CCanna - Ceimiceáin a chlárú (REACH)
Cad é REACH?
Is acrainm Béarla é REACH a sheasann do ‘Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán’. Is dlí é darb aidhm feabhas a chur ar chosaint shláinte an duine agus an chomhshaoil ar na rioscaí a bhaineann le ceimiceáin. Bíonn feidhm ag REACH maidir le do chuideachta más monaróir, iompórtálaí nó úsáideoir iartheachtach ceimiceán thú laistigh den Aontas Eorpach.
Cé na príomhcheanglais a bhaineann le REACH?
Tá an méid seo a leanas ar phríomhcheanglais REACH:
- Clárú: Ní mór duit substaintí ceimiceacha a chlárú leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) sula ndéanann tú iad a mhonarú nó a iompórtáil i gcainníochtaí tona amháin nó níos mó in aghaidh na bliana.
- Meastóireacht: Déanann ECHA meastóireacht ar an eolas i do shainchomhad clárúcháin chun rioscaí a mheas.
- Údarú: Tá údarú le haghaidh úsáidí sonracha ag teastáil i leith substaintí áirithe a shainaithnítear mar shubstaintí ar údar mór imní iad (SVHC).
- Srianadh: Is féidir le REACH srianta a fhorchur ar shubstaintí áirithe a mhonarú, a chur ar an margadh nó a úsáid.
Cad é an ról atá ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA)?
Bainistíonn ECHA gnéithe teicniúla, eolaíocha agus riaracháin REACH. Ina measc sin tá an próiseas clárúcháin a láimhseáil, sonraí a mheasúnú, agus treoir agus tacaíocht a chur ar fáil chun cabhrú leat an rialachán a chomhlíonadh.
Cé atá in ann substaint a chlárú?
Ní mór don chláraí a bheith ina dhuine nádúrtha nó ina dhuine dlítheanach atá bunaithe laistigh den LEE agus ní mór gurb é monaróir nó iompórtálaí na substainte é, sin nó gurb é atá ceaptha ina ionadaí aonair en . Más dhá chuideachta dhifriúla iad monaróir agus iompórtálaí na substainte aonair, ní mór dóibh a gclárú a chur isteach go comhpháirteach. Tá sé sin bunaithe ar an bprionsabal ‘substaint amháin, clárú amháin’.
Conas a dhéanaim substaint a chlárú?
Is é an monaróir nó an t-iompórtálaí atá freagrach as eolas a bhailiú maidir le hairíonna agus úsáidí substaintí. Ní mór dóibh measúnú a dhéanamh ar na guaiseacha agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo agus conas iad a rialú, agus an t-eolas sin a tharchur chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán i sainchomhad clárúcháin. Chun tús a chur leis an gclárú, ní mór duit na céimeanna ábhartha go léir a leanúint ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán en .
Cad is Bileog Sonraí Sábháilteachta (BSS) ann?
Is éard is Bileog Sonraí Sábháilteachta en ann doiciméad ina bhfuil eolas mionsonraithe faoi shaintréithe substainte ceimicí nó saintréithe meascáin cheimicigh. Tá eolas san áireamh inti maidir leis na guaiseacha a bhaineann leis an tsubstaint / leis an meascán, an dóigh lena láimhseáil go sábháilte, agus bearta éigeandála i gcás timpiste. Más soláthraí thú, ní mór duit BSS a chur ar fáil d’úsáideoirí gairmiúla substaintí guaiseacha agus meascán guaiseach.
Cad is Substaintí ar Ábhar Mór Imní iad (SVHC) ann?
Is éard is SVHCanna bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv ann substaintí a bhféadfadh tionchar tromchúiseach a bheith acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol. Ina measc sin tá carcanaiginí, só-ghineacha, tocsainí maidir le síolrú, substaintí marthanacha, inbhithbhailithe agus tocsaineacha (PBT), agus substaintí an-mharthanach agus an-inbhithbhailithe (vPvB). Tá na substaintí sin faoi réir nós imeachta dian um údarú.
Cad faoi na substaintí a mhonaraítear nó a iompórtáiltear i dtoirteanna faoi bhun tona amháin in aghaidh na bliana?
Is leis an gclárú a bhaineann an tairseach aon tona amháin in aghaidh na bliana, agus leis sin amháin. Tá roinnt oibleagáidí ann faoi REACH a bhfuil feidhm acu gan beann ar thonnáiste. Orthu sin tá srianta, údarú agus cumarsáid sa slabhra soláthair (amhail bileoga sonraí sábháilteachta a chur ar fáil). Tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán en .
An bhfuil oibleagáidí REACH ar chuideachtaí nach den Aontas nó den LEE iad?
Níl oibleagáidí faoi REACH ar chuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas/den LEE. Is ar an iompórtálaí den Aontas a fhoinsíonn substaintí ó chuideachta nach den Aontas/den LEE atá sé oibleagáidí REACH a chomhlíonadh. Monaróirí agus foirmleoirí nach den Aontas/den LEE iad a easpórtálann substaintí chuig an Aontas, is féidir leo ‘ionadaí aonair’ a cheapadh chun oibleagáidí na n-iompórtálaithe a chomhlíonadh. Tá tuilleadh treoraíochta faoi ionadaithe aonair ar fáil sa rannán Ceisteanna agus Freagraí en maidir le hionadaithe aonair.
Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoi REACH?
Téigh chuig leathanach Ceisteanna agus Freagraí na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán en chun forléargas iomlán a fháil agus chun freagraí a fháil ar do chuid ceisteanna go léir.