CCanna - Bailíocht árachais cairr san Aontas Eorpach

Tá cónaí orm i dtír eile den Aontas

Toisc go bhfuil tionchar mór fós ag dálaí áitiúla i ngach tír ar phraghsanna.

Mar shampla, tá éagsúlacht mhór fós ann ó thír go tír maidir le méideanna cúitimh d’íospartaigh, córais dliteanais shibhialta agus an costas a bhaineann le feithiclí a dheisiú.

Ní mór do chuideachtaí árachais oibleagáidí dlíthiúla áirithe a chomhlíonadh más mian leo árachas a dhíol i dtíortha den Aontas nach bhfuil aon bhunáit ná brainsí acu iontu. Sin an fáth a mbíonn claonadh ag cuideachtaí árachais oibriú trí bhrainsí nó comhpháirtithe áitiúla agus an fáth a mbíonn sé deacair ort, sa chleachtas, teacht ar árachóir atá toilteanach seirbhísí árachais trasteorann a thairiscint duit.

Nuair a chláraíonn tú do charr sa Bheilg, rud ba cheart a dhéanamh má tá sé beartaithe agat fanacht sa tír go ceann níos mó ná 6 mhí, beidh ort a chruthú go bhfuil cumhdach árachais agat. Beidh ar na húdaráis Bheilgeacha glacadh le cumhdach árachais ó aon chuideachta árachais Fhrancach atá údaraithe chun seirbhísí a sholáthar sa Bheilg. Ach má fhaigheann tú amach nach bhfuil an chuideachta árachais Fhrancach údaraithe sa Bheilg, beidh ort árachóir eile a aimsiú.

De ghnáth, cheannófá árachas sa tír ina bhfuil an carr cláraithe, cé go bhfuil árachóirí ann a sholáthraíonn árachas trasteorann.

Chun do charr a thiomáint ar ais go dtí an Fhrainc, is féidir leat rogha a dhéanamh árachóir Gearmánach nó árachóir Francach a úsáid. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé a bheith ní ba phraiticiúla uimhirphlátaí sealadacha Gearmánacha agus árachas a fháil chun an carr a thiomáint ar ais. Is amhlaidh atá toisc gurbh fhéidir nach mbeadh sonraí beachta an chairr ar eolas agat go dtí go gceannóidh tú é, agus is iondúil go mbíonn an t-eolas sin de dhíth ar chuideachtaí árachais sular féidir árachas a thabhairt duit. Braitheann sé ar a sholúbtha atá na hárachóirí agus na húdaráis clárúcháin feithiclí sa dá thír.

Cé gur sa Spáinn a bheidh do charr cláraithe i gcónaí, ba cheart duit do chonradh árachais a sheiceáil féachaint an gcumhdaíonn sé an cás inar ball teaghlaigh atá ag fanacht i dtír eile den Aontas é úsáideoir éifeachtach an chairr.

Seachas sin, dá mbainfeadh timpiste do do mhac sa Phortaingéil, d’fhéadfadh d’árachóir agóid a dhéanamh nár chuir tú ar an eolas iad faoi athrú bunúsach ar imthosca.

IS FÉIDIR. Cuir árachóirí éagsúla i gcomparáid le chéile chun a fháil amach cé acu a chuirfidh do thaifead glan san Iodáil san áireamh. Ní mór do d’árachóir Iodálach roimhe seo taifead de stair do chuid éileamh a chur ar fáil duit, arna iarraidh sin duit.

Is turasóir mé

CLÚDÓIDH. Tá d’árachas tríú páirtí éigeantach fós bailí má thaistealaíonn tú chuig tír eile den Aontas nó má fhanann tú go sealadach i dtír eile den Aontas. Leis an gCárta Glas a chuireann d’árachóir ar fáil (go huathoibríoch nó arna iarraidh sin, ag brath ar do thír árachais), beidh sé níos éasca duit éileamh a dhéanamh má bhaineann timpiste duit agus tú thar lear. Is ar do chonradh sonrach a bhraitheann cumhdach eile i leith damáistí do do charr nó duit féin (dóiteán, gadaíocht, etc., atá san áireamh in árachas cuimsitheach), mar sin ba cheart duit sin a sheiceáil le d’árachóir.

See main information on this topic

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 13/10/2026
Share this page