Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Fianáin

Le go n-oibreoidh na suíomhanna gréasáin a bhainistíonn an Coimisiún i gceart, tarlaíonn sé uaireanta go gcuirimid comhaid bheaga sonraí, ar a dtugtar fianáin, ar do ghléas.

Cad is fianán ann?

Is comhad beag téacs é an fianán. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin sábhálann an suíomh gréasáin an fianán ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste.

  • Is éard is fianáin chéadpháirtí ann fianáin a shocraíonn an suíomh gréasáin a dtugann tú cuairt air. Ní fhéadann ach an suíomh gréasáin sin na fianáin sin a léamh. Ina theannta sin, féadfaidh suíomh gréasáin seirbhísí seachtracha a úsáid, agus féadfaidh na seirbhísí sin a bhfianáin féin, ar a dtugtar fianáin tríú páirtí, a shocrú freisin.
  • Is fianáin iad fianáin rianaithe a shábháiltear ar do ríomhaire ach nach scriostar go huathoibríoch ar do bhrabhsálaí nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí, murab ionann is fianán neamhbhuan, a scriostar nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí.

Gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin, iarrtar ort fianáin a ghlacadh nó a dhiúltú.

Is é an cuspóir leis sin cur ar chumas an tsuímh cuimhneamh ar do shainroghanna (mar shampla d’ainm úsáideora, do theanga, srl) ar feadh tréimhse ama áirithe.

Ar an dóigh sin, ní gá duit iad a chur isteach arís agus tú ag brabhsáil ar an suíomh le linn na cuairte céanna.

Is féidir fianáin a úsáid freisin chun staitisticí anaithnide a chur ar bun faoin eispéireas brabhsála ar ár suíomhanna.

Conas a úsáidtear fianáin?

Úsáideann na suíomhanna gréasáin a bhainistíonn an Coimisiún Eorpach fianáin chéadpháirtí den chuid is mó. Is fianáin iad seo atá socraithe agus rialaithe ag an gCoimisiún Eorpach, ní ag aon eagraíocht sheachtrach.

Chun amharc ar chuid dár gcuid leathanach, áfach, beidh ort glacadh le fianáin ó eagraíochtaí seachtracha.

Bíonn na 3 chineál d’fhianán céadpháirtí a úsáidimid ann chun:

  • sainroghanna cuairteoirí a stóráil
  • ár suíomhanna gréasáin a chur i mbun feidhme
  • sonraí anailísíochta a bhailiú (maidir le hiompraíocht úsáideoirí).

1. Sainroghanna cuairteoirí

Is muidne a shocraíonn iad sin agus ní féidir ach linn féin iad a léamh. Cuimhníonn siad:

  • má dhearna tú beartas fianáin an tsuímh seo a ghlacadh (nó a dhiúltú)
  • má thug tú freagra ar ár suirbhé aníos cheana (faoina chuidithí agus atá ábhar an tsuímh) – ionas nach n-iarrfar ort arís é.

Fianáin maidir le sainroghanna cuairteoirí:

Ainm: ecsi

Seirbhís: Uirlisí le haghaidh suirbhé ar an suíomh gréasáin

Cuspóir: Stóráiltear faisnéis faoi cé acu ar thug tú nó nár thug tú freagra ar shuirbhé aníos – ionas nach n-iarrfar sin ort arís

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 1 mhí


Ainm: cck3

Seirbhís: Pacáiste toilithe fianáin

Cuspóir: Stórálann sé do shainroghanna d’fhianáin tríú páirtí (ionas nach n-iarrfar ort arís iad)

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim


Ainm: cck1

Seirbhís: Pacáiste toilithe fianáin

Cuspóir: Stórálann sé do shainroghanna fianáin (ionas nach n-iarrfar ort arís iad)

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 6 mhí

 

2. Fianáin oibríochtúla

Bíonn roinnt fianán ann nach mór dúinn a chur san áireamh le go bhfeidhmeoidh leathanaigh ghréasáin áirithe. Ar an gcúis sin, ní gá cead a fháil uait sna cásanna sin. Baineann an méid seo a leanas le hábhar go háirithe:

Fianáin fíordheimhniúcháin:

Ainm: MyEACSDomain

Seirbhís: Seirbhís Bainistíochta Aitheantais

Cuspóir: Cuimhníonn sin ar d’fhearann

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim


Ainm: __Secure_CASTGC

Seirbhís: Seirbhís Bainistíochta Aitheantais

Cuspóir: Aithníonn sí do sheisiún

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim


Ainm: __Secure_ECAS_SESSIONID

Seirbhís: Seirbhís Bainistíochta Aitheantais

Cuspóir: Aithníonn sí seisiún reatha na Lársheirbhíse Fíordheimhniúcháin

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim


Ainm: ECAS_PREFS

Seirbhís: Seirbhís Bainistíochta Aitheantais

Cuspóir: Cuimhníonn sin ar do shocruithe agus do shainroghanna: aitheantas úsáideora, ainm úsáideora, beartas fianáin aitheanta, modh ardchodarsnachta, modh príobháideachais, amharc ar shonraí an chuntais tar éis an logáil isteach, an neart deiridh arna roghnú

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

Féadfaidh sé go n-athróidh ainmneacha na bhfianán sin, ar chúiseanna teicniúla (go háirithe __Secure-CASTGC agus __Secure-ECAS_SESSIONID).

 

  • Fianáin theicniúla a bhíonn ag teastáil ó chórais TF áirithe:

Ainm: has_js

Seirbhís: Ardán bainistíochta ábhair chorparáidigh, bunaithe ar bhogearraí foinse oscailte Drupal

Cuspóir: Cinneann sé cé acu an bhfuil nó nach bhfuil Javascript cumasaithe ar do bhrabhsálaí. Ligeann sé sin dár suíomhanna gréasáin feidhmiú go cuí

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: JSESSIONID / CFID / CFTOKEN

Seirbhís: Ardán TF Java / Ardán TF Coldfusion

Cuspóir: Coinníonn siad do sheisiún slán, le linn do chuairte

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: ecsi

Seirbhís: Uirlisí le haghaidh suirbhé ar an suíomh gréasáin

Cuspóir: Stóráiltear faisnéis faoi cé acu ar thug tú nó nár thug tú freagra ar shuirbhé aníos – ionas nach n-iarrfar sin ort arís

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 1 mhí

 

Ainm an fhianáin: MoodleSession

Seirbhís/suíomh gréasáin nuair a úsáidtear fianán: CusTax - EU Learning**

Cuspóir an fhianáin: Aithníonn sé do sheisiún**

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim**

 

Ainm: GS_FLOW_CONTROL

Seirbhís: GeoServer

Cuspóir: Baintear úsáid as chun feidhmíocht fheabhsaithe a chur ar fáil.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: SERVERID

Seirbhís: GISCO

Cuspóir: Baintear úsáid as chun do sheisiún a choinneáil slán le linn do chuairte ar fad.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: jrc_cookie

Seirbhís: F5

Cuspóir: Baintear úsáid as chun do sheisiún a choinneáil slán le linn do chuairte ar fad.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: TS#

Seirbhís: F5 (WAF/ASM)

Cuspóir: Baintear úsáid as chun do sheisiún a choinneáil slán le linn do chuairte ar fad.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

3. Fianáin anailísíochta

Úsáidimid iad seo le haghaidh taighde inmheánach faoin dóigh ar féidir linn feabhas a chur ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil dár n-úsáideoirí go léir.

Ní dhéanann na fianáin seo ach an dóigh a n-idirghníomhaíonn tú lenár suíomh gréasáin a mheas – mar úsáideoir gan ainm (ní dhéanann na sonraí a bhailítear fút tú a shainaithint go pearsanta).

Ina theannta sin, ní chomhroinntear na sonraí sin le haon tríú páirtí ná ní úsáidtear iad chun aon chríche eile. D’fhéadfadh sé go gcomhroinnfí na staitisticí anaithnidithe le conraitheoirí a bhíonn ag obair ar thionscadail chumarsáide faoi chomhaontú conarthach leis an gCoimisiún Eorpach.

Is féidir leat na cineálacha sin fianán a dhiúltú – leis an meirge fianán a fheicfidh tú ar an gcéad leathanach ar a dtugann tú cuairt nó ag Europa Analytics.

Fianáin anailísíochta:

Ainm: _pk_id#

Seirbhís: Seirbhís anailísíochta gréasáin chorparáidigh

Cuspóir: Aithníonn sí cuairteoirí ar an suíomh gréasáin (ar bhonn anaithnid – ní bhailítear aon fhaisnéis phearsanta faoin úsáideoir).

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 13 mhí


Ainm: _pk_ses#

Seirbhís: Seirbhís anailísíochta gréasáin chorparáidigh

Cuspóir: Aithníonn sí na leathanaigh ar ar amharc an t-úsáideoir céanna le linn na cuairte céanna. (ar bhonn anaithnid – ní bhailítear aon fhaisnéis phearsanta faoin úsáideoir)

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 30 nóiméad

Fianáin tríú páirtí

Bíonn ábhar atá á óstáil ag seirbhísí ar conradh ar fhearainn atá lasmuigh de europa.eu le feiceáil ar chuid dár leathanaigh, cuir i gcás ár gconraitheoir a chuidíonn chun Lárionad Teagmhála Europe Direct a oibriú. D’fhéadfadh sé go mbeadh fianáin de dhíth chun an óstáil sheachtrach a fheidhmiú.

Ainm an fhianáin: PHPSESSIONID

Seirbhís: Foirm teagmhála Europe Direct

Cuspóir: Eolas faoin seisiún (uimhir randamach), a úsáidtear chun déileáil le foirmeacha ilteangacha. Ní stóráiltear aon eolas breise

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan tríú páirtí, socraithe ag ár gconraitheoir. Scriostar é nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí

Léiríonn cuid dár leathanaigh ábhar ó sholáthraithe seachtracha, e.g. YouTube, Facebook agus Twitter.

Chun amharc ar an ábhar tríú páirtí seo, ní mór duit glacadh lena gcuid téarmaí agus coinníollacha sonracha ar dtús. Áirítear leis sin a mbeartais fianáin, nach bhfuil aon smacht againn orthu.

Ach mura n-amharcann tú ar an ábhar sin, ní shuiteáiltear aon fhianán tríú páirtí ar do ghléas.

Soláthraithe tríú páirtí ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin

Bíonn na seirbhísí tríú páirtí seo saor ó rialú an Choimisiúin. D’fhéadfadh soláthraithe a dtéarmaí seirbhíse, a gcuspóir agus an dóigh a mbaineann siad úsáid as fianáin, srl a athrú ag am ar bith.

Conas a choinnítear smacht ar na fianáin?

Fianáin a bhaint de do ghléas

Is féidir leat na fianáin go léir atá ar do ghléas cheana a scriosadh ach stair bhrabhsála do bhrabhsálaí a ghlanadh. Bainfidh sé sin na fianáin go léir ó na suíomhanna gréasáin go léir ar ar thug tú cuairt.

Bíodh a fhios agat áfach go bhféadfá roinnt faisnéise a sábháladh a chailliúint (e.g. sonraí logáil isteach a sábháladh, sainroghanna suímh srl).

Fianáin a bhaineann go sonrach le suíomh a bhainistiú

Chun rialú níos mionsonraithe a dhéanamh ar fhianáin a bhaineann go sonrach le suíomh, seiceáil na socruithe príobháideachais agus fianáin i do bhrabhsálaí sainroghnaithe.

Fianáin a bhlocáil

Is féidir leat formhór na mbrabhsálaithe nua-aimseartha a shocrú chun bac a chur ar fhianáin a bheith curtha ar do ghléas, ach tharlódh sé go mbeadh ort roinnt sainroghanna a athrú gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh/leathanach. Agus tharlódh sé nach n-oibreodh roinnt seirbhísí agus feidhmiúlachtaí go cuí ar chor ar bith (e.g. logáil isteach ar phróifíl).

Ár bhfianáin anailísíochta a bhainistiú

Is féidir leat do shainroghanna maidir le fianáin ó Europa Analytics a bhainistiú ar leathanach Europa Analytics.