Malartuithe scoile agus comhpháirtíochtaí
Más múinteoir nó dalta thú agus suim agat naisc a dhéanamh le scoileanna i dtíortha eile agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama a eagrú, is féidir leat cabhair a fháil trí threoir an chláir Erasmus+ bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv maidir le soghluaisteacht do dhaltaí agus do bhaill foirne san oideachas scoile.
Is féidir le scoileanna comhpháirtíochtaí a chruthú freisin le scoileanna eile agus le comhghleacaithe múinteoirí trí eTwinning. Is ardán sábháilte saor in aisce é eTwinning do mhúinteoirí agus do dhaltaí ar fud na hEorpa chun gur féidir leo oibriú le chéile ar thionscadail, plé a dhéanamh i ngrúpaí ar líne, agus a scileanna gairmiúla a fhorbairt.