CCanna - Obair dheonach - cén áit le tosú
An dteastaíonn aon scileanna sonracha uaim le bheith i m’oibrí deonach leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach?
NÍ THEASTAÍONN - tá an clár oscailte do gach duine. Cuirfear oiliúint shonrach ort sula n-imeoidh tú.
Is mian liom obair dheonach a dhéanamh i dtír eile. Cén áit ar féidir liom eolas agus tacaíocht a fháil?
Is mian liom obair dheonach a dhéanamh sa Spáinn. An gá dom a bheith in ann Spáinnis a labhairt?
NÍ GÁ, ach amháin má tá eolas bunúsach ar an teanga riachtanach go sonrach don obair a bheidh ar siúl agat. Cuirfear tacaíocht teanga ar fáil duit le linn do thionscadail, mar sin is cinnte go bhfoghlaimeoidh tú roinnt Spáinnise agus tú ann.
An bhfuil árachas de dhíth orm?
TÁ - ach má dhéanann tú obair dheonach leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach tá tú i dteideal árachas speisialta saor in aisce a fháil má théann tú go tír eile. Cuir ceist ar an eagraíocht a sheolfaidh ann thú sonraí a thabhairt duit.
Mura bhfuil mé ag baint taitneamh as mo thionscadal oibre deonaí, an féidir liom é a fhágáil?
Má bhíonn tú i staid an-deacair agus mura féidir do chuid fadhbanna a réiteach, tá bealaí ann chun deireadh a chur le do chomhaontú oibre deonaí mar rogha dheireanach.
An mbeidh orm aon rud a íoc chun páirt a ghlacadh i dtionscadal oibre deonaí?
NÍ BHEIDH - ní bheidh ort aon rud a íoc chun páirt a ghlacadh i dtionscadal oibre deonaí leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
An féidir le tíortha den Aontas rochtain ar a scéim oibre deonaí náisiúnta a shrianadh do náisiúnaigh?
IS FÉIDIR - ní gá go mbeadh scéimeanna náisiúnta oibre deonaí oscailte do dhaoine nach saoránaigh iad. Téigh i dteagmháil leis an údarás atá i gceannas chun tuilleadh eolais a fháil.
Is mian liom dul áit éigin san Áise. An mbeidh víosa de dhíth orm?
SEANS GO mBEIDH - má ghlacann tú páirt i dtionscadal oibre deonaí, ní dhíolmhaítear thú ó rialacháin náisiúnta víosaí a chomhlíonadh. Déan cinnte go ndéanann tú do chuid oibre baile i gceart!