Is le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann a bhaineann an ráiteas seo: https://europa.eu/interpretation
Níl feidhm aige maidir le hábhar nó suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar aon fhofhearann eile dá chuid. Beidh a ráiteas inrochtaineachta féin ag na suíomhanna gréasáin sin agus ag an ábhar atá orthu.
Tá an suíomh gréasáin seo á bhainistiú ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta. Tá sé deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.
Ba chóir duit a bheith in ann:
- zúmáil suas le 200% gan aon fhadhb
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí nua-aimseartha aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán)
Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, mar atá EN 301 549, v.3.2.1. Tá sé sin ag teacht go dlúth le leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1.
Stádas comhlíontachta
Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.
Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 18 Samhain 2024.
Ullmhúchán an ráitis seo
Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo an 8 Lúnasa 2025.
Tá an ráiteas seo bunaithe ar athbhreithniú a rinne an uirlis uathoibrithe Axe Monitor.
Aiseolas
Fáiltímid roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin um an Ateangaireacht. Cuir in iúl dúinn é má thagann tú ar bhaic inrochtaineachta:
- Guthán: 00 800 6 7 8 9 10 11
- Ríomhphost: SCIC-WEBTEAM@ec.europa.eu
Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn den Choimisiún atá freagrach an fiosrúchán.
Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta
Tá an suíomh gréasáin um an Ateangaireacht deartha le bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta seo a leanas:
- an leagan is déanaí de na brabhsálaithe Microsoft Edge, Google Chrome, Mozilla Firefox agus Apple Safari;
- in éineacht leis na leaganacha is déanaí de JAWS, NVDA, VoiceOver agus TalkBack.
Sonraíochtaí teicniúla
Braitheann inrochtaineacht an tsuímh gréasáin um an Ateangaireacht ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an meascán ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:
- HTML
- WAI-ARIA
- CSS
- JavaScript
Ábhar neamh-inrochtana
In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun inrochtaineacht ar an tsuímh gréasáin um an Ateangaireacht a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna agus táimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na lochtanna atá ar eolas againn agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith orthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos.
Na lochtanna atá ar eolas againn maidir leis an suíomh gréasáin um an Ateangaireacht:
- níl formhór na leathanach agus na gceangaltán doiciméid scríofa i dteanga shimplí.
- is i bhformáid PDF atá formhór na ndoiciméad agus d’fhéadfadh fadhbanna inrochtaineachta a bheith i gceist leo. Tabharfar aghaidh orthu sin i leaganacha nua de na doiciméid sin.