Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Obair dheonach i réimse na cabhrach daonnúla

Ó 2022 ar aghaidh beidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ag oscailt suas don domhan agus cuirfidh sé gníomhaíochtaí oibre deonaí trasteorann ar fáil chun tacú le hoibríochtaí i réimse na cabhrach daonnúla i dtríú tíortha.

Is deis iontach iad na tionscadail sin chun páirt a ghlacadh mar shaoránach gníomhach, dlúthpháirtíocht a léiriú do dhaoine i dtíortha lasmuigh den Aontas Eorpach a bhfuil tubaistí daonnúla le sárú acu nó ar gá dóibh a n-ullmhacht do thubaistí féideartha a mhéadú amach anseo, sin agus scileanna, cultúir agus bealaí beatha nua á bhfoghlaim acu – eispéireas a athróidh an saol go cinnte!

Sa bhreis ar ullmhacht do thubaistí agus fóirithint iarthubaistí, clúdaíonn na tionscadail a mbeidh tú ag glacadh páirte iontu raon leathan saincheisteanna, agus is iad seo a leanas roinnt samplaí: comhionannas inscne a chur chun cinn, mná agus leanaí a chosaint, dídeanaithe agus daoine easáitithe ina dtír féin a chosaint, imircigh gan doiciméid a chosaint, éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú, an tslándáil bia a fheabhsú, etc.

Tá rogha agat idir obair dheonach aonair agus obair dheonach i bhfoirne, ar feadh tréimhse ghearr nó tréimhse níos faide.

Obair dheonach aonair

  • maireann sé idir 2 mhí agus 12 mhí
  • obair lánaimseartha atá ann (idir 30 agus 38 n-uaire an chloig sa tseachtain) 
  • cuireann sé ar do chumas duit páirt a ghlacadh sna tascanna laethúla a bhfuil gá leo chun tacú leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an eagraíocht óstach, ar eagraíochta í atá gníomhach i réimse na cabhrach daonnúla
  • obair ‘thrasteorann’ atá ann – i dtír eile seachas an tír ina bhfuil cónaí ort – agus tarlaíonn sé i dtríú tír ina bhfuil gníomhaíochtaí agus oibríochtaí i réimse na cabhrach daonnúla ar siúl

Obair dheonach foirne 

Mura féidir leat glacadh le tréimhse fada, ach má tú fós ag iarraidh cabhrú, caith súil ar obair dheonach foirne:

  • maireann sé idir 2 sheachtain agus 2 mhí
  • obair lánaimseartha atá ann (idir 30 agus 38 n-uaire an chloig sa tseachtain)
  • bíonn tú ag obair le daoine ó 2 thír éagsúla ar a laghad
  • bíonn idir 5 agus 40 oibrí deonacha páirteach agus is iad na heagraíochtaí tacaíochta agus na hósteagraíochtaí a roghnaíonn iad 
  • tarlaíonn sé i dtríú tír ina bhfuil gníomhaíochtaí agus oibríochtaí i réimse na cabhrach daonnúla ar siúl

Eagraíochtaí tacaíochta agus óstacha

Má roghnaítear thú le dul go tír eile chun obair dheonach a dhéanamh i réimse na cabhrach daonnúla, beidh 3 eagraíocht ar a laghad páirteach ann:

  • Dhá eagraíocht tacaíochta ar a laghad – ó Bhallstáit éagsúla an Aontais nó ó thríú tíortha atá comhlachaithe leis an gclár (an Íoslainn, Lichtinstéin, an Tuirc agus Poblacht na Macadóine Thuaidh). Cuideoidh na heagraíochtaí sin leat ullmhú le haghaidh do thaithí i dtír eile. 
  • Aon eagraíocht óstach amháin ar a laghad – atá lonnaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár i gcás nach bhfuil aon choinbhleachtaí idirnáisiúnta nó neamh-idirnáisiúnta leanúnacha ann agus ina mbíonn gníomhaíochtaí cabhrach daonnúla ar siúl. Beidh an eagraíocht sin in éineacht leat agus tú i mbun obair dheonach i dtír éigin eile. 
  • Táthar ag súil go bhfoilseofar na chéad deiseanna sa dara ráithe de 2023. Tuilleadh eolais le teacht.   

Cé atá in ann obair dheonach a dhéanamh?

Tá gníomhaíochtaí oibre deonaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh oscailte do dhaoine idir 18-30 bliain d’aois (35 bliana d’aois i gcás Obair dheonach i réimse na cabhrach daonnúla) a bhfuil cónaí orthu go dleathach i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá bainteach leis an gClár (an Íoslainn, Lichtinstéin, an Tuirc agus Poblacht na Macadóine Thuaidh) agus a chláraigh ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Cad atá clúdaithe?

  • Beidh tú clúdaithe le hárachas saor in aisce.
  • Beidh rochtain agat ar raon seirbhísí tacaíochta ar nós tacaíocht teanga agus oiliúint
  • Clúdófar do bhunchostais (do thaisteal chuig an tionscadal agus ar ais uaidh, do chuid lóistíochta agus do bhia)
  • Gheobhaidh tú liúntas beag freisin le haghaidh caiteachais phearsanta 
  • Má tá riachtanais shonracha agat (mar shampla, míchumas), d’fhéadfaí na costais sin a chlúdach freisin

Conas clárú

Is féidir leat clárú anseo agus do spéis a léiriú in obair dheonach i réimse na cabhrach daonnúla. Reáchtálfar gníomhaíochtaí oibre deonaí i réimse na cabhrach daonnúla amhail 2023. Sula dtabharfaidh siad faoi ghníomhaíocht oibre deonaí, ní mór d’oibrithe deonacha féinmheasúnú a chur i gcrích go rathúil, sin mar aon le hoiliúint ar líne agus oiliúint duine le duine.

/!\ Ní hionann clárú don Chór agus ráthaíocht go nglacfaidh tú páirt i ngníomhaíocht.