Ceisteanna Coitianta - Fánaíocht: Fón póca a úsáid san Aontas Eorpach
An ngearrfar táille bhreise orm má úsáidim mo ghuthán póca i dtír eile den Aontas?
NÍ GHEARRFAR. Na glaonna a dhéanann tú, na SMSanna a sheolann tú agus a fhaigheann tú, agus na
sonraí a úsáideann tú le linn duit a bheith in aon cheann de thíortha an Limistéir
Eorpaigh Eacnamaíoch (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua), agus sa Mholdóiv agus
san Úcráin, cumhdófar iad le do chonradh. Gearrfar airgead ort de réir na rátaí atá
leagtha amach i do phlean taraife, agus bainfear d’úsáid as na méideanna atá i do
chonradh, go díreach amhail is dá mbeifeá sa bhaile. Mar sin féin, féadfaidh do sholáthraí
teorainn a chur leis an méid sonraí is féidir leat a úsáid ag do tharaif bhaile (féach
thíos).
An bhfuil cead uathoibríoch agam fánaíocht a dhéanamh san Aontas ar phraghsanna baile, nó an gá dom rud éigin a dhéanamh chun é a ghníomhachtú?
NÍ GÁ. Ní gá duit aon rud a dhéanamh. Ba cheart do d’oibreoir rochtain a thabhairt duit
go huathoibríoch ar fhánaíocht san Aontas ar phraghsanna baile.
Beidh mé ag obair san Ungáir go ceann 6 mhí. An féidir liom mo ghuthán póca Gearmánach a úsáid agus mé san Ungáir? An ionann sin agus fánaíocht, nó an mbeidh orm airgead breise a íoc as glaonna, teachtaireachtaí téacs agus sonraí a úsáid?
Ó tharla go mbeidh tú lonnaithe san Ungáir go ceann 6 mhí, b’fhéidir go smaoineofá
ar chárta SIM Ungárach a cheannach le haghaidh do ghutháin. An riail ghinearálta atá
ann ná fad is a chaithfidh tú níos mó ama sa bhaile ná i dtír eile, nó fad is a úsáidfidh
tú do ghuthán póca níos mó sa bhaile ná i dtír eile, íocfaidh tú do ghnáthphraghsanna
baile ar do ghlaonna, do theachtaireachtaí téacs agus do sheirbhísí sonraí agus tú
ag taisteal san Aontas. Meastar gur úsáid chóir seirbhísí fánaíochta é sin.
Chun an méid sin a fhíorú, féadfaidh d’oibreoir seiceáil a dhéanamh ar an am atá caite agat i mbun fánaíochta agus ar do thomhaltas le 4 mhí anuas. Más amhlaidh atá níos mó ama caite agat i dtír eile den Aontas ná sa bhaile AGUS más amhlaidh a bhain tú úsáid níos mó as seirbhísí móibíleacha i dtír eile den Aontas ná sa bhaile, d’fhéadfadh d’oibreoir móibíleach a chur in iúl duit go mbeidh tú faoi réir táillí má leanann tú de bheith ag fanacht thar lear.
Más rud é, laistigh de choicís ón uair a gheobhaidh tú an rabhadh, go dtosóidh tú ag úsáid do ghutháin níos mó i do thír bhaile, ní ghearrfar táille ort. Seachas sin, féadfaidh d’oibreoir na táillí seo a leanas a chur i bhfeidhm ar do thomhaltas fánaíochta ó lá an fholáirimh ar aghaidh:
Chun an méid sin a fhíorú, féadfaidh d’oibreoir seiceáil a dhéanamh ar an am atá caite agat i mbun fánaíochta agus ar do thomhaltas le 4 mhí anuas. Más amhlaidh atá níos mó ama caite agat i dtír eile den Aontas ná sa bhaile AGUS más amhlaidh a bhain tú úsáid níos mó as seirbhísí móibíleacha i dtír eile den Aontas ná sa bhaile, d’fhéadfadh d’oibreoir móibíleach a chur in iúl duit go mbeidh tú faoi réir táillí má leanann tú de bheith ag fanacht thar lear.
Más rud é, laistigh de choicís ón uair a gheobhaidh tú an rabhadh, go dtosóidh tú ag úsáid do ghutháin níos mó i do thír bhaile, ní ghearrfar táille ort. Seachas sin, féadfaidh d’oibreoir na táillí seo a leanas a chur i bhfeidhm ar do thomhaltas fánaíochta ó lá an fholáirimh ar aghaidh:
- €0.019 in aghaidh an nóiméid i gcás glaonna gutha (+ CBL)
- €0.003 in aghaidh an SMS (+ CBL)
- €1.30 in aghaidh an ghigibhirt de shonraí (+ CBL)
Tá cónaí orm sa Bheilg agus tá m’iníon ag dul go dtí an Ghearmáin go ceann 4 mhí chun bheith i mbun staidéir. An gcumhdóidh na rialacha fánaíochta na glaonna a chuirfidh mé uirthi agus í sa Ghearmáin?
NÍ CHUMHDÓIDH. Ní hionann glaoch a chur ón mbaile ar uimhir i dtír eile den Aontas agus a bheith
ar fánaíocht, mar sin ní chumhdaíonn na rialacha fánaíochta an méid sin. Mar sin féin,
faoi rialacha an Aontais tá uasteorainn freisin leis na táillí ar ghlaonna (ar ghutháin
phóca agus ar ghutháin líne seasta) agus ar theachtaireachtaí téacs (SMSanna) laistigh
den Aontas. Ciallaíonn sé sin go ngearrfar €0.019 in aghaidh an nóiméid (+ CBL) ar
a mhéad ort nuair a chuirfidh tú glao ar d’iníon sa Ghearmáin, agus nuair a sheolann
tú teachtaireacht téacs chuici cosnóidh sé €0.06 (+ CBL) ar a mhéad ort in aghaidh
an SMS.
Tá 3 GB de shonraí san áireamh i mo chonradh. An féidir liom an liúntas sin ar fad a úsáid agus mé ar saoire san Aontas Eorpach?
IS FÉIDIR. Murar luaigh d’oibreoir móibíleach go follasach leat go bhfuil teorainn le do shonraí
fánaíochta, is féidir leat an méid iomlán sonraí faoi do chonradh baile a úsáid agus
tú i dtír eile den Aontas. Ní féidir le d’oibreoir teorainn sonraí fánaíochta a chur i bhfeidhm ach amháin
má íocann tú níos lú ná €1.30 in aghaidh an ghigibhirt.
Cumhdaíonn mo chonradh glaonna gutha, teachtaireachtaí téacs agus sonraí gan teorainn agus mé i mo thír bhaile. An bhfuil siad gan teorainn freisin nuair a bhím ag taisteal san Aontas Eorpach?
TÁ. Ní bheidh teorainn le do ghlaonna ná le do theachtaireachtaí téacs nuair a bhíonn
tú ag taisteal san Aontas, agus, ós rud é go bhfuil sonraí gan teorainn san áireamh i do chonradh, caithfidh
d’oibreoir méid mór sonraí a chur ar fáil duit agus tú i mbun fánaíochta. Ba cheart
do d’oibreoir móibíleach a rá leat i gcónaí cé mhéad atá i gceist le do liúntas fánaíochta
sonraí, ach braitheann an méid cruinn atá agat ar an méid a íocann tú ar do chonradh.
Ní mór dó a bheith ar a laghad dhá oiread an mhéid a fhaightear trí phraghas do chonartha
mhóibíligh (gan CBL a áireamh) a roinnt ar €1.30 (is é sin an t-uasphraghas a chaithfidh
d’oibreoir a íoc leis an oibreoir eachtrach as 1 GB de shonraí nuair a úsáideann tú
do ghuthán i dtír eile den Aontas).
Cuir i gcás gur €13 (gan CBL a áireamh) an costas atá ar do bheart móibíleach, nach bhfuil aon teorainn ag gabháil leis ar ghlaonna, teachtaireachtaí téacs ná sonraí. Nuair a bhíonn tú i mbun fánaíochta san Aontas, ní bhíonn teorainn le glaonna ná le teachtaireachtaí téacs agus bíonn 20 GB ar a laghad de shonraí agat (2 x (€13 / €1.30) = 20).
Má sháraíonn tú do liúntas sonraí agus tú i mbun fánaíochta, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort €1.30 breise a íoc in aghaidh an ghigibhirt de shonraí (+ CBL).
Cuir i gcás gur €13 (gan CBL a áireamh) an costas atá ar do bheart móibíleach, nach bhfuil aon teorainn ag gabháil leis ar ghlaonna, teachtaireachtaí téacs ná sonraí. Nuair a bhíonn tú i mbun fánaíochta san Aontas, ní bhíonn teorainn le glaonna ná le teachtaireachtaí téacs agus bíonn 20 GB ar a laghad de shonraí agat (2 x (€13 / €1.30) = 20).
Má sháraíonn tú do liúntas sonraí agus tú i mbun fánaíochta, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort €1.30 breise a íoc in aghaidh an ghigibhirt de shonraí (+ CBL).
Úsáidim cárta réamhíoctha le mo ghuthán. An féidir liom é a úsáid fós agus mé ar saoire i dtír eile den Aontas?
IS FÉIDIR. Íocfaidh tú na rátaí ceannann céanna le haghaidh glaonna agus teachtaireachtaí téacs
(SMS) agus tú ag taisteal san Aontas agus a íocann tú i do thír bhaile. I gcás sonraí,
má íocann tú in aghaidh an ghigibhirt agus má tá an praghas a íocann tú níos lú ná
€1.30 in aghaidh an ghigibhirt, féadfaidh d’oibreoir teorainn méid fánaíochta a chur
i bhfeidhm i leith sonraí. Ba cheart an teorainn sin a bheith ar a laghad ar an méid
a fhaightear tríd an gcreidmheas atá fágtha ar do chárta réamhíoctha a roinnt ar €1.30
nuair a thosaíonn tú ag úsáid seirbhísí fánaíochta sonraí. Mar shampla, má tá €13
fágtha agat ar do chárta SIM nuair a thosaíonn tú ag fánaíocht, beidh 10 GB ar a laghad
de shonraí fánaíochta agat (€13 / €1.30 = 10).
Táim ag dul ar thuras mara go ceann seachtaine timpeall na Meánmhara. An mbeidh mé in ann mo ghuthán póca a úsáid ar bord ar na praghsanna céanna atá agam sa bhaile?
BEIDH, ach bí cúramach! Fad is atá do ghuthán póca nasctha le líonra móibíleach trastíre
(e.g. ar aibhneacha, lochanna nó feadh an chósta) i dtír den Aontas, beidh tú ‘ag fánaíocht’ agus dá bhrí sin is féidir leat glaoch a chur, teachtaireachtaí
téacs a chur agus seirbhísí sonraí a úsáid ar na praghsanna céanna atá agat sa bhaile.
Mar sin féin, is le líonraí móibíleacha trastíre atá feidhm ag rialacha fánaíochta
an Aontais, agus na líonraí sin amháin. Mar sin, le linn do thurais mara, más rud
é go gcuirfear do sheirbhísí gutháin phóca ar fáil trí chineálacha eile líonraí raidió,
cuir i gcás trí chórais satailíte na loinge, ní bheidh do ghlaonna, teachtaireachtaí
téacs ná sonraí faoi réir uasteorainneacha táillí ceangailteacha an Aontais agus d’fhéadfadh
sé go ngearrfaí táillí breise (suntasacha) ort. Más mian leat táillí breise a sheachaint,
tá sé níos sábháilte an ghné fánaíochta a dhíghníomhachtú ar do ghléas nó mód eitilte
a ghníomhachtú agus tú ar muir.
Tá cónaí orm sa Spáinn gar don teorainn leis an bhFrainc, agus is minic a nascann mo ghuthán le líonra Francach seachas líonra Spáinneach. An gciallaíonn sé sin go n-ídeoidh mé an liúntas fánaíochta atá agam?
NÍ CHIALLAÍONN. Fad is a logálann do ghuthán isteach ar do líonra baile uair sa lá, meastar gur
sa bhaile atá tú an lá sin agus ní i mbun fánaíochta. Ba cheart do do sholáthraí a
mhíniú duit conas is féidir leat fánaíocht neamhbheartaithe a sheachaint.
Last checked: 29/01/2026