Skip to main content

DiscoverEU

Má tá tú 18 mbliana d’aois agus má tá cónaí ort i dtír atá páirteach sa Chlár Erasmus+, tá sé in am duit do dhúshlán féin a thabhairt.

DiscoverEU

An bhfuil tú 18 mbliana d’aois agus an bhfuil cónaí ort i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír a bhfuil baint aici le Erasmus+? Faigh faoi réir le dul ag taiscéalaíocht san Eoraip! 

I mí Aibreáin 2024, déanfar ceiliúradh ar Eorpaigh óga mar chuid de Sheachtain Eorpach na hÓige! Beidh sé ar siúl 2 mhí roimh na toghcháin Eorpacha, agus tabharfaidh sé deis duit an fhís atá agat don todhchaí a chur in iúl. Féach an léarscáil chun teacht ar ghníomhaíochtaí a bheidh ar siúl gar duit!

Cén uair a bheidh an chéad bhabhta iarratais eile ar siúl?

Beidh sé ar siúl idir an 16 Aibreán 2024 ar 12:00:00 (meán lae, am na Bruiséile) agus an 30 Aibreán 2024 ar 12:00:00 (meán lae, am na Bruiséile). Beidh cnaipe ‘Déan iarratas anois’ le feiceáil ar an leathanach seo nuair a bheidh an tréimhse iarratais ar oscailt!

 

Cad é DiscoverEU?

Is gníomhaíocht de chuid chlár Erasmus+ é DiscoverEU a thugann deis duit eolas a chur ar éagsúlacht na hEorpa, foghlaim faoina hoidhreacht chultúrtha agus a stair, agus nascadh le daoine ó gach cearn den mhór-roinn.  

Déanfar pas taistil a thairiscint duit chun taisteal ar iarnród den chuid is mó. Féach leat na rialacha do dhaoine a chónaíonn ar oileáin nó i gceantair iargúlta.

I do cháil mar thaistealaí roghnaithe, gheobhaidh tú Cárta Óige Eorpach DiscoverEU chun an iliomad lascainí a fháil ar chuairteanna cultúrtha, gníomhaíochtaí foghlama, spórt, iompar áitiúil, lóistín agus bia.

 

Conas a fheidhmíonn sé?

Beidh tú incháilithe más rud é:

  • gur rugadh thú idir an 1 Iúil 2005 agus an 30 Meitheamh 2006, na dátaí sin san áireamh;
  • go líonann tú isteach an uimhir aitheantais (ID), uimhir phas nó uimhir an chárta cónaithe cheart ar an bhfoirm iarratais ar líne;
  • gur saoránach nó cónaitheoir fadtéarmach* thú de chuid ceann de na tíortha seo a leanas: 
    • ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, na Tíortha agus Críocha Thar Lear san áireamh nó      
    • ceann de na tríú tíortha atá bainteach le Clár Erasmus+: an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Tuirc. 

* Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Rialacha, roinn ‘2. Iarratasóirí incháilithe’

Ina dhiaidh sin, beidh ort páirt a ghlacadh i dtráth na gceist (ach amháin má chuireann tú isteach ar DiscoverEU mar bhall de ghrúpa).

I gcás ina roghnófar thú, beidh tú in ann taisteal ar feadh tréimhse nach lú ná aon lá amháin agus nach mó ná 30 lá idir an 1 Iúil 2024 agus an 30 Meán Fómhair 2025

Má tá míchumas ort nó má tá fadhb shláinte agat a fhágann go mbeidh an taisteal dúshlánach duit, gheobhaidh tú cúnamh agus tacaíocht. Féach ar C.13 sna Ceisteanna Coitianta le haghaidh tuilleadh eolais.

 

An féidir liom taisteal le mo chairde?

Is féidir é sin a dhéanamh! Is féidir leat taisteal i d’aonar freisin, nó suas le ceathrar cairde a chur le do ghrúpa ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta thuas. Bainfidh siad úsáid as do chód iarratais nuair a chuireann siad féin isteach ar an tionscnamh. Féach ar B.5 go B.11 sna Ceisteanna Coitianta le haghaidh tuilleadh eolais.

Is féidir leat pleananna taistil a nascadh le taistealaithe eile DiscoverEU! Is ardán maith é Grúpa DiscoverEU ar Facebook chun sin a dhéanamh. Glac páirt sa Ghrúpa anois chun comhrá a dhéanamh le rannpháirtithe eile.

A luaithe a roghnófar thú, cuideoidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ leat nascadh agus foghlaim trí chruinnithe réamhimeachta a eagrú agus taistealaithe a thabhairt le chéile sula n-imíonn siad.

 

Taithí a chomhroinnt

A luaithe a roghnaítear iad, is Ambasadóirí DiscoverEU iad na rannpháirtithe. Agus tú i d’Ambasadóir DiscoverEU, iarrfar ort do thaithí taistil a chomhroinnt ar na meáin shóisialta agus an haischlib #DiscoverEU a úsáid. Is féidir leat fiú cur i láthair a dhéanamh i do scoil nó sa cheantar ina bhfuil cónaí ort.

 

An bhfuil tuilleadh eolais uait?

An bhfuil suim agat sna tréimhsí iarratais a bhí ann cheana? Má tá, léigh bileoga eolais DiscoverEU, ina bhfuil tuilleadh sonraí faoin ngníomhaíocht agus faoin dóigh ar éirigh le roinnt daoine óga a chuaigh ag taisteal faoi DiscoverEU.

 

Tá an Eoraip faoi do réir. Imigh faoina déin.     

 

Físeán spreagúil TedX a rinne Vincent-Immanuel Herr