Skip to main content

Téarmaí agus Coinníollacha

Iarraimid ort na téarmaí úsáide a léamh go cúramach mar go bhfuil eolas tábhachtach iontu faoi do chearta agus d'oibleagáidí faoin dlí agus tú ag baint úsáid as seirbhísí ar líne (amhail suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir ar ghléasanna móibíleacha) de chuid Thairseach Óige na hEorpa agus tionscnaimh chomhchosúla, lena n-áirítear an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Féadfaidh na téarmaí úsáide seo athrú ó am go chéile agus ba cheart duit iad a sheiceáil go rialta.

Is faoi úinéireacht agus faoi chúram na hArd-Stiúrthóireachta um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, an Coimisiún Eorpach atá na seirbhísí ar líne seo.

Réamhrá

Lena chinntiú go mbeidh atmaisféar cairdiúil agus taitneamhach ar na seirbhísí ar líne seo, tá roinnt rialacha bunúsacha iompraíochta i bhfeidhm againn. Tá sé de chead againn iad a nuashonrú ó am go chéile gan fógra a thabhairt roimh ré. Iarraimid ar gach cuairteoir a úsáideann na háiseanna ar líne seo na rialacha agus na polasaithe sin a léamh agus glacadh leo agus gan aon cheann acu a shárú. Glac cúpla nóiméad anois le haithne a chur ar na rialacha.

Cliceáil anseo le Fógra Dlíthiúil an Choimisiúin Eorpaigh a fheiceáil.

Ábhar Iomchuí

An iompraíocht a bhfuil súil againn leis ó úsáideoirí agus moltaí maidir le postáil níos fearr ar líne:

  • Coimeád gach teachtaireacht laistigh de réimse spéise iomchuí an phobail úsáideoirí.
  • Cuir teidil ghearra bheachta ar na teachtaireachtaí.
  • Déan iarracht tú féin a chur in iúl chomh soiléir agus is féidir.
  • Ná húsáid ach íomhánna a bhfuil na cearta iomlána agat orthu, agus déan cinnte go bhfaigheann tú cead gach duine atá in-sainaitheanta san íomhá (féach an roinn thíos maidir le "Cóipcheart agus cearta an tríú páirtí" chun tuilleadh eolais a fháil).
  • Ná húsáid caint gháirsiúil nó mhaslach.

Ábhar den chineál seo a leanas, measfar é a bheith ina ábhar míchuí. Má chuirtear ábhar den chineál sin ar an suíomh, is féidir linn cuntais a chur ar fionraí nó a chosc láithreach nó postálacha maslacha a scriosadh nó a leasú:

  • Postálacha ina bhfuil ábhair nó ráitis a sháraíonn nó a chuireann isteach ar chearta príobháideacha nó poiblí daoine eile.
  • Postálacha nó íomhánna atá mígheanasach, clúmhillteach, maslach, barbartha, fuafar, gáirsiúil, diamhaslach nó bagrach. Cuimsíonn sin aon teachtaireachtaí nó ábhar atá ionsaitheach, maslaitheach nó íslitheach ar bhonn eitneach, ciníoch, creidimh nó gnéis.
  • Postálacha nó íomhánna a thacaíonn le hiompar a d'fhéadfadh a bheith ina chion coiriúil, nó a bhféadfadh dliteanas sibhialta a bheith ann dá bharr, nó a sháraíonn aon dlíthe nó rialacháin.
  • Fógraíocht fhollasach do tháirgí nó do sheirbhísí gan cead a fháil uainn roimh ré nó gan comhthéacs oiriúnach.
  • Clárú le hábhar a phostáil ar líne nó a chur chun cinn d’aon ghnó le tairbhe phearsanta a fháil.
  • Sonraí teagmhála pearsanta (i.e. uimhreacha gutháin, seoltaí etc.) duit féin nó do dhaoine eile a phostáil ar fhóraim.
  • Aon ábhar eile a mheasaimid go bhfuil sé míchuí.
  • Naisc le haon cheann de na hábhair thuas.

Is dearcadh an údair amháin atá san ábhar a chuireann úsáideoirí ar an suíomh, agus ní bheidh an tAontas Eorpach freagrach as aon teachtaireacht. 

Bíodh meas agus bá agat i gcónaí d’úsáideoirí eile an tsuímh ghréasáin, fiú má tharlaíonn easaontas. 

Cé go dtugann na rialacha seo aghaidh ar na cásanna is coitianta, ní féidir gach rud a thuar i gcónaí. Tá sé de cheart againn, dá bhrí sin, aon bheart a mheasaimid is gá a dhéanamh lena chinntiú nach gcuirtear isteach ar na seirbhísí ar líne agus nach mbaintear mí-úsáid astu ar shlí ar bith.

Cóipcheart agus cearta an tríú páirtí

Is ionann focail, físeáin, íomhánna nó ábhar eile a chur isteach ag úsáideoirí agus a ráthú gur leosan cearta an ábhair a cuireadh isteach, agus nach sáraíonn na hábhair aon chóipcheart, cearta príobháideacha, cearta íomhá, ná aon cheart tríú páirtí eile.  

Is ionann postáil a dhéanamh agus ceadúnas neamheisiach, saor ó ríchíosanna, buan, domhanda a dheonú don Aontas Eorpach na hábhair a cuireadh isteach a úsáid maidir le cláir agus tionscnaimh an Aontais. Go háirithe, deonaíonn rannpháirtithe an ceart don Aontas Eorpach na hábhair a chuirtear isteach a stóráil, a atáirgeadh, a mhodhnú, saothair dhíorthacha a chruthú leo, a thaispeáint, a phriontáil, a fhoilsiú, a scaipeadh, a chraoladh, a thabhairt don phobal nó a chur ar fáil don phobal ar shlí eile, i bhformáid, meán nó teanga ar bith, lena n-áirítear ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta.

Má áirítear leis na hábhair a chuirtear isteach aon saothair tríú pháirtí (amhail ceol, dearaí ailtireachta, grianghraif nach leis an údar an cóipcheart), dearbhaíonn úsáideoirí go bhfuil na cearta ar fad atá riachtanach faighte acu chun go mbeidh an tAontas Eorpach in ann na hábhair a chuirtear isteach a úsáid de réir mar a sonraíodh thuas. Tá an ceart ag an Aontas Eorpach fianaise a iarraidh d'imréiteach cóipchirt an tríú pháirtí. Glacann úsáideoirí freagracht iomlán orthu féin as aon damáiste nó caillteanas a eascraíonn as cearta tríú páirtithe a shárú.

Má úsáideann an tAontas Eorpach na hábhair a chuirtear isteach, déanfar an t-údar nó na húdair a admháil mar is cuí.

Agus postáil á déanamh, tá úsáideoirí ag ráthú don Aontas Eorpach (i) go bhfuil cead scríofa faighte acu ó aon duine in-sainaitheanta agus, má dhéantar tagairt do mhionaoiseach (is iondúil gur daoine faoi aois 16 an sainmhíniú ar mhionaoiseach, ach d'fhéadfadh seo a bheith éagsúil ó thír go tír) nó má thaispeántar mionaoiseach, go bhfuil cead scríofa faighte ó thuismitheoirí nó caomhnóir dlí an duine sin; (ii) nach n-éireoidh aon éileamh ar shárú ar chearta, sárú príobháideachais ná poiblíochta, ná sárú ar aon chearta agus/nó leas aon tríú páirtí, ná nach n-éireoidh aon éileamh in aon chor, ná sárú ar aon dlí nó rialachán is infheidhme as postáil a dhéanamh. Is ar an úsáideoir an fhreagracht a ghlacadh as a áirithiú go bhfuil an cead iomchuí faighte. Caithfidh úsáideoirí gach foirm cheada a fhaigheann siad a choinneáil mar féadfaidh cruthúnas a iarraidh orthu gur tugadh cead. I gcás ina gcuireann úsáideoirí ábhar isteach nach bhfuil cead iomchuí faighte acu ina leith, glacann úsáideoirí freagracht as gach iarmhairt a eascraíonn as sin.

Glacann úsáideoirí freagracht as aon chostais nó caiteachas arna thabhú acu agus ábhar á chur le chéile acu dá bpostálacha.

Sárú a thabhairt le fios

Má mheasann tú go bhfuil na téarmaí úsáide á sárú ag úsáideoir eile, iarrtar ort sin a chur in iúl ar leathanach Déan Teagmháil Linn an tsuímh ghréasáin, nó tríd an bhfeidhm "Tuairiscigh an phostáil seo" san fheidhmchlár do ghléasanna móibíleacha.

Bearta Araíonachta

Tá sé de cheart againn monatóireacht a dhéanamh ar na postálacha a chuirtear ar na seirbhísí ar líne agus aon phostálacha nach gcloíonn leis na rialacha seo ná le “Téarmaí & Coinníollacha Úsáide” an tsuímh a scriosadh nó a leasú. Cuimsíonn an ceart sin postálacha a chuireann isteach ar ár n-oibríochtaí teicniúla.

Tá sé de cheart againn cuntais úsáideora a scriosadh nó a chur ar fionraí láithreach, ar bhonn sealadach nó buan, gan fógra a thabhairt roimh ré, de réir mar a mheasaimid is gá sin.

Má mheasann tú gur chaitheamar go míchothrom leat, is féidir leat achomharc a chur chugainn go díreach. Má dhéanann tú teagmháil linn, tabhair le fios an seoladh ríomhphoist a d’úsáid tú le do theachtaireacht a phostáil ar líne, nó d'Uimhir Thagartha don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ní phléimid fionraí úsáideoirí leis an bpobal.

Fógra faoi chóipcheart: tá an cóipcheart ©An Coimisiún Eorpach nó cóipcheart a soláthraithe ag dul le gach pictiúr tuairisciúil a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo (seachas na pictiúir sin a fhaighimid ó na húsáideoirí).

©An tAontas Eorpach 2014-2020. Tá atáirgeadh ábhar atá ar an suíomh gréasáin seo údaraithe má tá an fhoinse léirithe agus mura bhfuil a mhalairt curtha in iúl. Nuair is gá cead a fháil roimh ré faisnéis i dtéacs nó sna hilmheáin (fuaim, íomhánna, bogearraí, etc.) a atáirgeadh nó a úsáid, cuirfidh an cead sin deireadh leis an gcead ginearálta atá léirithe thuas agus leagfar amach go soiléir na srianta a bhaineann leis.