|
2010 – Mo ♥ an Eoraip le Maria Mileńko (an Pholainn) |
Is í an ealaíontóir óg Polannach Maria Mileńko buaiteoir an chomórtais póstaer Lá na hEorpa 2010. Ba é a dearadh úr, nuálach de "mhanglam Eorpach" a bhuaigh croí agus vótaí an ghiúiré agus an phobail araon. |

I mBealtaine 2009, sheol an Coimisiún Eorpach comórtas póstaer dírithe ar dhearthóirí grafacha óga ó na 27 Ballstát, leis an téama ’Mo ♥ an Eoraip’. Nuair a dhún an chéad chéim den chomórtas an 30 Samhain, bhí 1 703 bundearadh faighte ag an gCoimisiún.
Réamhroghnaigh giúiré Eorpach na10 dtionscadal ab fhearr leis, ach fágadh an cinneadh deireanach faoin bpóstaer i lámha shaoránaigh na hEorpa, agus vótáil breis is 60 000 don dearadh ab fhearr leo.
Nuair a dúnadh an vótáil an 31 Eanáir 2010, fógraíodh triúr buaiteoirí an chomórtais mar:

Maria Mileńko (an Pholainn) 416,974 pointe Airgead duaise €2,000
|

Diana Jung (an Phortaingéil) 149,477 pointe Airgead duaise €1,000
|

Martin Geier (an Ghearmáin) 82,128 pointe Airgead duaise €1,000
|
Is é dearadh Maria Mileńko póstaer oifigiúil Lá na hEorpa in 2010. Aistríodh a mhana go gach teanga oifigiúil AE agus dáileadh an póstaer ar fud an Aontais Eorpaigh chun Lá na hEorpa a chur chun cinn.
Suíomh gréasáin an Chomórtais Póstaer Mo ♥ an Eoraip
Comórtas Mo ♥ an Eoraip ar Facebook
Íoslódáil póstaer in ardtaifeach
|

|