Cosán nascleanúna
Tá an fhaisnéis ar an suíomh seo faoi réir clásail séanta, fógra cóipchirt, rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus maidir le húsáid ionchomhartha an AE ag tríú páirtithe, agus fianán.
Tá an láithreán gréasáin seo á chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach chun feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis a bhaineann lena thionscnaimh agus le beartais an Aontais Eorpaigh go ginearálta. Is é ár gcuspóir ná an fhaisnéis seo a choimeád cruinn agus suas chun dáta. Má tharraingítear aird ar earráidí, déanfaimid iarracht iad a cheartú.
Ní ghlacann an Coimisiún le freagracht ná le dliteanas ar bith, áfach, maidir leis an fhaisnéis atá ar fáil ar an láithreán gréasáin seo.
Soláthraítear faisnéis:
Tabhair faoi deara le do thoil nach feidir deimhin a dhéanamh de go bhfuil na doiciméid atá ar fáil ar líne díreach cosúil le téacs a glacadh leis go hoifigiúil. Ní ghlactar ach le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear i leagain pháipéir d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar reachtaíocht fhíordheimhnithe.
Is é ár gcuspóir an cur isteach a bhaineann le hearráidí teicniúla a íosmhéadú. Tá seans ann, áfach, gur cruthaíodh nó gur leagadh amach cuid de na sonraí nó an fhaisnéis atá ar fáil ar an láithreán gréasáin seo i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráid, agus nílimid in ann deimhin a dhéanamh de nach gcuirfeadh na hearráidí seo isteach ar an seirbhís nó nach gcuirfeadh siad stop léi. Ní ghlacann an Coimisiún le freagracht ar bith maidir le fadhbanna dá leithéid de thoradh ar úsáid a bhaint as an láithreán seo nó leis na láithreáin eile a bhfuil nasc leis.
Níor leagadh amach an séanadh seo chun teorainn a chur le dliteanas an Choimisiúin má sháraítear ceann ar bith de na ceanglais mar a leagadh amach sa dlí náisiúnta infheidhme, nó chun a dliteanas a eisiamh maidir le hábhair nach féidir eisiamh de réir an dlí sin.
© An tAontas Eorpach, 1995-2013
Tá atáirgeadh ábhar ón láithreán gréasáin seo údaraithe nuair a léirítear an fhoinse, ach amháin nuair a léirítear a mhalairt.
Nuair is gá cead a fháil roimh ré chun faisnéis théacsa nó ilmheánach a atáirgeadh nó a úsáid (fuaim, íomhánna, bogearraí, agus araile), cuirfidh an cead seo deireadh leis an gcead ginearálta a léirítear thuas agus leagfar amach go soiléir na srianta a bhaineann leis.
Tá an tAontas Eorpach tiomanta do phríobháideacht an úsáideora.
Tá an beartas ar "chosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil na sonraí pearsanta ag institiúidí an Chomhphobail" bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001
[234 KB] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000.
Baineann an beartas ginearálta seo le foireann Láithreán Gréasáin institiúideach an Aontais Eorpaigh, a thagann faoin bhfearann eu
Cé go bhfuil tú in ann an cuid is mó de na Láithreáin Ghréasáin seo a bhrabhsáil gan faisnéis ar bith a sholáthar ort féin, i gcásanna áirithe, is gá faisnéis phearsanta a sholáthar chun na r-sheirbhísí atá á lorg agat, a rochtain.
Is iad na Láithreáin Ghréasáin a lorgaíonn an fhaisnéis seo a dhéileálainn leis de réir an bheartais a ndéantar cuir síos air sa Rialachán thuasluaite agus soláthraíonn siad faisnéis maidir le húsáid do shonraí ina ráitis bheartais phríobháideachta sonracha.
Ar an gcuma seo
Soláthraíonn Láithreáin Ghréasáin institiúideacha chlann an Aontais Eorpaigh, a thagann faoin bhfearann eu, naisc chuig láithreáin tríú páirtithe. Nílimid in ann na láithreáin seo a rialú, agus mar thoradh ar seo, tugtar spreagadh duit athbhreithniú a dhéanamh ar a mbeartais molaimid phríobháideachta.
Cad is r-sheirbhís ann?
Is í r-sheirbhís atá ar fáil ar EUROPA ná seirbhís nó acmhainn a chuirtear ar fáil ar an Idirlíon chun feabhas a chur ar an gcumarsáid idir saoránaigh agus gnóthais ar thaobh amháin agus na hInstitiúidí Eorpacha ar an taobh eile.
Bíonn, nó beidh trí r-sheirbhís dhifriúla ar fáil ó EUROPA:
Faisnéis atá ar fáil mar chuid de ráiteas príobháideachta sonrach.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar úsáid do shonraí ar fáil i ráiteas beartais príobháideacha sonrach:
An dóigh a ndéanaimid na r-poist a sheolann tú chugainn a láimhseáil?
Tá cnaipe "Teagmháil" ar fáil ar mhórchuid de na leathanaigh ghréasáin EUROPA a chuireann do bhogearraí r-phoist ag gníomhachtú agus tugann sé cuireadh duit do bharúlacha a sheoladh chuig bosca poist sonrach feidhmiúil.
Nuair a sheolann tú teachtaireacht dá leithéid, bailítear an méid sonraí pearsanta is gá chun freagra a thabhairt. Mura mbíonn foireann bainisteoireachta an bhosca poist in ann do cheist a fhreagairt, seolfaidh sí do r-phost chuig seirbhís eile. Cuirfear ar an eolas thú, tríd an r-phost, ar an tseirbhís atá ag déileáil le do cheist.
Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le próiseáil do r-phost agus do shonraí pearsanta iomchuí, déan deimhin de iad a chur isteach le do theachtaireacht.
Cad is fianáin ann?
Ionas go bhfeidhmeodh an suíomh seo mar is ceart, cuirimid comhaid bheaga sonraí, fianáin, ar do ríomhaire uaireanta.
Déantar amhlaidh ar fhormhór na suíomh mór nó na soláthróirí seirbhíse idirlín. Cuidíonn fianáin leis an suíomh chun do shocruithe a thaifead – teanga, méid an chló agus roghanna eile maidir leis an tsí ar mhaith leat amharc ar an suíomh ar do ríomhaire - ionas ná bíonn ort iad sin a chur isteach arís is arís eile.
Anuas air sin, taispeántar bosca suirbhé ar roinnt leathanach ar EUROPA ina n-iarrtar ort an raibh an t-ábhar cabhrach nó ná raibh. Stórálaimid fianán lena mheabhrú dúinn gan an bosca a thaispeáint arís nuair atá freagraithe agat.
Ní úsáidter ár bhfianáin chun tú a aithint go pearsanta. Níl siad ann ach lena chinntiú gur fearr a oibreoidh an suíomh duit.
An tslí is féidir leat fianáin a rialú
Is féidir leat fianáin a rialú agus/nó a scriosadh más mian leat - féach AboutCookies.org
.
Is féidir leat na fianáin uile atá ar do ríomhaire cheana a scriosadh agus is féidir leat formhór na mbrabhsálaithe a shocrú le bac a chur orthu. Má dhéanann tú é sin, ámh, b'fhéidir go mbeadh ort cuid de na roghanna a athrú gach uair a thugann tú cuairt ar an suíomh.
Ní úsáideann an Coimisiún fianáin chun aon chríche eile seachas na cinn a thugtar anseo ná ní úsáideann sé iad chun aon sonraí pearsanta a bhailiú chun críche ar bith eile.
Tá na prionsabail maidir le húsáid an Ionchomhartha Eorpaigh de chuid tríú páirtithe leagtha amach i gcomhaontú riaracháin le Comhairle na hEorpa. Foilsíodh an comhaontú sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 08/09/2012 (2012/C 271/04).
De réir an chomhaontaithe sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlíthiúil ("úsáideoir tríú páirtí") an tIonchomhartha Eorpach nó aon ghné de a úsáid, ach i gcás na húsáide sin
(a) níor cheart go gcruthófaí an tuairim ná an tuiscint go bhfuil ceangal idir an t úsáideoir tríú páirtí agus aon cheann d'institiúidí, comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus orgáin an Aontais Eorpaigh nó Chomhairle na hEorpa i gcás nach ann don cheangal sin;
(b) níor cheart go gcuirfí ina luí ar an bpobal go mbainfeadh an t úsáideoir leas as tacaíocht, urraíocht, formheas ná toiliú aon cheann d'institiúidí, comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus orgáin an Aontais Eorpaigh nó Chomhairle na hEorpa i gcás nach fíor sin.
(c) níor cheart í a bheith ann i gcomhcheangal le haon chuspóir ná gníomhaíocht nach bhfuil ag luí le haidhmeanna agus prionsabail an Aontais Eorpaigh ná Chomhairle na hEorpa, nó atá neamhdhleathach.
Má chomhlíonann úsáid an ionchomhartha Eorpaigh na coinníollacha thuas, ní gá cead i scríbhinn a iarraidh.
Ní thabharfar cead an tIonchomhartha Eorpach a chlárú, ná aithris araltach a dhéanamh air, mar thrádmharc ná mar aon mhaoin intleachtúil eile.
Féadfar ceisteanna a bhaineann le húsáid an Ionchomhartha Eorpaigh a chur chuig:
European Commission
Joint Research Centre, Directorate A.4 — Central IP Service
GUIM 5/20
B-1049 Bruxelles/Brussel (Belgique/België)
Seoladh ríomhphoist: EC-EU-EMBLEM@ec.europa.eu