An tAthrú Aeráide agus Fuinneamh
Athchúrsáil do bhruscar, tóg iompar poiblí, cuir isteach bolgáin solais a choiglíonn fuinneamh – tá an feachtas chun an t-athrú aeráide a stopadh faoi lánseoil! Ach b'fhéidir go bhfuil tú báite san áibhéil. Seans gurb iomarcach leat an chaint uile faoi ghearradh carbóin, faoin seach-chur, faoi do rian coise carbóin a ríomhadh. B'fhéidir gur ábhar imní leat go gcuirfidh spriocanna astaíochta gáis an AE isteach ar chúrsaí gnó nó ar do shlí bheatha. Nó b'fhéidir gur cúis bhuartha duit nach leor a bhfuil ar siúl faoi chaipíní oighir ag leá, faoin méadú ar na tuilte nó an ró-bhrothall. B'fhéidir nach leor leat spriocanna an AE. B'fhéidir gur mhaith leat go gcrurfeadh gach duine níos mó spéise i gcúrsaí aeráide. Bíodh tú i do sceipteach aeráide, i do chomhshaolaí daingean, nó i do shaoránach imníoch, seo é do dheis do thuairim a thabhairt faoin ábhar seo agus í a phlé de daoine eile.
Naisc údáideacha
- Cosaint na haeráide - Fuinneamh do dhomhan atá ag athrú
- Expo Zaragoza 2008 – Pailliún AE
- An tAthrú Aeráide
- Conas a thig leat an t-athrú aeráide a smachtú?