- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Tá an tAontas Eorpach tiomanta príobháideachas an úsáideora a chosaint.
Tá an beartas maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí an Aontais bunaithe ar Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE.
Baineann an beartas ginearálta seo le suíomhanna gréasáin institiúidí an Aontais Eorpaigh atá san fhearann ‘europa.eu’. Cé gur féidir leat brabhsáil sa chuid is mó de na suíomhanna gréasáin sin gan aon sonraí pearsanta a thabhairt, tá cásanna áirithe ann agus sna cásanna sin is gá sonraí a thabhairt ionas gur féidir na ríomhsheirbhísí atá á lorg agat a chur ar fáil. Na suíomhanna gréasáin a éilíonn an cineál sin faisnéise, caitheann siad léi i gcomhréir iomlán leis an rialachán thuas agus cuireann siad eolas faoin gcaoi a n-úsáidtear do shonraí ar fáil ina ráitis shonracha um beartas príobháideachais.
Is é a chiallaíonn sin:
Na suíomhanna institiúideacha ar fad atá ag an Aontas, atá san fhearann europa.eu, bíonn naisc orthu chuig suíomhanna tríú páirtí. Chun leas a bhaint as ábhar ó thríú páirtithe ar ár suíomhanna gréasáin, seans go mbeidh ort téarmaí agus coinníollacha sonracha na dtríú páirtithe sin a ghlacadh, lena n-áirítear a mbeartais fianáin, beartais nach bhfuil aon smacht againn orthu.
Is é is ríomhsheirbhís de chuid EUROPA ann seirbhís nó áis a chuirtear ar fáil ar an idirlíon chun feabhas a chur ar an gcumarsáid idir saoránaigh agus gnólachtaí, ar thaobh amháin, agus na hinstitiúidí Eorpacha, ar an taobh eile.
Tá, nó beidh, trí chineál ríomhsheirbhíse ar fáil ar EUROPA
Cuimseofar an fhaisnéis seo a leanas faoi úsáid do shonraí pearsanta, ráiteas sonrach maidir le beartas príobháideachais
Is é Europa Analytics an tseirbhís chorparáideach a thomhaiseann éifeachtacht agus éifeachtúlacht shuíomh europa.eu a ndéanann an Coimisiún Eorpach é a bhainistiú thar ceann institiúidí agus chomhlachtaí uile an Aontais.
Is féidir leat úsáid na seirbhíse seo a dhiúltú – leis an meirge fianán a fheicfidh tú ar bharr an chéad leathanaigh ar a dtabharfaidh tú cuairt nó ag Europa Analytics.
Bainistíonn an Coimisiún Eorpach a chuid leathanach gréasáin féin (ec.europa.eu). Tabhair cuairt ar an leathanach um beartas príobháideachais chun do roghanna a bhainistiú.
Is féidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh nach cuid den Choimisiún iad (i.e. Parlaimint na hEorpa) córas anailísíochta dá gcuid féin a úsáid. Tabhair cuairt ar leathanaigh an fhógra dhlíthiúil atá acusan chun tuilleadh eolais a fháil.
Más é do rogha gan an tseirbhís sin a úsáid, ní chuirfidh sé sin isteach ar d’eispéireas agus tú ag dul ó leathanach go chéile ar shuíomhanna Europa.
Tuilleadh eolais faoi Europa Analytics
Tá cnaipe teagmhála ar fáil ar chuid mhór de leathanaigh ghréasáin Europa lenar féidir do bhogearraí ríomhphoist a ghníomhachtú agus lena dtabharfar cuireadh duit do bharúlacha a sheoladh chuig bosca poist sonrach.
Nuair a sheolann tú teachtaireacht dá leithéid, ní bhailítear sonraí pearsanta ach a mhéid is gá chun freagra a thabhairt ort. Mura féidir leis an bhfoireann bainistíochta do cheist a fhreagairt, cuirfidh sí do ríomhphost ar aghaidh chuig seirbhís eile. Cuirfear ar an eolas thú, le ríomhphost, faoin tseirbhís ar cuireadh do cheist ar aghaidh chuici.
Má tá ceist ar bith agat maidir le próiseáil do ríomhphoist agus na sonraí pearsanta a bhaineann léi, ná bíodh aon drogall ort iad a chur isteach le do theachtaireacht.
Déantar na sonraí pearsanta a bhailítear a stóráil ar ríomhaire an fhochonraitheora sheachtraigh agus é ag feidhmiú mar phróiseálaí, agus ní mór dó an chosaint sonraí agus rúndacht arna leagan síos le Rialachán (AE) 2018/1725 a urramú.
Más mian leat na sonraí pearsanta atá á stóráil ag rialaitheoirí shuíomh gréasáin Europa agus a fhoshuíomhanna a fhíorú, a athrú nó a scriosadh, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig rialaitheoir sonraí shuíomh gréasáin Europa in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide ag an seoladh thíos. Luaigh d’iarratas go soiléir i do ríomhphost agus cuir isteach URL an tsuímh gréasáin/na leathanach gréasáin lena mbaineann d'iarratas.
Seoladh ríomhphoist: europamanagement@ec.europa.eu