Menu

FAQs - Home country elections

An féidir liom vótáil sna holltoghcháin i mo thír dhúchais fiú má tá cónaí orm i dtír eile san Aontas faoi láthair? Oscail Dún

Seans gur féidir. Is iad na Ballstát féin a chinneann na coinníollacha vótála, agus dá bhrí sin tá na rialacha éagsúil ó thír go tír. Mar sin féin, más mian leat vótáil i dtoghcháin náisiúnta do thíre baile, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort a bheith liostaithe ar rolla na dtoghthóirí. Ní dócha go ndéanfar é sin go huathoibríoch mura bhfuil cónaí ort sa tír sin. Féach na rialacha i do thír féin chun tuilleadh eolais a fháil.

Bhog mé go tír eile den Aontas. An féidir liom vótáil sna holltoghcháin anseo? Oscail Dún

Seans gur féidir. Is ar an leibhéal náisiúnta a bhunaítear an méid sin (i.e. ní dlí de chuid an Aontais é). Mar sin féin, féadfaidh tú vótáil i dtoghcháin bhardasacha agus Eorpacha i do thír óstach faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh na tíre.

An féidir liom vótáil sna holltoghchán i níos mó ná tír amháin má tá déshaoránacht agam? Oscail Dún

Seans gur féidir. Tá na rialacha éagsúil ó thír go tír. Féach suíomh gréasáin údaráis náisiúnta na tíre ábhartha chun a fháil amach an gcoisctear thú a bheith ar rollaí vótálaithe i dtír eile toisc go bhfuil tú cláraithe chun vótáil i dtír amháin.

Tá mé i mo chónaí sa Ghearmáin ach is Éireannach mé. An féidir liom páirt a ghlacadh in olltoghchán na hÉireann? Oscail Dún

Ní féidir. Tá Éire ar cheann de na tíortha den Aontas nach gceadaíonn dá saoránaigh vótáil má tá cónaí orthu thar lear, ach amháin má tá díolúine shainráite acu ón gcoinníoll sin (is le haon sórt toghcháin a bhaineann sé sin, bíodh sé ina olltoghchán, toghchán bardasach, toghchán réigiúnach nó toghchán Eorpach). Ní féidir leat vótáil i dtoghcháin na Gearmáine ach an oiread, toisc gurb iad saoránaigh na Gearmáine amháin a bhfuil an cead acu vótáil iontu. Mar sin féin, is féidir leat vótáil i dtoghcháin bhardasacha na Gearmáine chomh maith leis na toghcháin Eorpacha faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh na Gearmáine.

Is Francach mé ach tá cónaí orm sa tSualainn le blianta fada anuas. An féidir liom vótáil fós i dtoghcháin náisiúnta na Fraince? Oscail Dún

Is féidir. Cinneann gach tír cé acu a cheadaíonn nó nach gceadaíonn sí do na saoránaigh nach bhfuil cónaí orthu inti vótáil sna toghcháin náisiúnta. Sa Fhrainc, tá cead ag na saoránaigh a bhfuil cónaí orthu thar lear vótáil sna toghcháin uachtaránachta agus pharlaiminte, is cuma cá fhad atá siad ina gcónaí thar lear. Déan a chinntiú go bhfuil tú cláraithe ar rolla na dtoghthóirí.

D’fhág mé mo thír féin chun cónaí i dtír eile den Aontas blianta fada ó shin. An bhfuil mé fós ar rolla na dtoghthóirí le haghaidh an olltoghcháin? Oscail Dún

Is dócha nach bhfuil. Fiú má cheadaíonn do thír dhúchais duit vótáil sna holltoghcháin ó thar lear, d’fhéadfadh sé gur baineadh d’ainm de rollaí na vótálaithe. Déan a sheiceáil leis na húdaráis náisiúnta chun a chinntiú nach gcaillfidh tú an deis vótála.

See main information on this topic

Last checked: 05/05/2025
Share this page