Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Young person icon
Is duine óg mé

Faigh tuilleadh eolais maidir le conas páirt a ghlacadh, conas clárú, agus conas rochtain a fháil ar do chuntas pearsanta


Organisation icon
Is ball d'eagraíocht mé

Faigh tuilleadh eolais maidir le conas páirt a ghlacadh agus conas rochtain a fháil ar an Tairseach le haghaidh Eagraíochtaí


Eolas

An bhfuil tú idir 18 agus 30 bliain d’aois agus ag lorg deis chun cuidiú leis an bpobal i gcoitinne, san Eoraip agus níos faide i gcéin?

D’fhéadfá sin a dhéanamh le maoiniú agus tacaíocht ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, a chabhraíonn le daoine óga páirt a ghlacadh i dtionscadail a théann chun tairbhe do phobail ina dtír féin nó i dtíortha eile. 

Cuireann na tionscadail sin taithí spreagúil chumasaithe ar fáil, sin agus an seans athrú a dhéanamh sa saol agus do chuid scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt san am céanna. 

Cad is féidir leat a dhéanamh mar sin?

Is féidir leat tabhairt faoi na nithe seo: 

D’fhéadfadh an iliomad réimse a bheith i gceist – oideachas agus oiliúint, saoránacht agus rannpháirtíocht dhaonlathach, an comhshaol agus cosaint an dúlra, an imirce, cultúr, an chabhair dhaonnúil, agus go leor eile. 

Conas a fheidhmíonn sé?

Cuirtear maoiniú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar fáil i bhfoirm deontas d’eagraíochtaí trí ghlaonna ar thograí. 

Daoine óga ar mian leo páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí sin, is gá dóibh clárú ar thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Cuireann tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar a gcumas do dhaoine óga agus d’eagraíochtaí a bhfuil deontas acu gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm agus teacht ar a chéile.

Cé a reáchtálann an Cór?

Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Agus tá comhlachtaí éagsúla ann a chuireann chun feidhme ar an talamh é: