Menu

Ceadú le haghaidh tionscadail ghlan-nialasachta

Má tá sé beartaithe ag do ghnólacht saoráid a thógáil nó a leathnú ina monarófar teicneolaíochtaí glana san Aontas, cuir i gcás ceallraí, painéil ghréine nó tuirbíní gaoithe, seans go mbeidh ceadanna de dhíth ort. D’fhéadfadh cuid de na tionscadail sin a bheith incháilithe do stádas tionscadail straitéisigh, arb é atá i gceist leis próiseas ceadúcháin níos tapúla, rochtain ar sheirbhísí tacaíochta agus cuidiú chun deiseanna maoiniúcháin a shainaithint.

Cad is tionscadal glan-nialasachta ann?

Is éard is tionscadal glan-nialasachta ann tionscadal tionsclaíoch nó monaraíochta lena ndéantar an méid seo a leanas:

  • teicneolaíochtaí a tháirgeadh lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa (e.g. ceallraí, painéil ghréine, tuirbíní gaoithe, teaschaidéil), nó
  • cuidiú chun táirgeadh agus cur in úsáid na dteicneolaíochtaí sin san Eoraip a mhéadú

Cuimsítear leis na samplaí:

  • saoráidí teicneolaíochta glaine a thógáil nó a leathnú
  • trealamh a mhonarú le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, stóráil fuinnimh, gabháil carbóin, nó eangacha leictreachais
  • slabhraí soláthair a fhorbairt le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí glan-nialasachta

Warning

Ar an leathanach seo, dírítear ar thionscadail mhonaraíochta. Tionscadail lena ngintear fuinneamh in-athnuaite nó lena n-oibrítear bonneagar fuinnimh, d’fhéadfaidís a bheith faoi réir rialacha ceadúcháin eile.

Cad iad na cineálacha ceadanna atá ag teastáil?

Bíonn ceadanna de dhíth ar an gcuid is mó de thionscadail toisc go mbaineann siad le saoráidí tionsclaíocha agus bonneagar a thógáil, a leathnú nó a oibriú, dhá rud a mbíonn gá leo chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh.

D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith ag teastáil uait, ag brath ar do thionsadal:

  • ceaduithe pleanála agus tógála
  • ceadanna comhshaoil (e.g. astaíochtaí, torann, measúnuithe tionchair)
  • ceaduithe a bhaineann le fuinneamh (e.g. cead chun nascadh leis an eangach leictreachais nó chun leictreachas a ghiniúint)
  • ceadanna chun suiteálacha tionsclaíocha a mhodhnú nó a oibriú

An chaoi a n-oibríonn an próiseas ceadúcháin

Eisítear ceadanna ar an leibhéal náisiúnta (agus uaireanta ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil). Chun do thionscadal a bhogadh ar aghaidh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an bPointe Teagmhála Aonair (SPC) chun cead a fháil i do thír féin den Aontas. Tá do SPC náisiúnta ann chun tú a threorú tríd an bpróiseas ceadúcháin.

Déanann SPC an méid seo a leanas:

  • feidhmíonn sé mar phríomh-chomhéadan riaracháin
  • cuireann sé in iúl duit cé na ceadanna a bhfuil feidhm acu maidir le do thionscadal
  • míníonn sé nósanna imeachta agus amlínte le haghaidh formheasanna comhshaoil, tógála agus fuinnimh
  • cuidíonn sé chun comhordú a dhéanamh ar na húdaráis a bhfuil baint acu le ceadanna agus formheasanna éagsúla a eisiúint

Aimsigh do Phointe Teagmhála Aonair glan-nialasachta náisiúnta:

Scéal samplach

Saoráid monaraíochta painéal gréine a thógáil

Tá sé beartaithe ag cuideachta bheag sa Phortaingéil saoráid a thógáil chun painéil ghréine a mhonarú. Sular féidir tús a chur leis an tógáil, beidh ceadanna éagsúla de dhíth ar an gcuideachta. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin cead pleanála, formheasanna comhshaoil agus cead chun an tsaoráid a nascadh leis an eangach leictreachais. Téann an chuideachta i dteagmháil lena Pointe Teagmhála Aonair náisiúnta (SPC), agus míníonn sé cé na ceadanna atá ag teastáil, sainaithníonn sé na húdaráis atá rannpháirteach, agus treoraíonn sé an chuideachta tríd an bpróiseas ceadúcháin.

Cad is tionscadal straitéiseach glan-nialasachta ann?

D’fhéadfaí a mheas go bhfuil tionscadail ghlan-nialasachta áirithe ríthábhachtach do thionscal teicneolaíochta glaine an Aontais. Is féidir le húdarás náisiúnta na tionscadail sin a ainmniú mar ‘thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta’ agus is féidir leo tairbhe a bhaint as stádas tosaíochta.

Is féidir le tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta tairbhe a bhaint as na nithe seo a leanas:

  • go bpléifear leis an bpróiseas riaracháin go tapa agus go mbeidh an próiseas ceadúcháin níos tapúla (idir 9 mí agus 18 mí de ghnáth)
  • tacaíocht ar leibhéal an Aontais tríd an Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa, comhairle maidir le maoiniú san áireamh
  • cóir phráinneach i nósanna imeachta breithiúnacha agus réitigh díospóidí
  • nósanna imeachta um measúnú comhshaoil cuíchóirithe

Chun cáiliú, ní mór na nithe seo a leanas a bheith i gceist le do thionscadal:

  • monaraíocht teicneolaíochta glan-nialasachta
  • gabháil agus stóráil CO₂ nó
  • bonneagar chun CO₂ gafa a iompar

Ní mór dó freisin ar a laghad ceann amháin de na critéir seo a leanas a chomhlíonadh go soiléir:

  • acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a neartú
  • spleáchas a laghdú ar iompórtálacha le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta
  • inbhuanaitheacht chomhshaoil a fheabhsú nó astaíochtaí a laghdú

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat go n-aithneofaí do thionscadal mar thionscadal straitéiseach, tá feidhm ag nósanna imeachta iarratais éagsúla ag brath ar an gcineál tionscadail agus ar an tacaíocht a fhaigheann sé cheana féin.

I bhformhór na gcásanna, beidh ort an fhoirm iarratais chaighdeánach a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil a líonadh isteach agus a chur isteach. I gcásanna áirithe, féadfaidh feidhm a bheith ag nós imeachta simplithe.

Nós imeachta caighdeánach maidir le hiarratas a dhéanamh Oscail Dún

D’iarratas a ullmhú

Beidh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cur síos a thabhairt ar do thionscadal (suíomh, teicneolaíocht, céim forbartha)
  • míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann sé le cuspóirí glan-nialasachta an Aontais
  • breac-chuntas a thabhairt ar an tionchar tionsclaíoch agus aeráide a mheastar a bheidh ag an tionscadal
  • fianaise a sholáthar go gcomhlíonann sé na critéir le haghaidh tionscadail straitéiseacha

I gcás fhormhór na n-iarratas, ní mór duit an méid seo a leanas a chur ar fáil freisin:

  • plean gnó ina leagtar amach an inmharthanacht airgeadais
  • amlíne tháscach an tionscadail
  • doiciméid tacaíochta

D’iarratas a chur isteach

Chun d’iarratas a chur isteach, ní mór duit cuntas EU Login a chruthú ar dtús agus an fhoirm iarratais ar líne atá le fáil ar leathanach gréasáin an Choimisiúin maidir le tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a líonadh isteach.

Nuair a bheidh an t-iarratas réidh, is féidir leat é a chur isteach trí ardán slán an Choimisiúin chuig an tír ábhartha den Aontas lena mheasúnú.


Fanacht ar an measúnú

  • Déanfar d’iarratas a sheiceáil ar dtús le haghaidh iomláine
  • Déanfaidh an Ballstát ina mbeidh an tionscadal lonnaithe measúnú ar an iarratas
  • Ba cheart go bhfaighfeá cinneadh laistigh d’aon mhí amháin tar éis dóibh a mheas go bhfuil d’iarratas iomlán

Mura nglactar le d’iarratas

Mura nglactar le d’iarratas, féadfaidh tú a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar an tionscadal. Ní thagann measúnú an Choimisiúin in ionad chinneadh an Bhallstáit ach d’fhéadfadh sé treoir nó tacaíocht bhreise a chur ar fáil.

Tá tuilleadh eolais, foirmeacha iarratais agus treoraíocht le fáil ar leathanach gréasáin an Choimisiúin maidir le tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta.

Nós imeachta simplithe Oscail Dún

D’fhéadfadh roinnt tionscadal a bheith incháilithe le haghaidh nós imeachta simplithe. D’fhéadfadh feidhm a bheith aige sin i gcás ina ndearnadh measúnú ar thionscadal cheana féin faoi chláir mhaoiniúcháin nó tionscnaimh straitéiseacha áirithe de chuid an Aontais. D’fhéadfadh feidhm a bheith aige sin freisin maidir le tionscadail áirithe mhonaraíochta teicneolaíochta ghlan-nialasachta atá lonnaithe i réigiúin bheagfhorbartha nó i réigiúin trasdula.

In ionad an pacáiste iomlán iarratais a chur isteach, féadfaidh tú foirm iarratais i scríbhinn a chur isteach tríd an gcóras iarratais céanna de chuid an Aontais.

D’fhéadfadh tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó na foinsí seo a leanas a bheith i measc na samplaí:

Tá tuilleadh eolais, foirmeacha iarratais agus treoraíocht le fáil ar leathanach gréasáin an Choimisiúin maidir le tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta.

Maoiniú agus tacaíocht

Baineann tionscadail ghlan-nialasachta tairbhe as raon leathan beart cistiúcháin, maoiniúcháin agus tacaíochta ar féidir teacht orthu tríd an Treoraí Glan-Nialasachta.

Cuidíonn an uirlis sin leat na nithe seo a leanas a aithint:

  • foinsí cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais agus foinsí cistiúcháin ábhartha náisiúnta
  • seirbhísí comhairleacha
  • tacaíocht forbartha tionscadail

See also

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 23/06/2026
Share this page