach a fháil. Má chomhlíonann tú na coinníollacha sin, beidh tú clúdaithe ag córas slándála sóisialta na tíre sin. Má fhanann tú go sealadach i dtír eile den Aontas, d’fhéadfá brath ar do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte ó do thír féin chun a chinntiú gur féidir leat an cúram sláinte a theastaíonn uait le linn do thréimhse fanachta a fháil.

An bhfaighidh mé deimhniú a aithneofar ar fud an Aontais tar éis dom obair dheonach a dhéanamh i dtír eile den Aontas? Oscail Dún

Má ghlac tú páirt i dtionscadal oibre deonaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, gheobhaidh tú Deimhniú Youthpass en .

Cad é Deimhniú ‘Youthpass’, agus cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh ar cheann? Oscail Dún

Leis an Deimhniú Youthpass, is féidir leat a bheith cinnte go n-aithneofar an taithí a fuarthas tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach mar thaithí oideachais agus mar thréimhse foghlama seachfhoirmiúla. Má tá tú ag glacadh páirt i dtionscadal dlúthpháirtíochta, ba cheart do d’eagraíocht clárú ar shuíomh gréasáin Youthpass en agus do shonraí a chur isteach. Déanfar do dheimhniú a bhailíochtú agus a ghiniúint ansin.

See main information on this topic

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 30/09/2025
Share this page