Rialacha maidir leis an athrú inscne
Is féidir inscne a athrú go dlíthiúil i bhformhór thíortha an Aontais. Mar sin féin, an próiseas agus na critéir chun aitheantas le héifeachtaí dlíthiúla a bhaint amach do d'inscne dhearbhaithe, tá siad difriúil ó thír go tír.
Ceadaítear féinchinntiúchán i roinnt tíortha de chuid an Aontais, rud ar a dtugtar féinaithint freisin. Fágann sé sin gur féidir leat an marcóir dlíthiúil gnéis a athrú ar do dhoiciméid oifigiúla (teastais bhreithe, pasanna, cártaí aitheantais...) trí dhearbhú simplí. I dtíortha ar leith is féidir é sin a dhéanamh ar líne.
Agus an próiseas dlíthiúil maidir le hathrú inscne curtha i gcrích, glactar le d'inscne roghnaithe chun gach críche.
Tá go leor athruithe reachtacha á ndéanamh sa réimse seo. Féach ar shuíomh gréasáin gach Ballstáit chun an t-eolas is déanaí a fháil.