CCanna - Tosú ar scoil i mBallstát eile
Táimid díreach tar éis bogadh go dtí tír nua ach ní labhraíonn mo leanaí teanga na tíre go ró-mhaith go fóill. An gciallaíonn sé sin nach mór dúinn iad a chur i scoil idirnáisiúnta chostasach?
Mar shaoránaigh den Aontas, tá do leanaí i dteideal freastal ar scoil in aon Bhallstát
faoi nacoinníollacha céanna le náisiúnaighna tíre sin. Tá sé de cheart acu a bheith curtha i rang lena n-aoisghrúpa féin, ar leibhéal atá
coibhéiseach lena rang i do thír thionscnaimh, gan beann ar an leibhéal teanga atá
acu.
Más náisiúnach den Aontas thú atá ag bogadh go Ballstát eile chun obair a dhéanamh, faoi dhlí an Aontais, tá do leanaí i dteidealteagasc teanga saor in aiscea fháil i do thír bhaile nua chun cabhrú leo oiriúnú don chóras scoile inti.
Más náisiúnach den Aontas thú atá ag bogadh go Ballstát eile chun obair a dhéanamh, faoi dhlí an Aontais, tá do leanaí i dteidealteagasc teanga saor in aiscea fháil i do thír bhaile nua chun cabhrú leo oiriúnú don chóras scoile inti.
An gá dom fianaise a chur ar fáil maidir le taifid oideachais mo leanaí agus mé ag bogadh go tír eile?
Athraíonn sé sin de réir tíre, ach go ginearálta, is maith an smaoineamh é comhad a choinneáil ar stair oideachais gach linbh. Cuideoidh sé sin leo agus iad ag cur isteach ar an meánoideachas agus ag clárú ar
scoil. Féadfar an méid seo a bheidh sa chomhad:
- cóipeanna de gach tras-scríbhinn nó cártaí tuarascála (déan cinnte de go bhfuil na bunchóipeanna agat leis an séala scoile freisin, mar b’fhéidir gur mhaith leis an scoil nua iad a fheiceáil).
- teistiméireachtaí ó mhúinteoirí agus/nó ó phríomhoidí
- liosta de théacsleabhair atá á n-úsáid acu faoi láthair agus cur síos ar chúrsaí, chun cabhrú leatsa agus leis an múinteoir nua a chinneadh cén leibhéal ag a bhfuil do leanbh.
- torthaí trialacha, go háirithe i dteanga dhúchais an linbh, an mhatamaitic agus na heolaíochtaí.
- imdhíonadh do linbh agus taifid leighis le déanaí.
Last checked: 29/08/2025