Ateangaireacht 10/05/2022

Ateangaireacht don Eoraip

Tá ateangairí comhdhála ar thús cadhnaíochta san ilteangachas, agus iad ag obair chun a chinntiú nach gcuireann an teanga bac ar pháirt a ghlacadh sna cruinnithe ná ar iad a leanúint. Tuigeann ateangairí an méid atá á rá i dteanga amháin agus cuireann siad teachtaireacht an chainteora i láthair beagnach láithreach i dteanga eile, rud a chinntíonn gur féidir leis na hionadaithe tofa agus leis na saineolaithe is fearr ionadaíocht a dhéanamh do shaoránaigh na hEorpa sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg. Trí chumarsáid a chumasú agus trí idirphlé a éascú, feidhmíonn ateangairí mar nasc idir cultúir agus bíonn siad i gcroílár na bpróiseas cinnteoireachta. Is iad seirbhísí ateangaireachta an Aontais Eorpaigh na fostóirí is mó ar domhan i réimse na n-ateangairí comhdhála.

An méid a dhéanann ateangairí comhdhála

Is leis an bhfocal labhartha a bhíonn ateangairí comhdhála ag obair. Cabhraíonn siad le rannpháirtithe i gcruinnithe, comhdhálacha agus imeachtaí dlí ilteangacha idirnáisiúnta cumarsáid a dhéanamh le chéile, ní trí aistriúchán focal ar fhocal a dhéanamh ach trí smaointe an chainteora a chur in iúl. Coimeádann siad rúndacht agus neodracht iomlán maidir leis an méid a chloiseann agus a fheiceann siad.

Cuireann ateangairí comhdhála brí i bpolasaí an ilteangachais: mar sin de tá ról ríthábhachtach acu maidir le hinrochtaineacht agus trédhearcacht an Aontais a chinntiú.

A dteanga dhúchais féin, sin í an uirlis oibre is tábhachtaí atá acu. Sárchumas sa teanga sin agus eolas cuimsitheach ar a dteangacha oibre eile, intinn anailíseach, dea-scileanna cumarsáide, athléimneacht agus fiosracht i dtaobh an domhain, sin iad saintréithe an ateangaire ghairmiúil.

Conas a oibríonn siad

Ó lá go lá, is i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a oibríonn siad den chuid is mó, ach ó am go chéile cuireann siad ateangaireacht ar fáil i dteangacha eile chomh maith. Bíonn formhór na n-ateangairí comhdhála ag obair ó theangacha iasachta go dtí a dteanga dhúchais. Cé gur réamhriachtanas é tuiscint chríochnúil a bheith acu ar a dteangacha oibre, ní gá d’ateangairí comhdhála a bheith dátheangach.

In institiúidí an Aontais, bíonn ateangairí comhdhála ag obair i modhanna éagsúla ateangaireachta:

  • Ateangaireacht leantach
    Ateangaireacht a dhéanamh tar éis don chainteoir a bheith críochnaithe, le cabhair ó fhoirm speisialta breactha nótaí.

  • Ateangaireacht chomhuaineach
    Ateangaireacht a dhéanamh i bhfíor-am le linn don chainteoir a bheith ag labhairt, ag baint úsáid as trealamh ateangaireachta comhdhála (i.e. botháin fhuaimdhíonacha, cluasáin agus micreafón). Is é sin an modh is coitianta a úsáidtear.

    • Ateangaireacht chogarnach nó Chuchotage
      Bíonn an t-ateangaire ina shuí nó ina sheasamh in aice leis an gcliant agus déanann sé ateangaireacht go comhuaineach díreach isteach ina chluas.

    • Trealamh Ateangaireachta Iniompartha
      Déanann an t-ateangaire ateangaireacht go comhuaineach gan é a bheith i mboth, le cabhair ó mhicreafóin agus cluasáin.

Obair a dhéanamh linn

Tá seirbhís ateangaireachta dá gcuid féin ag Parlaimint na hEorpa, ag an gCoimisiún Eorpach, agus ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, roghnaíonn na hinstitiúidí saorateangairí le chéile, agus eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtais chun oifigigh bhuana a earcú.

Obair a dhéanamh sna hInstitiúidí Eorpacha

De réir institiúide

Chun sonraí iomlána a fháil faoi na cineálacha éagsúla post atá ar fáil, féach na naisc thíos le haghaidh gach institiúide.