Skip to main content

About us

Maidir le Tairseach Eorpach na hÓige

Cuireann Tairseach Eorpach na hÓige eolas ar fáil ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta maidir le deiseanna agus tionscnaimh le haghaidh daoine óga atá ag cur fúthu, ag foghlaim agus ag obair san Eoraip.

Níl Tairseach Eorpach na hÓige dírithe ar dhaoine óga amháin ach ar pháirtithe leasmhara eile freisin atá ag obair in earnáil na hóige (eagraíochtaí óige, oibrithe óige, lucht ceaptha beartas, srl.).

 

Leagan amach an tsuímh

Is féidir leat teacht ar 4 phríomhchineál ábhair ar Thairseach Eorpach na hÓige, iad ar fad bailithe le chéile i rannáin ar leith: 

  • Leathanaigh théamacha a bhaineann le bearta an Aontais don óige: “Páirt a ghlacadh”
  • Leathanaigh théamacha a bhaineann le deiseanna chun dul go tír eile: “Taisteal go tír eile”
  • Leathanaigh maidir le cláir/tionscnaimh atá á maoiniú ag an Aontas: “Tionscnaimh AE”
  • Leathanaigh maidir le bearta: “Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh”

Sa bhreis ar na 4 phríomhchineál ábhair, is féidir leat scéalta agus teistiméireachtaí ó dhaoine óga a léamh, nuacht a léamh agus imeachtaí a sheiceáil. 

Sa rannán “Páirt a ghlacadh”, is féidir leat teacht ar ailt maidir le saoránacht ghníomhach, ó dhearcthaí difriúla, cuir i gcás:

  • Idirphlé Óige an Aontais
  • Rannpháirtíocht dhaonlathach
  • Do chearta agus cuimsiú
  • Rannpháirtíocht shibhialta
  • Forbairt inbhuanaithe
  • #EUYouth4Peace
  • Tuiscint idirchultúrtha
  • Spórt

Sa rannán “Taisteal go tír eile”, is féidir leat deiseanna difriúla a chuardach a bhaineann leis na rudaí seo a leanas: 

  • Staidéar a dhéanamh 
  • Obair dheonach a dhéanamh 
  • Tréimhsí oiliúna
  • Obair a dhéanamh 
  • Malartuithe scoile agus malartuithe don óige
  • Taisteal 

Is féidir teacht orthu ón leathanach baile nó ón bpríomh-roghchlár. 

Sa rannán “Tionscnaimh AE”, is féidir leat teacht ar eolas maidir leis na tionscnaimh dhifriúla agus na cláir dhifriúla atá á maoiniú ag an Aontas Eorpach, cuir i gcás Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, DiscoverEU, Malartú Fíorúil Erasmus+ agus go leor eile.

Sa rannán “Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh”, is féidir leat teacht ar eolas a bhaineann le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, arb é an creat é le haghaidh comhar ar bheartas óige an Aontais don tréimhse 2019-2027, bunaithe ar Rún ón gComhairle an 26 Samhain 2018.

Is féidir leat freisin an barra cuardaigh a úsáid chun teacht go héasca ar an eolas atá uait.

 

Teangacha

Tá nascleanúint agus ábhar an tsuímh ar fáil in suas le 28 dteanga. Is féidir leat an teanga a athrú ar leathanach ar bith ach cliceáil ar an roghnóir teanga. Nuair a dhéantar sin, athraítear teanga nascleanúna an tsuímh.

 

Cothabháil ábhair

Is é an Coimisiún Eorpach agus Líonra Eurodesk a dhéanann cothabháil ar ábhar an tsuímh seo. Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil ar an “bhFógra dlíthiúil” ag bun an leathanaigh seo.

 

Do cheisteanna a chur

Is féidir le daoine a thugann cuairt ar an Tairseach ceisteanna a chur isteach trí chliceáil ar an gcnaipe “Ceisteanna” agus an fhoirm a líonadh isteach in aon cheann de na teangacha a úsáidtear ar an Tairseach. Is é Líonra Eurodesk a thabharfaidh freagra ar na ceisteanna sin. 

 

Aiseolas

Má tá tuilleadh eolais uait maidir leis an Tairseach Eorpach don Óige, nó má tá tuairimí nó moltaí agat maidir leis an gcaoi le feabhas a chur air, ná bíodh drogall ar bith ort dul i dteagmháil linn tríd an nasc “Déan teagmháil linn” atá ag bun gach leathanaigh.

 

Is tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh é an Tairseach Eorpach don Óige.