Menu

Fánaíocht: Fón póca a úsáid san Aontas Eorpach

Nuair a bhíonn tú ag taisteal lasmuigh de do thír dhúchais chuig Ballstát eile den Aontas, ní gá duit aon táillí breise a íoc chun d’fhón póca a úsáid. Tugtar ‘fánaíocht’ nó ‘fánaíocht ar tháillí baile’ air sin. Gearrtar rátaí baile ort le haghaidh glaonna (chuig fóin phóca agus fóin sheasta), teachtaireachtaí téacs (SMS) agus úsáid sonraí (brabhsáil gréasáin, ceol agus fís-sruthú etc.), is é sin an praghas céanna le haghaidh glaonna, téacsanna agus úsáid sonraí i do thír dhúchais.

Baineann an riail chéanna freisin le glaonna nó teachtaireachtaí téacs ar bith a fhaigheann tú agus tú i dtír eile. Ní ghearrfar táille bhreise ort chun glaonna nó téacsanna a fháil agus tú ag fánaíocht, fiú má tá soláthraí seirbhíse difriúil á úsáid ag an té a ghlaonn ort.

Scéal samplach

Ní ghearrfar aon táille bhreise chun glaonna a dhéanamh nó a fháil agus tú ag fánaíocht

Tá Michael ina chónaí in Éirinn agus tá conradh aige le hoibritheoir móibíleach Éireannach. Íocann sé €0.10 in aghaidh an nóiméid ar ghlaonna agus €0.05 ar theachtaireachtaí téacs in Éirinn. Nuair a théann sé ar thuras gnó go dtí an Spáinn, ní gá dó a bheith buartha faoi airgead breise a íoc as glaonna nó teachtaireachtaí SMS dhéanann sé nó a fhaigheann sé chuig agus ó uimhreacha de chuid an Aontais.

Gearrfar an gnáthráta intíre ar dhaoine a ghlaonn ar Michael ó Éirinn. Má ghlaonn sé ar uimhir áitiúil Spáinneach, ar a theaghlach in Éirinn nó ar aon Bhallstát eile den Aontas, íocfaidh sé praghsanna intíre Éireannacha, is é sin €0.10 in aghaidh an nóiméid as na glaonna sin. Na teachtaireachtaí téacs a sheolann sé agus é sa Spáinn, chuig Éirinn nó chuig aon Bhallstát eile den Aontas, cosnóidh siad €0.05 air, díreach mar a chosnaíonn sa bhaile.

Cad is fánaíocht ann?

Is éard is fánaíocht ann nuair a úsáideann tú d’fhón póca agus tú ag taisteal anois agus arís lasmuigh den tír ina bhfuil síntiús móibíleach agat i.e. an tír ina bhfuil cónaí ort, ina n-oibríonn tú, ina ndéanann tú staidéar nó ina bhfuil naisc chobhsaí agat ar shlí eile.

Chomh fada agus a chaitheann tú níos mó ama sa bhaile ná mar a chaitheann tú i dtír eile, nó a úsáideann tú d’fhón póca níos mó sa bhaile ná i dtír eile, meastar go bhfuil tú ag fánaíocht. Dá bhrí sin, gearrfar praghsanna intíre ort as do ghlaonna, do théacsanna agus d’úsáid sonraí san Aontas. Meastar gur ‘úsáid chóir seirbhísí fánaíochta’ é sin.

Aon uair a thrasnaíonn tú teorainn laistigh den Aontas, ba cheart duit teachtaireacht téacs a fháil ó d’oibreoir móibíleach lena chur in iúl duit go bhfuil tú ag fánaíocht, agus lena bheartas maidir le húsáid chóir a mheabhrú duit. Ba cheart don teachtaireacht téacs tú a chur ar an eolas faoi phraghsáil phearsantaithe bunaithe ar do shíntiús, faoi aon seirbhísí ar féidir costas breise a ghearradh ort lena n-aghaidh, agus faoi theagmhálacha éigeandála na tíre sin.

Warning

Má úsáideann tú d’fhón póca i dtír eile go buan, mar shampla má bhogann tú go tír eile agus má leanann tú de do chárta SIM ó do thír bhaile a úsáid, féadfaidh d’oibreoir móibíleach táille bhreise a ghearradh ort as fánaíocht. Mar sin féin, cuirtear uasteorainn leis na táillí sin faoin mbeartas maidir le húsáid chóir.

Beartas maidir le húsáid chóir (teorainneacha ar úsáid sonraí)

D’fhéadfadh ‘beartas maidir le húsáid chóir’ a bheith ag oibreoirí líonraí móibíleacha, rud a chiallaíonn go bhféadfaidh siad teorainneacha a chur leis an méid sonraí is féidir leat a úsáid agus do phraghas intíre á íoc. I roinnt cásanna sonracha (féach thíos), b’fhéidir go mbeadh ort formhuirear fánaíochta sonraí a íoc. Ní féidir leis an bhformhuirear sin a bheith níos airde ná an uasteorainn sonraí mórdhíola ar fud an Aontais.

Tá an uasteorainn sonraí socraithe ag €1.30/GB de shonraí in 2025 + CBL, ach tiocfaidh laghdú uirthi le himeacht ama. Ó 2027 ar aghaidh, cuirfear an uasteorainn €1/GB + CBL leis.

Tá cárta réamhíoctha agam.

Má tá cárta réamhíoctha agat (rud a chiallaíonn go n-íocann tú roimh ré as d’fhón póca a úsáid) is féidir leat d’fhón a úsáid i dtíortha eile san Aontas gan táille bhreise a íoc. Mar sin féin, má íocann tú in aghaidh an aonaid agus más lú ná €1.30 in aghaidh an GB do phraghas aonaid baile, féadfaidh d’oibreoir móibíleach teorainn sonraí a chur i bhfeidhm le linn duit a bheith ag fánaíocht.

Má chuireann d’oibreoir móibíleach teorainn i bhfeidhm maidir le méid sonraí, ba cheart dó a beith, ar a laghad, an méid a fhaightear ach an creidmheas atá fágtha ar do chárta réamhíoctha a roinnt ar €1.30 a luaithe a thosóidh tú ag úsáid seirbhísí fánaíochta sonraí. Gheobhaidh tú an méid céanna sonraí fánaíochta a d’íoc tú as roimh ré. Is féidir leat breisiú creidmheasa a dhéanamh agus tú ag taisteal.

Scéal samplach

Fánaíocht le cárta réamhíoctha: teorainneacha sonraí

Tá cónaí ar Jana sa tSlóvaic agus tá cárta SIM réamhíoctha aici le creidmheas €30 (CBL san áireamh) air. Clúdaíonn an méid sin glaonna, teachtaireachtaí téacs agus seirbhísí sonraí. Nuair a théann sí ar saoire chun na Spáinne, tá creidmheas €26 (gan CBL san áireamh) fágtha aici ar a cárta. Ciallaíonn sé sin gur féidir le Jana, le linn a saoire, méid sonraí a bheith aici atá cothrom le luach an chreidmheasa atá fágtha ar a cárta SIM réamhíoctha. Gheobhaidh sí ar a laghad 20 GB de shonraí fánaíochta (€26/€1.30 = 20).

Tá sonraí teoranta mar chuid de mo chonradh

Má tá conradh fóin póca agat le liúntas sonraí teoranta, is féidir leat an liúntas sin a úsáid agus tú ag taisteal san Aontas gan aon chostas breise. Is é an liúntas sonraí a luaitear mar chuid de do chonradh an teorainn agus tú ag fánaíocht.

Mar sin féin, má tá praghas aonaid sonraí móibíleacha an-saor agat mar chuid de do chonradh (níos lú ná €1.30/GB in 2025, méid a laghdaíonn in imeacht ama), d’fhéadfadh d’oibreoir teorainn sonraí ‘úsáid chóir’ a chur i bhfeidhm agus tú ag fánaíocht. Is féidir leis an teorainn sin a bheith níos ísle ná do liúntas sonraí intíre.

Tá an teorainn bunaithe ar phraghas do chonartha mhóibíligh intíre. Ní mór do d’oibreoir an teorainn sin a chur in iúl duit roimh ré, agus foláireamh a thabhairt duit nuair a bheidh sí bainte amach agat. Is féidir leat leanúint ar aghaidh ar fhánaíocht sonraí nuair a bheidh do theorainn bainte amach agat, ach is féidir le d’oibreoir táille bhreise a ghearradh ort. Mar sin féin, ní féidir leis an bhformhuirear sin a bheith níos airde ná an uasteorainn sonraí mórdhíola (€1.30/GB + CBL in 2025).

Tá sonraí neamhtheoranta mar chuid de mo chonradh

Má tá conradh fóin póca agat lena n-íocann tú táille mhíosúil sheasta agus lena gcumhdaítear seirbhísí cuachta le sonraí neamhtheoranta san áireamh, féadfaidh d’oibreoir móibíleach teorainn a chur leis an méid sonraí is féidir leat a úsáid agus tú ag fánaíocht. Beidh an méid beacht ag brath ar an méid a íocann tú as do chonradh móibíleach. Ní mór an méid sonraí a bheith dhá oiread níos mó ar a laghad ná an méid a gheofaí dá ndéanfaí praghas do chonartha mhóibíligh (gan CBL san áireamh) a roinnt ar an uasteorainn fánaíochta sonraí mórdhíola (€1.30 + CBL in 2025).

Ní mór do d’oibreoir a rá leat cé mhéad sonraí atá mar chuid de do liúntas fánaíochta. Má théann tú thar do liúntas agus tú ag fánaíocht, gearrfar táille bhreise ort. Mar sin féin, ní féidir leis an bhformhuirear sin a bheith níos airde ná an uasteorainn sonraí mórdhíola (€1.30/GB + CBL in 2025).

Scéal samplach

Sonraí neamhtheoranta mar chuid de chonradh - liúntas fánaíochta

Íocann Paulina i Lucsamburg €13 (gan CBL san áireamh) as a conradh fóin póca. Cumhdaíonn an praghas sin glaonna, teachtaireachtaí téacs (SMS) agus sonraí neamhtheoranta. Nuair a úsáideann sí a fón póca ar saoire san Iodáil, faigheann sí glaonna agus SMS neamhtheoranta agus 20 GB ar a laghad de shonraí. Ríomhtar an méid sonraí ar an mbealach seo a leanas: 2 x (€13 / €1.30) = 20.

Conarthaí eile

D’fhéadfadh oibreoirí conarthaí a thairiscint freisin gan seirbhísí fánaíochta nó conarthaí fánaíochta malartacha atá deartha go sonrach le taraifí nach dtagann faoi raon feidhme rialacha an Aontais, mar shampla má roghnaíonn tú taraif dhifriúil nó tá tú ag fánaíocht lasmuigh den Aontas. Ní mór duit na cineálacha roghanna sin a roghnú go sonrach tú féin.

Monatóireacht a dhéanamh ar úsáid fánaíochta

Mar chuid dá mbeartas maidir le húsáid chóir, is féidir le d’oibreoir monatóireacht agus seiceáil a dhéanamh ar do chuid úsáid fánaíochta thar thréimhse 4 mhí. Más rud é, le linn na tréimhse sin, gur chaith tú níos mó ama i dtír eile ná mar a chaith tú sa bhaile AGUS gur mó do chuid úsáid fánaíochta ná do chuid úsáid baile, féadfaidh d’oibreoir teagmháil a dhéanamh leat agus iarraidh ort do chás a shoiléiriú. Beidh 14 lá agat chun é sin a dhéanamh.

Má leanann tú de níos mó ama a chaitheamh i dtír eile ná mar a chaitheann tú sa bhaile agus má leanann do thomhaltas fánaíochta de bheith níos mó ná do chuid úsáid baile, féadfaidh d’oibreoir táille bhreise a ghearradh ort as do chuid úsáid fánaíochta. Ní féidir leis na formhuirir (gan CBL san áireamh) a bheith níos airde ná

• €0.019 in aghaidh an nóiméid i gcás glaonna gutha a chuirtear

• €0.003 in aghaidh na teachtaireachta téacs

• €1.30 in aghaidh na GB de shonraí (is é sin an teorainn in 2025, ach a laghdóidh le himeacht ama go dtí go sroichfidh sé formhuirear uasta €1/GB ó 2027 ar aghaidh).

Ní mór do do sholáthraí móibíleach teorainn scoite a chur i bhfeidhm go huathoibríoch agus tú ag fánaíocht. Ciallaíonn sé sin, nuair a bhainfidh tú tomhaltas iomlán de €50 breise amach, nó aon teorainn eile a roghnóidh tú féin, cuirfidh do sholáthraí móibíleach in iúl duit nach féidir leat seirbhísí fánaíochta a úsáid a thuilleadh. Tá an rogha agat a chur in iúl do do sholáthraí gur mian leat leanúint d’fhánaíocht a úsáid, fiú má ghearrfar táille bhreise ort.

Fánaíocht i gcás oibrithe trasteorann

Má tá tú ag obair i mBallstát amháin den Aontas agus má tá cónaí ort i mBallstát eile, is féidir leat oibreoir móibíleach a roghnú i gceachtar Ballstát agus fánaíocht a dhéanamh ach cárta SIM a úsáid ón mBallstát ina bhfuil cónaí ort nó ina bhfuil tú ag obair. Tá feidhm fós ag an mbeartas maidir le húsáid chóir: fad agus a nascann tú uair amháin sa lá ar a laghad le líonra d’oibritheora baile, measfar gur lá láithreachta é sa Bhallstát ina bhfuil do chonradh (fiú má théann tú go dtí tír eile arís an lá céanna).

An féidir liom fánaíocht a dhéanamh agus mé ag taisteal ar long nó ar eitleán?

Is féidir, ach bí cúramach. Níor cheart táille bhreise a ghearradh ort as d’fhón póca a úsáid agus tú ag taisteal ar long nó ar eitleán, ar choinníoll go bhfuil tú nasctha le líonra móibíleach talún (talamh), e.g. i gcuan, ar abhainn, san aerfort. Ach má chuirtear seirbhísí móibíleacha ar fáil trí chórais satailíte, níl feidhm ag rialacha an Aontais a thuilleadh agus gearrfar táille ort as seirbhísí fánaíochta neamhrialáilte (gan uasteorainneacha praghais). Chun costais bhreise a sheachaint, déan an socrú fánaíochta a dhíghníomhachtú ar do ghléas, sin nó an mód eitilte a ghníomhachtú agus tú ar bord.

Fánaíocht lasmuigh den Aontas

Tá an Córas Fánaíochta ar Tháille Baile ar fáil freisin i dtíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch: an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua. Ní chumhdaítear tíortha lasmuigh den AE/LEE le Fánaíocht ar Tháille Baile mar chuid den chóras sin, ach roghnaíonn a lán oibreoirí na tairiscintí sin a leathnú chuig na tíortha sin freisin.

Is féidir le costas fánaíochta (go háirithe fánaíocht sonraí) lasmuigh den AE/LEE a bheith daor. Chun billí arda a sheachaint, seiceáil an costas a bhaineann le fánaíocht lasmuigh den Aontas le do sholáthraí sula dtaistealaíonn tú.

Má théann rudaí amú - do chearta mar thomhaltóir

Má cheapann tú nár urramaigh do sholáthraí seirbhíse do chearta, ba cheart duit dul i dteagmháil le d’oibreoir agus an nós imeachta gearáin atá i bhfeidhm a úsáid.

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, is féidir leat dul i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta rialála Open as an external link ábhartha i do thír, do rialtóir náisiúnta teileachumarsáide de ghnáth, agus pléifidh siad le do chás.

CCanna

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 10/06/2025
Share this page