Oibrithe ar postú - obair shealadach thar lear
Is féidir le d’fhostóir tú a chur ag obair go sealadach i dtír eile den Aontas Eorpach. Le linn na tréimhse sin, gheobhaidh tú an stádas oibrí ar postú agus beidh na bundálaí oibre agus na bunchearta oibre céanna agat agus atá ag oibrithe i do thír óstach.
Féadfaidh postú maireachtáil chomh fada agus is gá chun tasc ar leith a chur i gcrích. Nuair a bheidh do phostú críochnaithe, ba cheart duit filleadh ar d’ionad oibre sa tír den Aontas ónar postaíodh thú.
Eolas nach mór d’fhostóirí a chur ar fáil roimh an bpostú
Faoi rialacha an Aontais, sula dtosaíonn do phostú, tá oibleagáidí ar fhostóirí eolas áirithe a chur ar fáil duit agus d’údaráis inniúla na tíre óstaí.
Eolas nach mór do d’fhostóir a chur ar fáil duitse
Má mhaireann do phostú tréimhse níos faide ná 4 seachtaine as a chéile, ní mór do d’fhostóir an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil duit i scríbhinn sula n-imíonn tú:
- an tír nó na tíortha ina mbeidh tú ag obair (tír óstach)
- fad measta an phostaithe thar lear
- an t-airgeadra ina n-íocfar an luach saothair
- aon sochair (in airgead tirim nó sochair eile) a bhaineann leis an sannachán oibre
- eolas faoi aisdúichiú: an bhfuil sé ar fáil agus, má tá, cé na coinníollacha atá ann
- luach saothair de réir dhlí infheidhme na tíre óstaí
- aon liúntas sonrach a bhaineann leis an bpostú
- socruithe maidir le speansas taistil, béilí agus lóistín a aisíoc
- nasc chuig suíomh gréasáin oifigiúil náisiúnta na tíre óstaí maidir le hoibrithe ar postú
Warning
Is faoi thíortha an Aontais atá sé a chinneadh conas a thugann d’fhostóir an t-eolas sin duit. Mar sin féin, is iondúil go ndéantar é trí iarscríbhinn a chur le do chonradh atá ann cheana.Is féidir le postú maireachtáil suas le 12 mhí, nó 18 mí má chuirtear fógra réasúnaithe faoi bhráid na tíre óstaí. Mar sin féin, má tá an postú níos faide ná 12-18 mí, measfar é mar phostú fadtéarmach.
Warning
Cuimhnigh, má mhaireann an postú níos mó ná 24 mhí, is féidir leat leanúint de do chuid oibre ach d’fhéadfadh sé nach measfaidh na hinstitiúidí inniúla slándála sóisialta tú mar oibrí ar postú a thuilleadh, agus mura ndeonaítear síneadh, seans go mbeidh ort clárú leis an gcóras slándála sóisialta thar lear.Eolas nach mór don fhostóir a chur ar fáil don tír óstach
I bhformhór na gcásanna, ní mór do d’fhostóir fógra (dearbhú maidir le postú) a sheoladh chuig na húdaráis inniúla sa tír óstach sula dtosaíonn an postú (nó nuair a thosaíonn sé, ar a dhéanaí) agus na sonraí seo a leanas san áireamh ann:
- céannacht an fhostóra
- líon na n-oibrithe ar postú
- seoladh ionad oibre an phostaithe
- fad measta an phostaithe, dátaí tosaigh agus deiridh san áireamh
- an cineál seirbhíse atá á chur ar fáil le linn an phostaithe
- teagmhálaí a dhéanfaidh idirchaidreamh leis na húdaráis sa tír óstach.
Ina theannta sin, ba cheart do d’fhostóir institiúid inniúil na tíre óstaí a chur ar an eolas má bhíonn aon athrú ann, cuir i gcás mura dtarlaíonn an postú nó má chuirtear isteach ar an bpostú. Léigh tuilleadh faoi na hoibleagáidí maidir le dearbhú ar shuíomh gréasáin na tíre óstaí.
Dálaí oibre
Mar oibrí ar postú, tá tú i dteideal dálaí fostaíochta na tíre óstaí aon uair a bhíonn siad níos fabhraí ná dálaí do thíre baile.
Seiceáil cé na bundálaí oibre agus na bunchearta oibre atá i bhfeidhm
- gnéithe bunúsacha uile an luacha saothair mar atá sainithe sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch
- cúiteamh ragoibre
- liúntais nó aisíocaíocht speansas chun costais taistil, béilí agus lóistín a chumhdach sa tír óstach le linn an phostaithe (más gá duit taisteal le linn an tsannacháin postaithe)
- tréimhsí uasta oibre
- tréimhsí íosta sosa
- saoire bhliantúil íoctha íosta
- an tsláinte, an tsábháilteacht agus an sláinteachas ag an obair
- aon choinníoll a bhaineann go sonrach le daoine a fhostú trí ghníomhaireachtaí a chuireann foireann shealadach ar fáil
- bearta cosanta do mhná torracha, mná ar rugadh leanbh dóibh le déanaí, agus daoine óga (faoi bhun 18 mbliana d’aois)
- cóir chomhionann d’fhir agus do mhná agus rialacha eile chun idirdhealú a chosc
- na dálaí lóistín agus tú ag obair lasmuigh de do ghnátháit oibre, má chuireann d’fhostóir lóistín ar fáil duit.
Warning
Más rud é go bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha i do thír bhaile níos fabhraí ná téarmaí agus coinníollacha na tíre óstaí, ní mór do d’fhostóir coinníollacha na tíre baile a choinneáil ar bun le linn an phostaithe.Cumhdach slándála sóisialta agus tú thar lear
Mar oibrí ar postú, tá tú fós cumhdaithe faoi chóras slándála sóisialta do thíre baile. Chun a chinntiú go leanfaidh tú de bheith cumhdaithe, ní mór do d’fhostóir Doiciméad Iniompartha A1 (foirm PD A1) a fháil ón institiúid slándála sóisialta i do thír bhaile. Cuirfidh do thír bhaile údaráis inniúla na tíre óstaí ar an eolas.
Seiceáil conas a n-oibríonn an tslándáil shóisialta le linn do phostaithe
- ní gá duit clárú le húdaráis slándála sóisialta na tíre óstaí
- ní charnann tú aon cheart slándála sóisialta breise mar shampla pinsin ná ní bhíonn an ceart chun sochar dífhostaíochta agat sa tír inar postaíodh thú.
- ní mór do d’fhostóir PD A1 a iarraidh ar an institiúid slándála sóisialta i do thír bhaile.
Warning
Cuirfidh d’fhostóir dáta tosaigh agus dáta deiridh an phostaithe i do PD A1 in iúl do chóras slándála sóisialta do thíre baile. Is é 24 mhí an uastréimhse a cheadaítear ar PD A1.Mar sin féin, más faide ná 24 mhí do phostú, féadfaidh tú ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:
- Aistriú chuig córas slándála sóisialta na tíre ina bhfuil tú ar postú. Cé gur féidir leat leanúint de do chuid oibre, ní mheasfar mar oibrí ar postú thú a thuilleadh faoi rialacha maidir le comhordú na slándála sóisialta.
- A iarraidh ar d’fhostóir iarratas a dhéanamh ar shíneadh a chur le bailíochta na foirmePD A1 i leith do thréimhse postaithe chun go mbeidh tú cumhdaithe i do thír bhaile go fóill. Deonófar an síneadh má thagann na húdaráis sa dá thír ar chomhaontú frithpháirteach agus más chun do leasa é.
Tuilleadh eolais faoin gcumhdach slándála sóisialta atá agat agus tú ar postú i dtír eile den Aontas.
Postú fadtéarmach
Má sháraítear an tréimhse chaighdeánach postaithe (12-18 mí), cuirfear tús leis an bpostú a mheas mar thréimhse fhadtéarmach. Ón tráth sin, ráthófar na bundálaí agus na bunchearta oibre uile duit, cé is moite díobh siúd a bhaineann le conarthaí a fhoirceannadh; agus pinsin oibre fhorlíontacha.
Níl teorainn ama leis an bpostú fadtéarmach, agus beidh feidhm ag a rialacha uile fad a bheidh an postú ar siúl.
Má phostaítear thú i dtír eile san Aontas, b’fhéidir go dteastódh uait go mbeadh do theaghlach in éineacht leat ansin. Is féidir le do theaghlach sin a dhéanamh de bhun a gceart féin mar shaoránaigh den Aontas, ach ní mar chleithiúnaithe agat.
Cáin ioncaim
Má oibríonn tú i do thír óstach ar feadh níos mó ná 6 mhí, meastar mar chónaitheoir cánach thú agus íocann tú cáin ioncaim sa tír sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh do thír bhaile cáin a ghearradh ort más rud é:
- go gcoinníonn tú do sheoladh buan i do thír bhaile;
- go bhfuil do naisc phearsanta agus eacnamaíocha leis an tír sin níos láidre.
Mar sin féin, ní ann do rialacha uile-Aontais lena leagtar amach cén tír a fhéadfaidh cáin a ghearradh ar d’ioncam le linn postaithe. D’fhéadfadh sé go bhfuil sé sin leagtha amach i ndlíthe náisiúnta nó i gcomhaontuithe cánach idir na tíortha san Aontas. Déan seiceáil i gcónaí ar na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir leatsa, trí theagmháil a dhéanamh le húdaráis chánach do thíre baile agus do thíre óstaí araon.
Warning
Féach an t-eolas is déanaí faoi chánachas dúbailte ionas nach ngearrfar cáin faoi dhó ar d’ioncam.Scéal samplach
Is altra é Pere atá fostaithe ag ospidéal sa Spáinn agus seoltar chun bheith ag obair sa tSualainn é ar feadh 11 mhí ar thréimhse shealadach. Coinneoidh sé a áit chónaithe bhuan ina thír bhaile.
Sula bhfágann sé, iarrann fostóir Pere foirm PD A1 ar údarás inniúil na Spáinne chun a léiriú go bhfuil sé fós cumhdaithe ag slándáil shóisialta na Spáinne le linn an phostaithe. Cuirfidh údaráis na Spáinne údaráis na Sualainne ar an eolas ansin faoin bpostú.
Agus é ag obair sa tSualainn, fanann sé faoi árachas sa Spáinn le haghaidh ranníocaíochtaí agus sochair slándála sóisialta. An tráth céanna, ní mór dó na dálaí oibre a bhfuil feidhm acu sa tSualainn a fháil, cuir i gcás rialacha maidir le pá, am oibre agus an tsláinte agus an tsábháilteacht, má tá na dálaí sin níos fabhraí.
De ghnáth, bheadh ar Pere a cháin ioncaim a íoc sa tSualainn, toisc go bhfuil sé ag fanacht níos faide ná 6 mhí. D’fhéadfadh sé go mbeadh air fós cánacha ioncaim a íoc sa Spáinn, áfach, ós rud é go bhfuil a áit chónaithe bhuan á choinneáil aige sa tír sin. Ós rud é go bhfuil na rialacha sin tírshonrach, is fiú do Pere an áit ar cheart dó cáin ioncaim a íoc agus conas cánachas dúbailte a sheachaint a sheiceáil le húdaráis chánach na Sualainne agus na Spáinne.
Suíomhanna gréasáin náisiúnta maidir le postú
Déan seiceáil ar shuíomh gréasáin náisiúnta do thíre óstaí chun téarmaí agus coinníollacha oibre na n-oibrithe ar postú a fháil amach, chomh maith le sonraí teagmhála na n-údarás áitiúil.
Suíomhanna gréasáin náisiúnta maidir le postú
Oifigigh Idirchaidrimh Náisiúnta
Tá údarás inniúil ag gach tír a fhéadfaidh ceisteanna a fhreagairt maidir le hoibrithe a phostú. Tá sonraí teagmhála na nOifigí Idirchaidrimh Náisiúnta seo ar fáil faoin gcnaipe ‘Cuir ceist ar údaráis riaracháin náisiúnta’ thíos.
Tuilleadh eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil féach treoir ghearr an Aontais maidir le hoibrithe a phostú
Féach chomh maith treoir phraiticiúil an Aontais maidir le postú